Michael O'Leary (Aire)
Abhcóide agus polaiteoir sinsearach Éireannach ab ea Mícheál Ó Laoire nó Michael O'Leary mar atá aithne air de ghnáth (8 Bealtaine, 1936 – 11 Bealtaine, 2006). Agus é ina cheannaire ar Pháirtí an Lucht Oibre, chaith sé sealanna mar Aire Saothair, Aire Fuinnimh agus Tánaiste. Níos déanaí ina shaol, d'aistrigh sé go dtí Fine Gael.
Saol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Mac le tábhairneoir, rugadh Mícheál Ó Laoire i gCathair Chorcaí sa bhliain 1936. Oileadh é ag Coláiste na Toirbhirte, Coláiste na hOllscoile Corcaigh agus ansin Ollscoil Columbia i Nua-Eabhrac. Tar éis dó filleadh abhaile, thosaigh sé ag éirí gníomhach i bpolaitíocht an lucht oibre, agus fostaíodh é mar Oifigeach Oideachais ag Ceardchumann Oibrithe Iompair agus Ilsaothair na hÉireann.
Toghadh Ó Laoire go Dáil Éireann don chéad uair mar iarrthóir ón Lucht Oibre tar éis bua in olltoghchán na bliana 1965. Agus é istigh sa Dháil, thosaigh sé ag iarraidh seasamh eite chlé a pháirtí a neartú. Ar dtús, bhí sé glan in aghaidh comhrialtas a chuir ar bhun le Fine Gael, ach tar éis olltoghchán na bliana 1969, bhí sé den tuairim go raibh gá ann le straitéis nua. Nuair a bhunaigh an dá pháirtí comhrialtas sa bhliain 1973, ceapadh Ó Laoire ina Aire Saothair.
Sa bhliain 1977, rinne sé iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint amach dó féin, ach fuair Proinsias Mac Bhloscaidh an ceann is fearr air. D'éirigh Mac Bhloscaidh as an bpost, áfach, nuair a chaill sé a shuíochán ag an olltoghchán sa bhliain 1981, agus roghnaíodh Ó Laoire d'aon ghuth chun teacht i gcomharbacht air. Sa bhliain 1979, toghadh é go Parlaimint na hEorpa ón thoghcheantar Bhaile Átha Cliath.
I rith an chomhrialtais idir Fine Gael agus an Lucht Oibre idir 1981 agus 1982, rinneadh Tánaiste agus Aire Fuinnimh de. Go gairid tar éis briseadh an rialtais ag olltoghchán na bliana 1982, shiúil Ó Laoire amach as an bpáirtí agus chuaigh sé isteach i bhFine Gael. Toghadh é ar ais sa Dháil arís.
Sa bhliain 1985, chuir Ó Laoire bille comhalta phríobháidigh ar cholscaradh ós comhair na Dála. Leis an éacht seo, cuireadh a lán brú ar an rialtas, agus bhí orthu reifreann a eagrú sa bhliain ina dhiaidh sin.
Nuair a bhunaíodh an Páirtí Daonlathach sa bhliain 1985, deirtear gur mhachnaigh sé faoi dul isteach leo.
Ní dheachaigh Ó Laoire san iomaíocht in olltoghchán na bliana 1987, agus d'fhill sé ar ais ar Chorcaigh chun obair a dhéanamh mar abhcóide arís. Ceapadh é mar bhreitheamh den Chúirt Dúiche sa bhliain 1997.
Bhásaigh Ó Laoire agus é ar shaoire san Fhrainc i mí na Bealtaine na bliana 2006.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
- Básanna in 2006
- Polaiteoirí as Baile Átha Cliath
- Baile Átha Cliath Láir (Dáilcheantar)
- Baill Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre (Éire)
- Baill den 18ú Dáil
- Baill den 19ú Dáil
- Baill den 20ú Dáil
- Baill den 21ú Dáil
- Baill den 22ú Dáil
- Baill den 23ú Dáil
- Baill den 24ú Dáil
- Daoine as Contae Chorcaí
- Daoine a rugadh i 1936
- Abhcóidí Éireannacha