Seán T. Ó Ceallaigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Seán T. Ó Ceallaigh
Seán T. Ó Ceallaigh

2ú Uachtarán
I bhfeidhmeannas: 25 Meitheamh 194524 Meitheamh 1959
Uimhir tréimhsí: 2
Réamhtheachtaí: Dubhghlas de hÍde
Comharba: Eamon de Valera
Ainmnithe ag: Fianna Fáil
Iarrthóirí eile: 1945
Fine Gael:
:: Seán MacEoin
Neamhspleách:
:: Pádraig Mac Artáin
1952
Duine ar bith

Dáta breithe: 25 Lúnasa 1882
Áit bhreithe: Baile Átha Cliath, Éire
Dáta báis: 23 Samhain 1966
Áit bháis: Baile Átha Cliath, Éire
Céile: Mary Kate Ryan, Phyllis O'Kelly
Gairm: Polaiteoir

Polaiteoir Éireannach ab ea Seán Tomás Ó Ceallaigh, (25 Lúnasa, 188223 Samhain, 1966). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Shinn Féin agus bhunaigh sé chomh maith an páipéar The Nation. Bhí sé ina bhall de Bhárdas Bhaile Átha Cliath ó 1906 go dtí 1924. Toghadh go Dáil Éireann é i 1918 agus bhí sé ina Theachta Dála go dtí 1946. Bhí sé ina Cheann Comhairle sa Chéad Dáil, idir 1919 agus 1921. Bhí sé ina Leas-uachtarán ar rialtas an tSaorstáit ó 1932 go dtí 1938; ina Aire Rialtas Áitiúil agus Sláinte Poiblí 1932-1939; ina Thánaiste 1937-1945 agus ina Aire Airgeadais 1939-1945. Toghadh é mar Uachtarán na hÉireann i 1945. Fuair sé bás ar an 23 Samhain, 1966.

Luathshaol[athraigh | athraigh vicithéacs]

Rugadh Seán T. Ó Ceallaigh i gcathair Bhaile Átha Cliath sa bhliain 1882, ar Shráid Capel i dtuaisceart na cathrach. D'fhreastal ar Scoil na mBráithre Críostaí ar Shráid Richmond. Sa bhliain 1898, ghlac sé post mar chúntóir leabharlainne sóisir i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann. Sa bhliain chéanna, chuaigh sé isteach i gConradh na Gaeilge. Bhí sé ina bhall den bhord rialaithe sa bhliain 1910 agus sa bhliain 1915 bhí post an Ard-Rúnaí bainte amach aige.

Sinn Féin[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ghlac Ó Ceallaigh áit i Shinn Féin, díreach tar éis é a bhunú mar pháirtí dé-mhonarcachta caipitleach sa bhliain 1905. Rinneadh rúnaí oinigh de i 1908, post a choinnigh sé go dtí 1925. Sa bhliain 1906, toghadh é go Bárdas Bhaile Átha Cliath, áit ina fhan sé go dtí 1924.

I mí Márta na bliana 1915, chuaigh Ó Ceallaigh ar thuras go dtí Cathair Nua-Eabhraic, chun pleananna don éirí amach a bhí déanta ag Óglaigh na hÉireann a chur i bhfios do Clann Na nGaedheal. Cheap Pádraig Mac Piarais é ina Chaptaen Foirne, chun a bheith réidh nuair a bhrisfeadh an troid amach.

Tar éis Éirí Amach na Cásca sa bhliain 1916, gabhadh, scaoileadh saor agus ath-ghabhadh Ó Ceallaigh. D'éalaigh sé as choinneáil i Fairfield sa Ríocht Aontaithe agus d'fhill sé abhaile.

Olltoghchán na bliana 1918[athraigh | athraigh vicithéacs]

Bhuaigh Ó Ceallaigh suíochán in olltoghchán na Breataine sa bhliain 1918. Dhiúltaigh sé an suíochán i Westminster a ghlacadh, mar a rinne na baill ar fad ó Shinn Féin. Ina áit, bhunaigh siad parlaimint nua i mBaile Átha Cliath ar a tugadh Dáil Éireann uirthi. Sa Chéad Dáil, roghnaíodh Ó Ceallaigh mar Cheann Comhairle, an chéad cheann nua-aimseartha i stair na hÉireann.

