Brian Seosamh Ó Luineacháin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Seosamh Ó Luineacháin

(2010) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(ga) Brian Joseph Lenihan
Beathaisnéis
Breith21 Bealtaine 1959
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Meitheamh 2011
52 bliana d'aois
Baile Átha Cliath, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Ailse phaincréis)
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 10 Meitheamh 2011 (bás in oifig)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


An tAire Airgeadais
7 Bealtaine 2008 – 9 Márta 2011
← Brian Ó ComhainMicheál Ó Nuanáin →
Teachta Dála
14 Meitheamh 2007 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


An tAire Dlí agus Cirt
14 Meitheamh 2007 – 7 Bealtaine 2008
← Mícheál Mac DubhghaillDermot Ahern (en) Aistrigh →
Teachta Dála
6 Meitheamh 2002 – 26 Aibreán 2007 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 29ú Dáil


Teachta Dála
26 Meitheamh 1997 – 25 Aibreán 2002 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 28ú Dáil


Teachta Dála
2 Aibreán 1996 – 15 Bealtaine 1997 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 27ú Dáil


Toghadh i: fothoghchán Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Coláiste Sidney Sussex Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge
Teaghlach
AthairBrian Pádraig Ó Luineacháin
SiblínConor Lenihan
Duine muintearthaFeargal O'Rourke (col ceathair fir) Cuir in eagar ar Wikidata

Ba pholaiteoir Éireannach agus Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil é Brian Seosamh Ó LuineacháinBrian Lenihan Junior (21 Bealtaine, 195910 Meitheamh, 2011).[1]

T.D.[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Graduates Memorial Building ar dheis, i gColáiste na Tríonóide, áit a chaith Lenihan an-chuid ama.

Céimí de chuid Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath ab ea é Ní ba dhéanaí bhí sé ina léachtóir sa choláiste sin le roinnt blianta, sular dhírigh sé na sárbhuanna a bhí ann ar a obair mar abhcóide (glaodh chun an Bharra Laistigh air i 1997) agus ar an bpolaitíocht.[2]

Bhí sé ina Theachta Dála ó 1996 nuair a bhuaigh sé fothoghchán i nDáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Atoghadh é ag gach olltoghchán ina dhiaidh sin.

Ceapadh é mar Aire Leanaí sa bhliain 2002. Aireacht shóisear ab ea an Aireacht Leanaí ag an am sin ach bhí cead aige dul go dtí cruinnithe an chaibinéid.

Tar éis olltoghchán na bliana 2007 cheap an Taoiseach, Bertie Ahern, é mar Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí.

Aire Airgeadais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tháinig Brian Ó Comhain i gcomharbacht ar Ahern sa bhliain 2008 agus cheap sé Ó Luineacháin mar Aire Airgeadais. Ba é an tAire Airgeadais ó 2008 go dtí 2011 agus bhí air déileáil leis na géarchéimeanna airgeadais agus baincéireachta a bhuail Éire ag an am sin.

2008[cuir in eagar | athraigh foinse]

Thosaigh an scaoll bainc mór in Éirinn agus olléileamh ar an gcóras baincéireachta ar an 18 Meán Fómhair 2008. Ghlaoigh Lenihan an clár raidió Liveline agus labhair sé le Joe Duffy; bhí alltacht ar Lenihan ach ní raibh sé in ann an teannas a mhaolú.[3] Bhí daoine ag tógáil airgid as na bancanna lena chur faoin leaba, agus tuairiscí ann faoi Anglo Irish, na ciorcail órga, na hiasachtaí rúnda agus fadhbanna an chórais baincéireachta..[4]

Ar Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair 2008, bhí Lenihan ag na rásaí capall i bPáirc Ghabhráin, Cill Chainnigh agus an ghéarchéim airgeadais ina thine bhruite ar fud an domhain. Bhí Banc Ceannais Eorpach ag iarraidh dul i dteagmháil leis agus é thar a bheith míshásta le scéim ráthaíochta na mbanc. Ach ní raibh Lenihan le fáil chun labhairt le Jean-Claude Trichet ar an lá sin.[3]

Thug an rialtas isteach barántas na mbanc ar an 29/30 Meán Fómhair 2008. Chinn Rialtas na hÉireann teacht i gcabhair ar bhainc chomhlachais na tíre a bhí sna croití deireanacha, agus luach €440 billiún i gceist le scéim ráthaíochta na mbanc.[5] Níos déanaí, cuireadh na scórtha billiún d’fhiacha na mbancanna ar phobal na tíre. Ní raibh aon chuntas scríofa cruinn cuimsitheach ann, nó taifeadadh, faoin méid a tharla ann, agus níl sé soiléir cén tionchar a bhí ag Lenihan ar an gcinneadh.[6]

2009-2011[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus ailse an phaincréis air (nocht TV3 an scéal i Nollaig 2009), lean Lenihan ar aghaidh mar aire airgeadais.

