Séamus Ó Conghaile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Séamus Ó Conghaile
Connolly.james.jpg
Saol
Eolas breithe Dún Éideann, Meitheamh 5, 1868
Náisiúntacht Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann
Bás Baile Átha Cliath, Bealtaine 12, 1916
Áit adhlactha Reilig Mhíleata Chnoc an Arbhair
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás pionós an bháis (bású ag scuad lámhaigh)
Muintir
Céile/Céilí Lillie Connolly (en) Aistrigh
Páistí
Oideachas
Teangacha Esperanto
An Béarla
Gairm
Gairm Easparantóir, polaiteoir agus ceardchumannaí
Seirbhís mhíleata
Brainse míleata Arm na Breataine
Throid sé/sí ag An Chéad Chogadh Domhanda
Creideamh
Páirtithe polaitíochta Irish Socialist Republican Party (en) Aistrigh
James Connolly signature.jpg

Ba cheannaire sóisialach Éireannach é Séamas Ó Conghaile (Béarla: James Connolly 5 Meitheamh, 1868 - 12 Bealtaine, 1916) a rugadh i nDún Éideann na hAlban le tuismitheoirí Éireannacha. Bhunaigh Ó Conghaile an tArm Cathartha i mBaile Átha Cliath i 1913, i rith an Fhrithdhúnadh.

Mar Leas-Uachtarán Rialtas Sealadach Phoblacht na hÉireann agus Mar Cheannfort-Ghinearál ar Bhriogáid Bhaile Átha Cliath d’Arm Phoblacht na hÉireann, stiúir sé an gníomh míleata le linn Éirí Amach na Cásca 1916.

Lámhachadh é leis na ceannairí eile i bPríosún Cill Mhaighneann, agus é ina shuí ar chathaoir, gortaithe go dona san Éirí Amach nach raibh sé in ann seasamh.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Séamas Ó Conghaile ag 107 Cowgate, sluma Éireannach i nDún Éideann thiar sa bhliain 1868. Mac le heisimircigh Chaitliceacha ó Chontae Mhuineacháin a bhí ann, John Connolly, carraeir, agus a bhean Mary McGinn.[1] Chuireadar futhú i ngeiteo sa chathair a bhí lán le hÉireannaigh eile.

Saothraithe bochta a bhí iontu den chuid ba mhó. Oileadh sa scoil Chaitliceach áitiúil é. Chuaigh Séamas ag obair in aois a chéad bhliain déag.

Mar thoradh ar an mbochtanas agus an easpa oibre sa cheantar, chláraigh seisean agus a dheartháir ní ba shine John, le hArm na Breataine. Chaith sé seacht mbliana in Éirinn.

Chuaigh sé ar ais go Dún Éideann i 1890 agus bhí sé an-ghníomhach sa pholaitíocht shóisialach. Mhúin sé é féin, léigh sé go cíocrach faoin stair, faoin pholaitíocht, faoin eacnamaíocht agus faoin sóisialachas.

1896ː Baile Átha Cliath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig sé go Baile Átha Cliath i 1896, áit ar bhunaigh sé an Páirtí Sóisialach Poblachtach agus d’'fhoilsigh sé an nuachtán The Workers’ Republic. Chuir sé i gcoinne an Rialtas Dúchais mar go raibh sé ní b'fhearr don mheánaicme, caipitlíoch agus nach dóchúil go gcuirfeadh sé athchóiriú sóisialta chun cinn.[1]

James Connolly-1.1.jpg

1903ː Nua-Eabhrac[cuir in eagar | athraigh foinse]

I 1903, chaith Ó Conghaile trí mhí sna Stáit Aontaithe ar chamchuairt léachta; an bhliain dar gcionn thug sé leis a theaghlach le cónaí leis i Nua-Eabhrac, áit a raibh sé gníomhach i gciorcail náisiúnacha agus sóisialacha Éireannacha.

Éirí Amach 1916
James Connolly (42977577792).png

Comhbhunaitheoir ba ea é ar an ngrúpa sindeacáiteach an Industrial Workers of the World (‘the Wobblies’) agus é ina eagraí i Nua-Eabhrac. Bhí sé ina eagraí náisiúnta chomh maith ar Pháirtí Sóisialach Mheiriceá. I 1907, bhunaigh Ó Conghaile an Irish Socialist Federation agus chuir sé a n-iris The Harp in eagar a bunaíodh i 1908. Fad is a bhí sé i Meiriceá, scríobh sé roinnt dá shaothair is mó aithne orthu, lena n-áirítear Labour in Irish History, a raibh an-tionchar aige ar smaointeoireacht Phádraig Mhic Phiarais, agus a phoileimic cháiliúil, Labour Nationality and Religion, ar foilsíodh an dá cheann díobh i mBaile Átha Cliath i 1910.[1]

1910ː ar ais in Eirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’'fhill Ó Conghaile ar Éirinn i 1910 agus d’oibrigh sé ar dtús mar eagraí Bhéal Feirste do Cheardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann, a bhunaigh Jim Larkin.

