Seán A Mac Coisdealbha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán A Mac Coisdealbha
US visit of Taoiseach Costello in 1956 (cropped).jpg
3. Ard-Aighne na hÉireann

Eanáir 9, 1926 - Márta 9, 1932
John O'Byrne - Conor Maguire
Teachta Dála

Feabhra 8, 1933 - Meán Fómhair 8, 1933
Dúiche: Contae Átha Cliath
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1933
Teachta Dála

Meán Fómhair 8, 1933 - Meitheamh 14, 1937
Dúiche: Contae Átha Cliath
Teachta Dála

Iúil 21, 1937 - Bealtaine 25, 1938
Dúiche: Fo-Bhailte Bhaile Átha Cliath
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1937
Teachta Dála

Meitheamh 30, 1938 - Bealtaine 26, 1943
Dúiche: Fo-Bhailte Bhaile Átha Cliath
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1938
Teachta Dála

Meitheamh 9, 1944 - Nollaig 11, 1947
Dúiche: Fo-Bhailte Bhaile Átha Cliath
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1944
Taoiseach

Feabhra 18, 1948 - Meitheamh 13, 1951
Éamon de Valera - Éamon de Valera
Teachta Dála

Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1948
An tAire Sláinte

Aibreán 12, 1951 - Meitheamh 13, 1951
Nollaig de Brún - James Ryan
Teachta Dála

Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Taoiseach

Meitheamh 2, 1954 - Márta 20, 1957
Éamon de Valera - Éamon de Valera
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
Teachta Dála

Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1957
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Teachta Dála

Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969
Dúiche: Baile Átha Cliath Thoir Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Saol
Eolas breitheBaile Átha Cliath, 20 Meitheamh 1891
NáisiúntachtÉire
Saorstát Éireann
BásBaile Átha Cliath, 5 Eanáir 1976
Áit adhlacthaReilig Ghráinseach an Déin
Muintir
Céile/CéilíIda Mary O'Malley (en) Aistrigh
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Scoil Iósaif an Fhionnradharc
Gairm
Gairmpolaiteoir agus abhcóide
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinCaitliceachas
Páirtithe polaitíochtaFine Gael

B'é Seán A Mac CoisdealbhaJohn A. Costello[1] (20 Meitheamh, 1891 - 5 Eanáir, 1976) an 2ú Taoiseach.[2] Chomh maith le gairm fhada agus rathúil mar abhcóide (glaodh chun an Bharra Lasitigh i 1925 air), bhí sé ina Ard-Aighne na hÉireann1926 go 1932) agus ina Theachta Dála (1933-1969) agus ina Thaoiseach faoi dhó (1948-51 agus 1954-57).[3]

John A. Costello agus garda onóra (na Gardaí) i gContae Dhún na nGall, 1950idí

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Saolaíodh Seán Alabhaois Mac Coisdealbha i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1891. Fuair sé a chuid scolaíochta ag Scoil Úí Chonaill (scoil de na Bráithre Críostaí) i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath. Rinne sé staidéar ar stair, ar theangacha agus ar litríocht i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bronnadh céim Bhaitsiléir na n-Ealaíon air sa bhliain 1911.

Bhí an Coisdealbhach ar na chéad daoine a bhain céim amach sa Dámh an Dlí UCD nuabhunaithe (LLB 1914). Rinne sé staidéar ag Óstaí an Rí chun bheith ina abhcóide. Bhuaigh sé duais Victoria sna blianta 1913 agus 1914. Bronnadh céim dlí air agus cháiligh sé mar abhcóide sa bhliain 1914 agus d'oibrigh sé mar abhcóide ó shin go 1922.

Phós sé Ida Mary O'Malley ar an 31 Iúil 1919. Bhí triúr mac agus beirt iníonacha acu.

Saorstát Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh Mac Coisdealbha ag obair i bhfoireann Ard-Aighne Shaorstát Éireann sa bhliain 1922. Bhí an stát nuabhunaithe ag an am. Cháiligh sé mar abhcóide sinsear trí bliana ina dhiaidh sin agus ceapadh mar Ard-Aighne do rialtas Chumann na nGaedhael é sa bhliain 1926. Tar éis an cheapacháin, bhí sé mar ionadaí don Saorstát ag cruinnithe Chonradh na Náisiún agus ag cruinnithe an Choinfearaidh Impiriúil.