In 2009, nuair a chuir an ghéarchéim isteach go tubaisteach ar eacnamaíocht - agus sochaí - nach raibh ag súil leis, roghnaigh Lenihan an t-eacnamaí clúiteach Colm McCarthy chun sraith de chiorruithe a mholadh (Bord Snip Nua, mar a tugadh air).[7]

Sa bhliain 2009, d’fhógair Lenihan córas nua táillí uisce;[8] ní raibh dream ar bith i bhfách leis agus rinneadh an polasaí a fhreaschur níos déanaí.

Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an 21 Nollaig 2010, agus bhí baint nach beag ag Lenihan leis an gcinneadh gan glacadh leis an moladh 'fáil réidh le riachtanas Gaeilge d’iontráil ollscoile'.[9]

Tar éis dhá bhliain ag dul i ngleic leis an ghéarcheim airgeadais, bhí ar Lenihan glacadh le scéim tarrthála, faoi réir coinníollacha áirithe, ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus ón Aontas Eorpach ag deireadh na bliana 2010. Sara bhfuair sé bás, dúirt Brian Lenihan gur cuireadh brú go tobann ar Éirinn glacadh le plean cabhrach agus na coinníollacha ag cur isteach air.[10] Níos déanaí, bhí Fianna Fáil ag maíomh gurb iad féin - agus Brian Lenihan go háirithe - a leag síos bunús na bpolasaithe ar ghlac Fine Gael chucu féin iad chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim.[11]

Rinne Lenihan iarracht ceannaireacht an pháirtí a fháil ar 26 Eanáir 2011.[12][13] Agus ailse an phaincréis air ó 2009, chreid sé b'fhéidir go raibh biseach i ndán dó.

Tar éis d'Fhianna Fáil a bheith buailte go dona in Olltoghchán 2011 ar 25 Feabhra 2011, ba é Lenihan an t-aon Teachta Dála de chuid an pháirtí sin a bhuaigh suíochán Dála i mBaile Átha Cliath.

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ba mhac le Brian Ó Luineacháin é.

Toghadh é chun na Dála an chéad uair i 1996 chun suíochán a athar a líonadh tar éis dó siúd bás a fháil de thinneas.

Phós sé Patricia Ryan sa bhliain 1997 agus bhí beirt chlainne acu (mac agus iníon). Ba chainteoir Béarla agus Gaeilge é.

Sceith TV3 an scéal go raibh ailse air um Nollaig 2009. Cailleadh é de thairbhe ailse an phaincréis ar an 10 Meitheamh 2011.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Houses of the Oireachtas (2021-09-27). "Houses of the Oireachtas website" (en-ie). www.oireachtas.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-09-23. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  2. UCD School of Law. "Brian Lenihan" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-12.
  3. 3.0 3.1 Hugh O'Connell. "30 Days in September: An Oral History of the Bank Guarantee" (en). TheJournal.ie. Dáta rochtana: 2021-09-27.
  4. Máirín Ní Ghadhra (27 Meán Fómhair 2018). "An cuimhin leat cá raibh tú nuair a thug an rialtas isteach barántas na mbanc?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  5. Breandán M Mac Gearailt (6 Samhain 2014). "Ní chinntíonn scéal maith faic sa Guarantee" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  6. Seán Tadhg Ó Gairbhí (8 Iúil 2015). "Ba é rogha an dá dhíogha é ‘barántas na mbanc’ a thabhairt isteach – Cowen" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  7. Eoin Ó Murchú (23 Eanáir 2017). "Ní réiteoidh an margadh ná idé-eolaíocht FG/FF fadhbanna na tíre" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  8. Cathal Mac Coille (2 Márta 2017). "Tairngreacht: Seachnófar olltoghchán" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  9. Maitiú Ó Coimín (9 Nollaig 2014). "Moladh “náireach” faoi leasú teanga – Ó Cuív" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  10. Cathal Mac Coille (29 Deireadh Fómhair 2014). "A Mhonsieur Trichet, a chara…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  11. Eoin Ó Murchú (21 Eanáir 2016). "Fianna Fáil sa bhfaopach i gcónaí i ndiaidh na hArd-Fheise" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-06-10.
  12. RTÉ News (2011-01-22). "Cowen resigns as FF leader, remains Taoiseach" (as en). 
  13. "2011 Fianna Fáil leadership election" (as en) (2022-04-19). Wikipedia.