Bhog sé go Baile Átha Cliath, bhí sé mar thánaiste ag Larkin i rith frithdhúnadh 1913. Nuair a chuaigh Larkin chuig na Stáit Aontaithe i 1914, tháinig Ó Conghaile i gcomharbacht air mar cheannaire ar an ITGWU agus bhí sé ina eagarthóir ar an Irish Worker.

Bhí sé in cheannfort chomh maith in Arm Cathartha na hÉireann, a cuireadh le chéile chun oibrithe a chosaint i rith fhrithdhúnta 1913.

Bhí alltacht ar Ó Conghaile nuair a thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda i Lúnasa 1914 agus sheol sé feachtas frithearcaíochta. Cheap sé gurb é an réabhlóid an t-aon rogha polaitiúil agus in Eanáir 1916 tháinig sé ar chomhaontú le ceannaireacht Bhráithreachas Phoblacht na hÉireann le haghaidh comhéirí amach idir Óglaigh na hÉireann agus an ICA, agus ansin comhthoghadh ar Chomhairle Mhíleata an IRB é a bhí bainteach sa réiteach don Éirí Amach. [1]

1916[cuir in eagar | athraigh foinse]

Mar aon le Mac Diarmada agus Pluincéad, bhí ról ceannasach aige sa réiteach deiridh. Bhí sé freagrach chomh maith, dar ndóigh, as meitheal 200-250 den ICA a bhí ann ar an lá. Bhí ionchur aige le hábhar Fhorógra Phoblacht na Éireann a dhréachtaigh Mac Piarais, go háirithe na gnéithe sóisialacha, feimineacha agus cothromaíocha. Bhí sé ina Leas-Uachtarán ar an Rialtas Sealadach.[1]

I rith an Éirí Amach, bhí Ó Conghaile in Ard-Oifig an Phoist le formhór na mball den Rialtas Sealadach. Mar Cheannfort-Ghinearál ar rannóg Bhaile Átha Cliath d'’Arm Phoblacht na hÉireann, stiúir sé oibríochtaí míleata.

Ar an Déardaoin de Sheachtain na Cásca gortaíodh a rúitín go dona taobh amuigh d’'Ard-Oifig an Phoist, ach d’fhan sé i gceannas.

Bású[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tar éis an ghéillte, cúisíodh le triail armchúirte é. Cé go raibh sé gortaithe go dona, cuireadh chun báis le scuad lámhaigh é i bPríosún Chill Mhaighneann ar an 12 Bealtaine. Ba é féin agus Seán Mac Diarmada an bheirt dheireanach a cuireadh chun báis.[1]

D'fhág sé a bhean Lillie Reynolds agus a leanaí, a mhac Rory, a thug seirbhís leis in Ard-Oifig an Phoist ina dhiaidh.

Mioneolas[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bhí Séamus Ó Conghaile ar dhuine den bheirt cheannairí in Éirí Amach 1916 a raibh an teanga idirnáisiúnta Esperanto acu.[2]
  • Sa bhliain 1966, athainmníodh Stáisiún Traenach Amiens Street i mBaile Átha Cliath go dtí "Stáisiún Uí Chonghaile" (Béarla: Dublin Connolly).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 1.5 National Library of Ireland (2016). "Séamus Ó Conghaile - 1916 Exhibition". www.nli.ie. Dáta rochtana: 2021-05-12.
  2. Cumann Esperanto na hÉireann [1]



Éirí Amach na Cásca
Daoine a shínigh Forógra na Poblachta (curtha chun báis)

Pádraig Mac Piarais | Tomás Ó Cléirigh | Tomás Mac Donnchadha | Seosamh Pluincéad | Éamonn Ceannt | Seán Mac Diarmada | Séamas Ó Conghaile

Daoine eile a cuireadh chun báis

Éamonn Ó Dálaigh | Liam Mac Piarais | Mícheál Ó hAnnracháin | Seán Mac Giolla Bhríde | Mícheál Ó Mulláin | Conchur Ó Colbaird | Seán Heuston | Tomás Ceannt | Ruairí Mac Easmainn

Éireannaigh mór le rá eile

Éamon de Valera | Constance Markiewicz | Mícheál Seosamh Ó Rathaille | Eoin Mac Néill | Éamonn Bulfin | Cathal Brugha | Risteard Ó Maolchatha | Liam Ó Maoilíosa | Seán Mac an tSaoi | Tomás Mac Curtain | Tomás Ághas | Máirtín Sabhaois | Proinsias Mac Síthigh-Sceimhealtún | Helena Ní Maolomhnaigh