Clann na Poblachta

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaClann na Poblachta
Sonraí
Ainm gearrCnaP Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálpáirtí polaitíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Idé-eolaíocht pholaitíochtaPoblachtánachas in Éirinn
daonlathas sóisialach Cuir in eagar ar Wikidata
Ailíniú polaitíochtaar chlé ón lár Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh6 Iúil 1946
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte10 Iúil 1965 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Dath     Cuir in eagar ar Wikidata
13ú Dáil. An Dáil ar an 18 Feabhra 1948. Bhí seachtar i gClann na Poblachta (dath = bánghlas)

Páirtí polaitiúil Éireannach ab ea Clann na Poblachta.

Stair an pháirtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhunaigh gníomhaithe poblachtaigh Seán Mac Giolla Bhríde (Béarla: Seán MacBride), Nollaig Hartnett, Seán Mac Uighilín (Béarla:Jack McQuillan) agus Micheál Ó Ceallaigh an páirtí sa bhliain 1946. Ba é Mac Giolla Bhríde ceannaire an pháirtí. Thacaigh a lán daoine a bhí míshásta le Fianna Fáil leis an gClann agus d'fhás an páirtí go tapaigh. Bhuaigh an páirtí dhá fhothoghchán sa bhliain 1947. Ghair De Valera olltoghchán go luath sa bhliain 1948 chun cur isteach ar fhás an pháirtí nua. Fuair Clann na Poblachta 13.2% de na vótaí san olltoghchán agus 10 suíochán sa Dáil.

Bunaíodh an chéad rialtas idirpháirtí tar éis an olltoghcháin. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí an Lucht Oibre Náisiúnta, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus roinnt Teachtaí neamhspleácha le chéile chun Fianna Fáil a chur as oifig. Ba é Seán A Mac Coisdealbha Taoiseach an rialtais nua mar níorbh fhéidir le Clann na Poblachta glacadh le ceannaire Fhine Gael, Risteard Ó Maolchatha. Fuair an Clann dhá áit sa chomh-aireacht - ceapadh Mac Giolla Bhríde mar Aire Gnóthaí Eachtracha agus ceapadh Nollaig de Brún mar Aire Sláinte.

D'fhág Éire an Comhlathas Briotanach sa bhliain 1949.

D'éirigh de Brún as an rialtas agus as an gClann sa bhliain 1951 nuair nár thacaigh an rialtas leis an Scéim Máthar agus Linbh. Bhí easaontas sa Chlann maidir leis an scéim freisin - bhí an Eaglais go mór in éadan na scéime agus níor thacaigh Mac Giolla Bhríde le de Brún.

Tháinig meath ar an bpáirtí tar éis na conspóide agus ní bhfuair an páirtí ach 4.1% de na vótaí agus 2 shuíochan sa Dáil sa chéad olltoghchán eile (níos déanaí sa bhliain 1951). Toghadh de Brún mar Theachta Dála neamhspleách.

Ghlac Clann na Poblachta páirt i dtoghcháin suas go dtí 1965 ach bhí an páirtí i gcónaí i bhfad níos laige na mar a bhí sé ar dtús.

Olltoghcháin (1948-1965)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Torthaí Chlann na Poblachta in olltoghcháin

  • 1948 13.2% de na vótaí agus 10 dTeachta Dála
  • 1951 4.1% de na vótaí agus 2 Theachta Dála
  • 1954 3.8% de na vótaí agus 3 Theachta Dála
  • 1957 1.6% de na vótaí agus 1 Theachta Dála
  • 1961 1.1% de na vótaí agus 1 Theachta Dála
  • 1965 0.8% de na vótaí agus 1 Theachta Dála

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]