Corparáid Éireannach um Réiteach Banc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCorparáid Éireannach um Réiteach Banc
Sonraí
Cineálgnó Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Téann in áitBanc Angla-Éireannach Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta a bunaíodh2011

Suíomh gréasáinibrc.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Ciste réitigh banc ("drochbhanc" uaireanta) ba ea an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc (CÉRB nó Irish Bank Resolution Corporation IBRC).

Cuireadh an CÉRB ar bun sa bhliain 2011 nuair a cumascadh an Banc Angla-Éireannach (náisiúnaithe faoin am sin) agus Cumann Foirgníochta Forleitheadach na hÉireann.[1][2][3]

Na hoibríochtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

An Banc Angla-Éireannach

Ar an 7 Feabhra 2013, achtaíodh an tAcht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013, chun socrú ar leith a dhéanamh maidir le CÉRB a fhoirceannadh.

Banc Ceannais na hÉireann, BCÉ

Tar éis leachtú na CÉRB, cuireadh na nótaí gealltanais ón CÉRB ar ceal.[4]

Ansin cuireadh ocht mbanna nua Státchiste le ráta comhlúthach ina n-ionad, agus rátaí an íseal ar fad. Mar sin, cuireadh bannaí Rialtais fadtéarmacha in ionad na nótaí gealltanais a soláthraíodh don CÉRB (a bhí faoi úinéireacht stáit chomh maith),

Banc Ceannais Eorpach, BCE

Eisíodh suim iomlán ollmhór, €25.03 billiún, do Bhanc Ceannais na hÉireann BCÉ ar an 8 Feabhra 2013, agus aibíochtaí idir 25 bliain agus 40 bliain ag gabháil leis na bannaí.[5]

Gearradh siar ar chostais[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheadaigh an Banc Ceannais Eorpach na hoibríochtaí seo. Rinne Frankfurt lamháltas ollmhór i ndáiríre. Maoiniú airgeadaíoch i gceist, ach bhí BCE sásta neamhaird a dhéanamh de.

Mar sin shábháil an cáiníocóir in Éirinn b'fhéidir dhá billiún euro sna blianta ina dhiaidh leachtú na CÉRB (fiú sa bhliain 2021, tá roinnt ceisteanna nár réitíodh go fóill fós, ach tá an gearradh siar ar chostais na n-iasachtaithe sa siúl).[6][7]

Reachtaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cumasc idir Anglo Irish agus chumann foirgníochta an Irish Nationwide a bhí sa Chorparáid.
  2. Scoil Dlí, COBÁC (2018). "CÉRB" (ga). Facebook. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  3. Nuacht RTÉ (2013-02-07). "Action taken to secure IBRC assets - Noonan" (as en). 
  4. International Monetary Fund European Dept (2013-04-03). "Ireland : Ninth Review Under the Extended Arrangement" (en-US). Ireland. Dáta rochtana: 2021-02-08.
  5. Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (2017). "Nótaí leis na Ráitis Airgeadais, 2017". www.ntma.ie. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  6. An Roinn Airgeadais (2019). "Irish Bank Resolution Corporation (IBRC)" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2021-02-08.
  7. an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste (2019). "Cuntais Leithreasa 2018". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-02-14. Dáta rochtana: 2021.
  8. An Dáil (2013-02-06). "Díospóireachtaí - An tAcht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013 – Uimh. 2 de 2013 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  9. Tithe an Oireachtais (2013-02-06). "An tAcht fá Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc, 2013 – Uimh. 2 de 2013 – Tithe an Oireachtais" (ga). www.oireachtas.ie. Dáta rochtana: 2021-02-07.
  10. "Revised Acts". revisedacts.lawreform.ie. Dáta rochtana: 2021-02-07.