Brian Ó Comhain

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Brian Ó Comhain
Brian Cowen at White House on Saint Patrick's Day 2009.jpg
Teachta Dála

Meitheamh 14, 1984 - Eanáir 20, 1987
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: fothoghchán
Teachta Dála

Márta 10, 1987 - Bealtaine 25, 1989
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1987
Teachta Dála

Meitheamh 29, 1989 - Samhain 5, 1992
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1989
An tAire Saothair

Feabhra 11, 1992 - Eanáir 12, 1993
Michael O'Kennedy (en) Aistrigh - Mervyn Taylor
Teachta Dála

Nollaig 14, 1992 - Bealtaine 15, 1997
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1992
An tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán

Eanáir 12, 1993 - Eanáir 22, 1993
Ailbhe Mac Raghnaill - Cathal Mac Riabhaigh
An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt

Eanáir 22, 1993 - Nollaig 15, 1994
Cathal Mac Riabhaigh - Michael Lowry
Teachta Dála

Meitheamh 26, 1997 - Aibreán 25, 2002
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1997
An tAire Sláinte

Meitheamh 26, 1997 - Eanáir 27, 2000
Micheál Ó Nuanáin - Mícheál Ó Máirtín
An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Eanáir 27, 2000 - Meán Fómhair 29, 2004
David Andrews - Dermot Ahern (en) Aistrigh
Teachta Dála

Meitheamh 6, 2002 - Aibreán 26, 2007
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2002
An tAire Airgeadais

Meán Fómhair 29, 2004 - Bealtaine 7, 2008
Cathal Mac Riabhaigh - Brian Seosamh Ó Luineacháin
Tánaiste

Meitheamh 14, 2007 - Bealtaine 7, 2008
Mícheál Mac Dubhghaill - Máire Ní Chochláinn
Teachta Dála

Meitheamh 14, 2007 - Feabhra 1, 2011
Dúiche: Laois-Uíbh Fhailí
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 2007
Ceannaire Fhianna Fáil

Bealtaine 7, 2008 - Eanáir 22, 2011
Parthalán Ó hEachthairn - Mícheál Ó Máirtín
12. Taoiseach

Bealtaine 7, 2008 - Márta 9, 2011
Parthalán Ó hEachthairn - Éanna Ó Coinnigh
Aire Cosanta

Feabhra 18, 2010 - Márta 23, 2010
Willie O'Dea - Tony Killeen (en) Aistrigh
An tAire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála

Eanáir 19, 2011 - Márta 9, 2011
Mícheál Ó Máirtín - Éamon Mac Giollamóir
Saol
Eolas breitheTulach Mhór, 10 Eanáir 1960 (63 bliain d’aois)
NáisiúntachtÉire
Muintir
AthairBernard Cowen
Siblíní
liosta iomláin
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Coláiste Cisteirseach Ros Cré
Gairm
Gairmimreoir peile Gaelaí, taidhleoir, polaiteoir agus dlíodóir
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Uíbh Fhailí
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFianna Fáil
Brian Cowen Signature.svg

Is polaiteoir Éireannach agus iar-Theachta Dála é Brian CowenBrian Ó Comhain (10 Eanáir, 1960 a rugadh é). Ba é an 12ú Taoiseach (ceann Rialtais na hÉireann) ó 7 Bealtaine 2008 go dtí 9 Márta 2011.

Ó Mheán Fómhair 2004 bhí sé ina Aire Airgeadais, roimhe seo b'é an tAire Gnóthaí Eachtracha. Ar an 9 Aibreán 2008 d'éirigh sé ina cheannaire ar an bpáirtí Fianna Fáil. Bhí sé ina Thánaiste ón 14 Meitheamh 2007 go dtí gur toghadh é mar Thaoiseach. Ar an 22 Eanáir 2011 d'éirigh sé as mar cheannaire Fhianna Fáil ag lua cainteanna a bhí aige lena mhuintir agus le polaiteoirí eile mar chúis leis.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh sa Tulach Mhór, Co. Uíbh Fhailí é. D'fhás sé aníos i gClóirtheach, Co. Uíbh Fhailí.

Toghadh Brian Ó Comhain don Dáil don chéad uair i 1984 tar éis bháis a athar, a bhí ina TD sa dáilcheantar céanna. Ní raibh sé ach 24 bliain d'aois ag an am. Fuair an Teachta Ó Comhain 26,022 vótaí ina chéad toghchán i 1984, rud nach ndearna sé arís ó shin.

Nuair a toghadh é mar Uachtarán Fhianna Fáil in Aibreán 2008, thug sé cuid mhaith dá óráid i nGaeilge[1]:

"I dtosach báire, ba mhaith liom labhairt i mo theanga dhúchais. Is mór an onóir dom ceannaireacht an pháirtí a ghlacadh agus táim fíor-bhuíoch do mo chomh-pholaiteóirí, mo chairde, a roghnaigh mé don post fíorthábhachtach seo.
Ó bhíos ar scoil, tá grá agam don teanga agus tá sé ar intinn agam gach tacaíocht a thabhairt do fhorbairt na Gaoluinne amach anseo. Cé nach féidir linn go léir ár dteanga a labhairt go líofa, táim cinnte go bhfuilimid báúil di. De bharr go bhfuil cónaí orainn ar oileán atá ar imeall na hEorpa, níl brú orainn Gaoluinn a labhairt. Dá mbeimís lonnaithe i lár na hEorpa táim cinnte go mbeadh Gaoluinn már chéad teanga againn mar bheimís ag éisteacht le teangacha éagsúla agus in iomaíocht leo.
Is cuid dár gcultúr dár n-oidhreacht, dár bhféinionannas í, ár dteanga agus caithimidne, baill Fhianna Fáil, tréan-iarracht a dhéanamh chun Gaoluinn a chur chun cinn.
Sar i bhfad beimid ag plé Chonradh Liospóin agus tá sé de dhualgas orainn teanga bhinn ár sinsear a fhorbairt agus féin-aitheantas mhuintir na hÉireann a chothú.
Sé atá á mholadh agam ná stádas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghríosadh chun cuspóirí ár sinsear a bhaint amach."

Scaoil bainc na hÉireann, 2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thug Brian Ó Comhain isteach barántas iomlán na mbanc ar an 29/30 Meán Fómhair 2008. Chinn sé, in éineacht le Brian Lenihan, at t-aire airgeadais, teacht i gcabhair ar bhainc chomhlachais na tíre a bhí sna croití deireanacha, agus luach €440 billiún i gceist le scéim ráthaíochta na mbanc.[2]

Brian Ó Comhain ag bronnadh babhla seamróige ar Barack Obama, sa Teach Bán

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Brian Cowen statement" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2020-11-08.
  2. Breandán M Mac Gearailt (6 Samhain 2014). "Ní chinntíonn scéal maith faic sa Guarantee" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.