Ina theannta sin, chuaigh sé i mbun oibre mar thoscaire ón bpoblacht Éireannach nua, ag iarraidh aitheantais a fháil ón bpobal idirnáisiúnta ag an gcomhdháil síochána i Versailles.

Ó Ceallaigh agus de Valera[athraigh | athraigh vicithéacs]

Ba dlúthchomhlach é Ó Ceallaigh de hÉamon de Valera - a bhí ina Uachtarán ar Dháil Éireann idir mí Aibreáin 1919 agus mí Lúnasa 1921 agus Uachtarán na Poblachta idir mhí Lúnasa 1921 agus mí Eanáir 1922. Bhí an bheirt in aghaidh an Conradh Angla-Éireannach a bhí sínithe ag an dhá rialtas i mí na Nollag 1921.

Nuair a d'éirigh de Valera as uachtaránacht na Poblachta ar 6 Eanáir 1922, tháinig Ó Ceallaigh ar ais ó Pháras ag lorg comhréitithe a thabharfadh an post ar ais dó. Dhiúltaigh de Valera glan dó - níor thaitin an smaoineamh leis - agus seoladh díreach ar ais go Páras é.

Coinníodh Ó Ceallaigh faoi ghlas go dtí mí na Nollaig 1923, nuair a bhí an Cogadh Cathartha ar siúl. Chaith sé an dá bhliain ina dhiaidh sin ag obair mar thoscaire chuig na Stáit Aontaithe.

Bunaitheoir ar Fhianna Fáil[athraigh | athraigh vicithéacs]

Nuair a shiúil de Valera amach as Sinn Féin sa bhliain 1926 chun a pháirtí poblachtach féin (Fianna Fáil) a bhunú, lean Ó Ceallaigh ina dhiaidh. Nuair a bhain Fianna Fáil tromlach amach in olltoghchán na bliana 1932, ceapadh de Valera mar Uachtarán na hArd-Chomhairle (Príomh-Aire an tSaorstáit) agus roghnaigh sé Ó Ceallaigh mar Aire Rialtais Áitiúil. San aireacht seo, thuill sé clú conspóideach dó féin mar gheall ar a iarrachtaí chun Seanascal Shaorstát Éireann James McNeill a náiriú go poiblí. Mar shampla, tarraingítí Armbhanna na hÉireann siar as ócáidí oifigiúla ina raibh McNeill i láthair, agus uair mí-chlúiteach eile shiúil Ó Ceallaigh agus Aire Cosanta Proinsias Mac Aodhagáin amach as ócáid taidhleoireachta ina raibh McNeill ann mar aoi oinidh ag an Leagáideacht Fhrancach. Rinne an eachtra seo dochar do cháil agus d'íomhá phoiblí Uí Cheallaigh.

D'fhoilsigh McNeill go leor de na sonraí faoin ábhar, rud a chuir cuma amaideach ar de Valera. D'fhág McNeill an post, agus bhí ar de Valera seanascal nua a fháil, cé go raibh sé ag iarraidh gach uile baint leis an oifig seo a sheachaint. Níor ainmníodh Ó Ceallaigh féin don phost, rud a chuir iontas ar a lán daoine. Níl eolas cruinn ann, ach meastar go raibh amhras ar de Valera faoin bhaint a bhí ag Ó Ceallaigh leis an eagraíocht Caitliceach Rómhánach den eite dheis Knights of Columbanus. Bhí de Valera den tuairim go raibh foinse éigin ag an dream seo sa chomhaireacht, agus ba chosúil go raibh Ó Ceallaigh oiriúnach don jab, b'fhéidir i ngan fhios dó. Cibé an fáth, ni dhearnadh seanascal de agus tugadh an post do Domhnall Ua Buachalla, iar-TD as Contae Chill Dara.

Naisc sheachtracha[athraigh | athraigh vicithéacs]