Brian Pádraig Ó Luineacháin
Polaiteoir Éireannach ba ea Brian Ó Luineacháin (Béarla: Brian Lenihan) (17 Samhain, 1930 - 1 Samhain, 1995), a bhí ina bhall den pháirtí Fianna Fáil. Bhí gairm pholaitiúil fhada aige, ó 1964 go dtí a bhás i 1995. Bhí Ó Luineacháin ina sheanadóir faoi dhó, ina Thánaiste idir 1987 agus 1990, agus ina iarrthóir don thoghchán Uachtaráin na hÉireann i 1990. Fear éirimiúil, gealgháireach a raibh aithne mhaith ag an bpobal air ab ea é.
B'as teaghlach cáiliúil polaitiúil é Ó Luineacháin. Teachtaí Dála ab ea a athair Patrick Lenihan agus a dheirfiúr Máire Uí Ruairc. Tá beirt mhac aige a bhí sa rialtas go dtí gur briseadh ar Fianna Fáil agus na Glasaigh san olltoghcháin sa bhliain 2010, Brian Óg Ó Luineacháin agus Conor Ó Luineacháin.
Scannal
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ba é Brian Ó Luineacháin, an Tánaiste ag an am, an t-iarrthóir a bhí ag Fianna Fáil i dtoghchán na huachtaránachta. Bhíothas cinnte ag tús an fheachtais gur aige a bheadh an bua. Bhí Ó Luineacháin i bhfad chun cinn sna pobalbhreitheanna.
Ach ar 26 Deireadh Fómhair 1990, bhris an scannal "on mature recollection" amach.[1][2] Ach thug na bréaga ó Brian Lenihan seans do Mháire Mhic Róibín (duine ón taobh amuigh ag an am). Sa deireadh, ba í Máire Mhic Róibín an chéad bhean agus an chéad iarrthóir ó Pháirtí an Lucht Oibre a bhain amach post na hUachtaránachta in Éirinn.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Brian Lenihan Jr (aire airgeadais, 2008-2011)
- Baile Átha Cliath Thiar (Dáilcheantar)
- Polaiteoirí i mBaile Átha Cliath Thiar
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "SCANNAL Mature Recollection | RTÉ Presspack". presspack.rte.ie. Dáta rochtana: 2020-10-26.
- ↑ Newstalk. "All the President's man: How a scandal surrounding a student interview kept Brian Lenihan out of the Ãras". Newstalk. Dáta rochtana: 2020-10-26.
Gairm pholaitiúil
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1964-1968: Aire Dlí agus Cirt
- 1968-1969: Aire Oideachais agus Eolaíochta
- 1969-1973: Aire Iompair
- 1973: Aire Gnóthaí Eachtracha
- 1973-1977: Ceannaire Seanad Éireann
- 1977-1979: Aire Foraoiseacht agus Iascaigh
- 1979-1981: Aire Gnóthaí Eachtracha
- 1982: Aire Talmhaíocht
- 1983-1987: Leas cheannaire Fianna Fáil
- 1987-1989: Aire Gnóthaí Eachtracha
- 1989-1990: Tánaiste agus Aire Dlí agus Cirt
- Básanna i 1995
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath
- Baile Átha Cliath Thiar
- Baill den 17ú Dáil
- Baill den 18ú Dáil
- Baill den 19ú Dáil
- Baill den 21ú Dáil
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Baill den 25ú Dáil
- Baill den 26ú Dáil
- Baill den 27ú Dáil
- Daoine as Contae Lú
- Daoine a rugadh i 1930
- Baill Fhianna Fáil
- Feisirí de Pharlaimint na hEorpa as Éirinn
- Imreoirí sacair na hÉireann