Toghadh an Coisdealbhach mar Bhinseoir de Chumann Onórach Ostaí an Rí freisin. Chaill sé a phost mar Ard-Aighne tar éis bua Fhianna Fáil in olltoghchán 1932 ach toghadh mar Theachta Dala de Chumann na nGaedhael (agus d'Fhine Gael tar éis bunaithe an pháirtí sin) é in olltoghchán na bliana ina dhiaidh sin (1933).

Cháin sé an tAcht Cumhachtaí Práinne, 1939, go géar i ndíospóireacht Dála. Cheap sé gur thug an tAcht an iomarca cumhachta don rialtas. Chaill sé a shuíochán Dála sa bhliain 1943 ach d'athghabh sé an suíochán in olltoghchán na bliana 1944. Ba urlabhraí Gnóthaí Eachtracha Fhine Gael é ó 1944 go 1948.

Ba é Fianna Fáil an páirtí is mó tar éis olltoghcháin 1948 ach ní raibh móramh de ne suíocháin acu. Tháinig na páirtithe eile (Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre, Páirtí Náisiúnta an Lucht Oibre, Clann na Poblachta, Clann na Talmhan agus roinnt Teachtaí neamhspleácha) le cheile chun an chéad rialtas idirpháirtí a chruthú. Cuireadh Fianná Fáil as oifig tar éis iad a bheith i gceannas ar feadh 16 bhliain.

Taoiseach (1948-1951)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tugadh post an Taoisigh d'Fhine Gael mar ba é Fine Gael an páirtí is mó sa chomhrialtas. Ba é Risteard Ó Maolchatha ceannaire Fhine Gael ach níorbh fhéidir le Clann na Poblachta glacadh leis mar Thaoiseach ó thaobh an pháirt a bhí aige sa Chogadh Cathartha. Sheas ó Maolchatha síos agus ceapadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach.

Cuairt ar SAM, 1956

Fógairt na Poblachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Gheall Clann na Poblachta roimh an olltoghcháin go n-athghairfidís an tAcht Caidrimh Eachtraigh (1936) ach níor chuir siad béim ollmhór ar an ábhar ag bunú an rialtais. Níor thaitin an tAcht le Mac Coisdealbha nó le Liam Ó Neachtain (Tánaiste agus ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre) ach oiread. Phlé an chomh-aireacht an tAcht ach níor tháinig siad ar aon chinneadh.

Bhí Mac Coisdealbha ar chuairt oifigiúil go Ceanada i rith mí Meán Fómhair 1948 nuair a chuir iriseoir ceist air maidir le fágail an Chomhlathais Bhriotanaigh. D'fhreagair Mac Coisdealbha go poiblí go raibh an rialtas chun an tAchta a athghair agus chun Poblachta a fhógairt.

Tháinig sin aniar aduaidh ar airí an rialtais agus ar rialtas na Ríochta Aontaithe freisin. Tar éis fógartha na Poblachta sa bhliain 1949 chuir an Ríochta Aontaithe an Ireland Act i bhfeidhm. Dhaingnigh an tAcht stádas Tuaiscirt Éireann sa Ríocht Aontaithe agus thug sé cearta éagsúla do shaoránaigh na Poblachta a bhí ina gcónaí sa Bhreatain. D'fhág Éire an Comhlathas ar 18 Aibreán 1949 (Luan Cásca) nuair a cuireadh an tAcht Phoblacht na hÉireann (1948) i bhfeidhm. Ghearr an tAcht an tsrian bhunreachtúil dheireanach idir an stát agus an Ríocht Aontaithe.

Garraithe na Lus, Glas Naíon

Scéim Máthar agus Linbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug an tAire Sláinte, Nollaig de Brún (Clann na Poblachta) an Scéim Máthar agus Linbh isteach sa bhliain 1950. Thabharfadh an scéim cúram máithreachais saor in aisce do mháithreacha agus cúram sláinte saor in aisce dá bpáistí go dtí go raibh siad 16 bliana d'aois.

