Páirtí an Lucht Oibre (Éire)
Páirtí an Lucht Oibre | |
![]() | |
Ceannasaíocht | Brendan Howlin |
Bunaithe | 1912 |
Ceanncheathrú | 17 Plás Ely, BÁC 2 |
Idé-eolaíocht | Daonlathas sóisialta, Sóisialachas, Lar chlé |
Dáil Éireann | 7 / 158 |
Seanad Éireann | 4 / 60 |
Rialtas Áitiúil na hÉireann | 48 / 949 |
Parlaimint na hEorpa (Poblacht na hÉireann) |
0 / 11 |
Cleamhnas | Idirnáisiúntán Sóisialach |
Dathanna | Dearg |
Gréasáin | www.labour.ie |
Is páirtí polaitiúil Éireannach é Páirtí an Lucht Oibre (Béarla: The Labour Party ). Bunaíodh é sa bhliain 1914. Ba iad Séamas Ó Conghaile, Séamas Ó Lorcáin agus William O'Brien a bhí i mbun a bhunaithe agus a bhí chun tosaigh i stair luath an pháirtí.
De réir Bhunreacht an Pháirtí, is páirtí sóisialach daonlathach é Páirtí an Lucht Oibre. Seasann siad ar son "saoirse, comhphobal, ionnanas agus daonlathas."
Is é an páirtí is sine i bPoblacht na hÉireann. Bhí sé sa rialtas seacht n-uaire ó bunaíodh é - gach uair mar bhall sóisearach den chomhrialtas. Bhí Pádraic Ó Coinín ina cheannaire ar an pháirtí idir 2002 agus 2007.
Faoi láthair, tá 7 suíochán acu i nDáil Éireann, agus 4 i Seanad Éireann.
San Eoraip, tá siad ailínithe le Páirtí Sóisalach na hEorpa.
Clár ábhair
Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]
I dTús an 20ú hAois[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cé go raibh tacaíocht áirithe ag an bpáirtí seo thuaidh agus theas, níor toghadh aon bhall dá chuid sna Sé Chontae. Chinn siad gan seasamh in éadan Shinn Féin sna toghcháin i 1918 agus i 1921 i dTuaisceart Éireann agus d'fhág sin nach raibh aon duine acu sa Dáil[1]. Is soiléir anois go raibh an polasaí ina chonstaic mhór ar pháirtí nua a thosú.
Toghchán ceannaireachta, 2014[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 26 Bealtaine 2014, d'éirigh Mac Giollamóir mar cheannaire an pháirtí.
Iarrthóirí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Ceannasaíocht
- Leas-Cheannaire
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Cowman, Des (1991). Fianaise na Staire Iml. 3 : Gnéithe de Stair an 20ú hAois, Ar dTuiscint ar an Domhan Nua-Aoiseach. (An Gúm).
Ceannairí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Thomas Johnson (1922–1927)
- Thomas J. O'Connell (1927–1932)
- William Norton (1932–1960)
- Breandán Mac Fheorais (1960–1977)
- Frank Cluskey (1977–1981)
- Mícheál Ó Laoire (1981–1982)
- Risteard Mac An Earraigh (1982–1997)
- Ruairí Quinn (1997–2002)
- Pádraic Ó Coinín (2002–2007)
- Éamon Mac Giollamóir (2007–2014)
- Joan Burton (2014–2016)
- Brendan Howlin (2016-)
Leas-Cheannairí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- James Tully (1981–1982)
- Barry Desmond (1982–1989)
- Ruairí Ó Cuinn (1989–1997)
- Brendan Howlin (1997–2002)
- Liz McManus (2002–2007)
- Joan Burton (2007–2014)
- Alan Kelly (2014–)
Sa Rialtas[cuir in eagar | athraigh foinse]
- 1948–1951 le Fine Gael, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus Lucht Oibre Náisiúnta
- 1954–1957 le Fine Gael agus Clann na Talmhan
- 1973–1977 le Fine Gael
- 1981–1982 le Fine Gael
- 1982–1987 le Fine Gael
- 1992–1994 le Fianna Fáil
- 1994–1997 le Fine Gael agus Daonlathas Clé
- 2011– le Fine Gael
Suíomh Idirlín[cuir in eagar | athraigh foinse]
- http://www.labour.ie - Suíomh Oifigiúil
- http://www.labouryouth.ie - Suíomh Oifigiúil an Ógra na Lucht Oibre
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |