Nollaig de Brún

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Dochtúir agus polaiteoir Éireannach ab ea Nollaig Críostóir de Brún (Béarla: Noel Christopher Browne) 20 Nollaig 1915 - 21 Bealtaine 1997. Ba cheann den chúigear Teachtaí Dála é a bhí ceapaithe mar Aire ar a gcéad lá sa Dáil. Rinne a Scéim Máthar agus Linbh a lán dochair don rialtas idirpháirtí 1948-1951.

Ba ionadaí conspóideach é i gcónaí. Ba Theachta Dála é do chúig pháirtí polaitiúil - Clann na Poblachta (caite amach), Fianna Fáil (caite amach), Daonlathaithe Forchéimnitheacha Náisiúnta (comh-bhunaitheoir), Páirtí an Lucht Oibre (caite amach) agus Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre (comh-bhunaitheoir).

Tús a Shaoil[athraigh | edit source]

Rugadh Nollaig de Brún i bPort Láirge agus d'éirigh sé aníos i nDoire, in Áth Luain agus i mBaile an Róba. Ba chigire don NSPCC a athair agus, ceaptar mar thoradh dá chuid oibre, bhí an teaghlach buailte ag an ngalar eitinn. Fuair a thuismitheoirí bás sna 1920í agus fuair cuid eile den chlann bás freisin. Ligeadh isteach saor in aisce dó go St. Anthonys, scoil in Eastbourne, Sasana. Bhuaigh sé scoláireacht do Beaumont College, scoil de chuid na nÍosánach gar do Old Windsor, Berkshire. Bhí cara aige sa scoil sin darbh ainm Neville Chance, buachaill ó Bhaile Átha Cliath. D'íoc athair Neville Chance, an máinlia Arthur Chance, as costas oiliúna de Brúin i gColáiste na Trionóide ina dhiaidh sin, áit ina bhain sé céim dochtúireachta amach.

Bhí de Brún buailte ag an eitinn arís sa bhliain 1940 agus é fós ina mhacléinn. D'íoc an teaghlach Chance as cúrsa leighis a cuireadh air i sanatóir i Midhurst, Sussex. D'éirigh sé sna scrúdaithe dochtúireachta sa bhliain 1942, tar éis dó filleadh ar a sheanléim, agus thosaigh sé ag obair mar imtheorannach leighis in Ospuidéal Dr Steevens i mBaile Átha Cliath. D'oibrigh sé i roinnt mhaith sanatóirí in Éirinn agus i Sasana ina dhiaidh sin agus chonaic sé léirscrios na heitinne. Thuig sé nach féidir leis dul i ngleic leis an ngalar gan páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta. Chuaigh se isteach i bpáirtí nua poblachtánach, Clann na Poblachta agus toghadh é don Dáil in olltoghchán 1948. Chuir ceannaire an pháirtí, Seán Mac Giolla Bhríde, ionadh ar dhaoine nuair a roghnaigh sé de Brún mar cheann den dá airí a bhí ag an bpáirtí sa chomhrialtas idirpháirtí a tháinig isteach. Ceapadh é mar Aire Sláinte.

Aire Sláinte[athraigh | edit source]

Thóg an rialtas imithe an tAcht Sláinte 1947 isteach tar éis dóibh Páipéar Bán a ullmhú. Ceapadh de Brún mar Aire Sláinte i mí Feabhra 1948 agus thosaigh sé ag cur na leasaithe i bhfeidhm a bhí molta ag an bpáipéar bán agus a thóg an tAcht isteach.

Thosaigh sé ar na leasaithe ag am céanna a bhí drugaí nua ar fáil (BCG agus an phenicillin, mar shampla). Bhí na drugaí nua ábalta galair éagsúla a leigheas, rud a bhí do-dhéanta roimhe sin. Chuir de Brún scéim scagthastála don eitinn ar bun a bhí saor in aisce don phobail. Dhíol sé achmainní na roinne chun íoc as a fheachtas, a d'ísligh go mór ráta na heitinne in Éirinn.