Bhí na dochtúirí agus an Eaglais Caitliceach go mór in éadan na scéime. Cheap na dochtúirí go n-ísleodh an scéim a dteacht isteach agus bhí eagla ag na heaspaig go bhfágfaí an bealach don fhrithghiniúint agus don ghinmhilleadh. Bhí scoilt sa Chomh-Aireacht maidir leis an scéim. Cheap roinnt Airí nach bhféidir leis an stát costas na scéime a íoc. Chuir Mac Coisdealbha agus Airí eile in iúl do de Brún nach seasfaidís leis. D'éirigh de Brún as mar Aire ar an 11 Aibreán 1951 agus cealaíodh an scéim. D'fhoilsigh de Brún a chomhfhreagras le Mac Coisdealbha agus leis na heaspaig.

Éifeacht an Rialtais[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'éirigh go maith leis an rialtas i slite éagsúla:-

Olltoghchán 1951[cuir in eagar | athraigh foinse]

Logo of the Department of the Taoiseach as of April 2018.png
Roinn an Taoisigh

Cé gur buille don rialtas é an chonspóid maidir leis an Scéim Máthar agus Linbh, ní raibh sé ina buille marfach. Lean an rialtas ar aghaidh ar feadh tamaill ach bhí praghsanna ag ardú, bhí géarchéim chomhardaithe na n-íocaíochtaí ag teacht agus d'aistarraing dhá Theachta Dála a dtacaíocht.

Chuir sin brú ar Mhac Coisdealbha agus ghair sé olltoghchán i mí Meitheamh, 1951. Bhí toradh éiginntitheach ag an toghchán ach bhí Fianna Fáil ábalta rialtas a chruthú. D'éirigh Mac Coisdealbha as mar Thaoiseach. Toghadh mac Mhic Coisdealbha, Deaglán, mar Theachta Dála don chéad uair san olltoghchán seo.

Roinn Ó Maolchatha agus Mac Coisdealbha ceannaireacht Fhine Gael. Ba é Ó Maolchatha ceannaire an pháirtí agus ba é Mac Coisdealbha ceannaire an pháirtí pharlaimintigh.

Mhair rialtas Fhianna Fáil ar feadh trí bliana.

Taoiseach (1954-1957)[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chaill Fianna Fáil suíocháin in olltoghchán 1954 de bharr fadhbanna eacnamaíochta na tíre. Tháinig Fine Gael, Páirtí an Lucht Oibre agus Clann na Talmhan le chéile i gcomhrialtas nua. Athtoghadh Mac Coisdealbha mar Thaoiseach. Níorbh fhéidir leis an rialtas nua mórán a dhéanamh chun an gheilleagair a fheabhsú agus ní raibh siad ábalta an dífhostaíocht nó an eisimirce a laghdú. Chuaigh Éire isteach sa Náisiúin Aontaithe sa bhliain 1955.

Chuir Óglaigh na hÉireann (an tIRA) feachtas míleata nua ar bun sa bhliain 1956. Sheas an rialtas go láidir in éadan na hÓglaigh.

Olltoghchán 1957[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Seán Mac Giolla Bhríde (ceannaire Chlann na Poblachta) rún mímhuiníne isteach ó thaobh lagaithe an gheilleagair. Thug Fianna Fáil rún mímhuiníne isteach freisin. Ghair Mac Coisdealbha olltoghchán mar bhí sé beagnach cinnte go gcaillfeadh an rialtas vóta Dála. Bhain Fianna Fail móramh iomlán amach san olltoghchán.

Éirí As[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'fhill Mac Coisealbha ag an dlíodóireacht agus d'éirigh go maith leis arís. D'éirigh Ó Maolchatha as mar cheannaire an pháirtí sa bhliain 1959 agus tháinig Seámus Maitiú Diolún i gcomharbacht air. D'fhill Mac Coisdealbha go dtí na cúlbhinsí ag an am céanna. D'fhan sé mar Theachta Dála go dtí olltoghchán na bliana 1969. Tháinig Gearóid Mac Gearailt i gcomharbacht air ina dháilcheantar, Baile Átha Cliath Thoir Theas.

Ba bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é ó 1948. Bhronn Baile Átha Cliath saoirse na cathrach ar Mac Coisdealbha agus ar Éamon De Valera i mí Márta 1975. Bhronn roinnt ollscoileanna sna Stáit Aontaithe dámhachtainí air freisin.

Fuair sé bás ar an 5 Eanáir 1976, in aois 84 bliain dó.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. A mar Aloysius
  2. Cartlann COBÁC. "John A. Costello Papers". Dáta rochtana: 2021.
  3. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "John A. Costello". Dáta rochtana: 2021.