Géarchéim airgeadais 2007-2008

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Ar an 17 Márta, nó "Sléacht Lá le Pádraig", thit luach na scaireanna Anglo-Irish 15%.

rátaí úis, SAM
2003-2007 i SAMː bhí an ghiaráil chaipitiúil ag éirí agus ag éirí

Tharla an ghéarchéim airgeadais 2007-2008 nuair a phléasc an bolgán tithíochta amach sna Stáit Aontaithe agus tar éis do na bainc bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí (iasachtú fophríomha go háirithe)

easpa infheistíochta i 2008 agus níos déanaí sna Stáit Aontaithe

Nua Eabhrac. Ba ualach breise é ar cháiníocóirí ag an am. Rinneadh dochar do mhuinín lucht gnó agus tháinig lagmhisneach ar infheisteoirí timpeall an domhain.

iasachtú fophríomha (1996-2008)
bhí praghsanna tithe an-ard go deo sa bhliain 2007/2008 (Case-Shiller National Home Price Index)
an teach a leagadh nó a dhíol agus chun gadaíocht a stopadh
Dow Jones 2006 - 2008

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna Stáit Aontaithe sa bhliain 2008, tar éis do na bainc a bheith ag tabhairt iasachtaí go doscaí le blianta, bhí an t-iasachtú fophríomha i dtrioblóid. Ar an 14 Márta 2008, thug an Federal Reserve iasacht $25 billiún do Bear Stearns, bróicéir dócmhainneach i

féimheachtː Bear Stearns[1]
dhearbhaigh Lehman Brothers[2] go raibh siad bancbhriste
̊Rinneadh Wama[3] iarratas ar fhéimheacht
Tháinig AIG slán as, ach dóbair dóibh[4]
Tháinig Fannie Mae[5] agus Freddie Mac slán as, ach dóbair dóibh

Ar an 6 Meán Fómhair 2008, ghlac rialtas SAM seilbh a ghabháil ar Fannie Mae agus Freddie Mac.[6]

Ar an 15 Meán Fómhair, chlis an gnólacht baincéireachta domhanda Lehman Brothers,[7] [8]

Deirtear gurb iad na himeachtaí sin (cliseadh Fannie, Freddie agus Lehman) a chuir tús leis an ngéarchéim airgeadais san Eoraip.[9] Ach tharla an cliseadh cúpla lá níos déanaí, nuair a chuaigh tarrtháil na hearnála baincéireachta i sáinn.iasachtú fophríomha

Sna Stáit Aontaithe, ar an 28 Meán Fómhair; dúirt Comhdháil na Stát Aontaithe ní bheadh ar an gcáiníocóir an difear a dhéanamh suas.[10]

Tharla "Luan Dubh an Áir" ar an 29 Meán Fómhair. Chonacthas titim mhór ar luach scaireanna airgid ar stocmhalartáin na hEorpa go háirithe agus iad ag trádáil idir 8% -18% níos ísle ná 28 Meán Fómhair.[11]

Polasaithe curtha i bhfeidhm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Beartais  airgeadais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacadh céimeanna (a bheag nó a mhór) i ngach tír chun taisceoirí beaga a chosaint, ionas nach mbeadh ruathar ar na bainc agus daoine ag iarraidh a gcuid airgid a bhaint amach.

Polasaithe airgeadaíochta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus iad ag freagairt ar bhealach comhordaithe do shuaitheadh mór an mhargaidh, chuir bainc cheannais ar fud an domhain na billiúin dollar agus euro de leachtacht ar fáil do mhargaí airgeadais.

Imeachtaí in Éirinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí brú nach beag ar na bainc in Éirinn. Nuair a chlis ar bhoilgeog na dtithe cónaithe sa tír seo, chonacthas a laige a bhí a leibhéil chaipitil agus a leabhair iasachta.

Ghlac an rialtas Éireannach céimeanna thar a beith mór chun na taisceoirí go léir a chosaint (fiú na taisceoirí mhóra thar lear). Mar shampla, i mí Mheán Fómhair 2008, méadaíodh Scéim Ráthaíochta Taiscí na hÉireann (SRT) ó €20,000 go €100,000 agus glacadh comhair chreidmheasa faoina coimirce den chéad uair riamh.

Cúpla lá níos déanaí, tugadh isteach reachtaíocht éigeandála chun ráthaíocht gan teorainn a thabhairt do gach taisce i sé institiúid a bhí faoi úinéireacht Éireannach.

Ansin rinne an Stát na bainc a athchaipitliú, agus rinneadh Anglo Irish Bank a náisiúnú i ndeireadh na dála in 2009.

Ceachtanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Léirigh an ghéarchéim airgeadais agus an meathlú eacnamaíochta gur theip ar na húdaráis, in Éirinn agus thar lear, an múnla ceart a chur ar an chóras rialúcháin airgeadais.[12]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Bear Stearns" (in en) (2021-03-03). Wikipedia. 
  2. "Lehman Brothers" (in en) (2021-03-06). Wikipedia. 
  3. "Washington Mutual" (in en) (2021-03-11). Wikipedia. 
  4. "American International Group" (in en) (2021-03-06). Wikipedia. 
  5. "Fannie Mae" (in en) (2021-03-06). Wikipedia. 
  6. "Federal takeover of Fannie Mae and Freddie Mac" (in en) (2020-08-03). Wikipedia. 
  7. centralbank.ie (2018). "Scéal Bhanc Ceannais na hÉireann - 75 BLIAIN AG FORBAIRT". Dáta rochtana: 2020.
  8. "Bankruptcy of Lehman Brothers" (in en) (2020-09-24). Wikipedia. 
  9. Séamas Ó Meachair. "Cumhacht Chiúin Merkel Banríon na Déine" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  10. "US economy: 'Toxic' Wall Street $700 billion bail-out rejected" (en-GB). The Telegraph. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  11. Nuacht RTÉ (2008-09-29). "Cinnlínte Nuachta" (in ga). 
  12. Ciarán Mac Aonghusa (EAGRÁN 91 · SAMHAIN 2008). "Athbhreithnú de dhíth ar struchtúr an Rialtóra Airgeadais" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-29.
  13. Ciarán Dunbar. "Géarchéim cad é? Léargas ar bhéarlagair na heacnamaíochta" (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2020-09-29.