Rinne sé iarracht an Scéim Máthar agus Linbh a chur i bhfeidm. Chuirfeadh an scéim cúram sláinte saor in aisce ar fáil, coincheap raidiceach ag an am. Chuir an Eaglais agus na dochtúirí in aghaidh na scéime agus níor thacaigh na h-airí rialtais eile leis. D'éirigh sé as mar Aire Sláinte ar an 11 Aibreán 1951. Díbríodh é ó Chlann na Poblachta ach toghadh é mar Theachta Dála neamhspleách ag an chéad olltoghchán eile. Cé gur toghadh é go rialta ina dhiaidh sin, bhí sé i gcónaí ar imeall na polaitíochta.

Sa bhliain 1949, ba é an t-aon aire rialtais a bhí i láthair ag sochraid Phrotastúnach (Eaglais na hÉireann) Dhubhghlas de hÍde.

Cé gur theip ar de Brún leis an Scéim Máthar agus Linbh, chuir an chéad rialtas eile (rialtas Fhianna Fáil) roinnt de na polasaithe céanna i bhfeidhm.

Níos déanaí sa pholaitíocht[athraigh | edit source]

Chuaigh de Brún isteach i bhFianna Fáil sa bhliain 1953 ach chaill sé a shuíochán Dála in olltoghchán 1954. Caitheadh amach ó Fhianna Fáil é níos déanaí. Toghadh é mar iarrthóir neamhspleách in olltoghchán 1957. Bhunaigh sé na Daonlathaithe Forchéimnitheacha Náisiúnta le Jack McQuillan sa bhliain 1958. Toghadh arís é in olltoghchán 1961. Chuaigh de Brún agus McQuillan isteach i bPáirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1963. Dhíscoir siad na Daonlathaithe Forchéimnitheacha Náisiúnta. Chaill de Brún a shuíochán in olltoghchán 1965 ach toghadh é arís in olltoghchán 1969. Ní bhfuair sé ainmniúchán ón bpáirtí d'olltoghchán 1973 ach toghadh é do Sheanad Éireann. Caitheadh amach ó Phairtí an Lucht Oibre é go luath ina dhiaidh sin. Bhain sé suíochán Dála amach arís in olltoghchán 1977 mar iarrthóir neamhspleách. Bhunaigh sé páirtí nua, Páirtí Soisialach an Lucht Oibre, ach ba é de Brún an t-aon TD a bhí ag an bpáirtí. D'éirigh sé as an pholaitíocht ag olltoghchán Mhí Feabhra 1982.

Uachtaránacht 1990[athraigh | edit source]

Rinneadh roinnt ball ar eite chlé Pháirtí an Lucht Oibre iarracht ainmniúchán a fháil do de Brún do thoghchán uachtaránach 1990. Cé nach raibh sláinte de Brúin ró-mhaith, bhí sé sásta a ainm a chur san áireamh. Ní raibh ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre sásta áfach - bhí sé beartaithe acu cheana féin go mbeadh Máire Mhic Róibín iarrthóir an pháirtí. Cheap siad nach raibh meas ag de Brún don pháirtí agus go mbeadh sé uafásach mar iarrthóir. Nuair a d'inis Risteard Mac An Earraigh do de Brún nach mbeadh sé roghnaithe mar iarrthóir an pháirtí chuir de Brún an fón síos. Thacaigh de Brún le iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie. Bhí sé i gcónaí ag gearán faoi Mhic Róibín go dtí deireadh a shaol seacht mbliana ina dhiaidh sin.

Pearsantacht de Brúin[athraigh | edit source]

Is beag duine in Éirinn na 20ú aoise a bhí chomh conspóideach le de Brún. Ba liobrálaí dinimiciúil é a sheas an fód in éadan an Chaitliceachais choimeádaigh de réir a lucht leanúna. Ba dhuine neamhfhorasta conróideach é agus bhí sé féín freagrach don chuid is mó de na deacrachtaí a bhí aige de réir a chuid naimhde.

Foilsíodh a fhéinbheathaisnéis Against the Tide sa bhliain 1986, rud a tharraing níos mó conspóide air. Cheistigh roinnt staraithe, Dr Ruth Barrington ina measc, iontaofacht an leabhair.

Tar éis dó éirí as, bhog de Brún go dtí Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe lena bhean Phyllis. Fuair sé bás ann ar 21 Bealtaine 1997 agus é 81 bhliain d'aois.


Naisc Sheachtracha[athraigh | edit source]