Banc

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bainc-Aontas Éireann

Is foras airgeadais[1] é banc, a ghlacann taiscí agus a dhéanann iasachtaí.

Rialú[cuir in eagar | athraigh foinse]

Banc Angla-Éireannach

Tá rialú docht ar na bainc. Toisc gur bainc iad a ghlacann taiscí, tá baol ollráchairte díobhálaí[2] i gcónaí ann.[3] Bhí drochiasachtaí ag cur as go mór d'earnáil na baincéireachta, in Éirinn ó 2008 ar aghaidh go háirithe.

Chun muinín an taisceora a áirithiú, cruthaíodh líontáin sábhála fhollasacha don phobal (amhail árachas taiscí) agus líontáin sábhála intuigthe (tarrthálacha) de facto. I bhfianaise na líontán sábhála don phobal, áfach, déanann cuid gníomhaíochtaí neamhshrianta na mbanc géarú ar roinnt fadhbanna, lena n-áirítear

  • baic roimh réiteach ordúil agus téarnamh;
  • guais mhorálta,
  • fás iomarcach sa chlár comhardaithe agus trádáil iomarcach;
  • coinbhleachtaí leasa agus cultúr na mbanc a bheith dírithe ar idirbhearta; agus
  • saobhadh iomaíochta.
Banc Ceannais na hÉireann.

Tá institiúidí airgeadais de chuid na hÉireann faoi chúram Bhanc Ceannais na hÉireann.

Tá institiúidí airgeadais ann a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo.

Conspóid[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne an scríbhneoir Meiriceánach Mark Twain cur síos símplí fadó ar an tslí ina dtéann bainc i mbun oibre. “Tá bancaeir cosúil le duine a thugann scáth báistí ar iasacht duit nuair a bhíonn an ghrian ag taithneamh, “ a dúirt Twain, “ach a dteastaíonn sé ar ais uaidh a luaithe a thosaionn sé ag cur báistí”.[4]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. nó... ""institiúid airgeadais"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-04-21.
  2. nó olléileamh fir1 ar an gcóras baincéireachta
  3. "EUR-Lex - 52014SC0031 - EN - EUR-Lex" (en). eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2020-04-21.
  4. "Dá neosfadh Michael Noonan an fhírinne lom faoi na bainc, cad déarfadh sé?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2020-04-24.