Tulach Mhór

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilTulach Mhór

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°16′00″N 7°30′00″W / 53.2667°N 7.5°W / 53.2667; -7.5
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Uíbh Fhailí Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán14,607 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde73 m Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Logainm.ie1416810
Suíomh gréasáinoffaly.ie… Cuir in eagar ar Wikidata


Baile i gContae Uíbh Fhailí, i lár Phoblacht na hÉireann, is ea Tulach Mhór[1] (Béarla: Tullamore). Is í príomhbhaile an chontae í, agus tá 12,927 nduine ina gcónaí inti. Is baile tábhachtach sa réigiún lár tíre í faoi choinne tráchtála agus tionscail. Is iad Tyco Healthcare agus Boston Scientific na príomhfhostóirí idirnáisiúnta sa bhaile. Sa bhliain 2004, osclaíodh Páirc Mhiondíola Thulach Mhór. Is iad Tesco, DID, Argos, Heatons, Burger King agus Woodies DIY na príomhshiopaí atá sa pháirc.

Tá 1,000 duine ag obair san Ospidéal Réigiúnach Lár Tíre agus in oifigí FSS. Is iad Timpistí ⁊ Éigeandáil, Ainéistéitic, Cairdeolaíocht, Míochaine Ghinearálta, Máinliacht Ghinearálta, Gínéiceolaíocht, Cnáimhseachas, Ainéistéise Péidiatraic, Péidiatraic agus Paiteolaíocht na speisialtachtaí san ospidéal.

Fuair an baile an bonn cré-umha i gComórtas na mBailte Slachtmhara sa bhliain 2004. Bíonn Seó Talmhaíochta Thulach Mhór ar siúl gach bliain taobh amuigh den bhaile.

Rinneadh an t-uisce beatha Tullamore Dew i nDrioglann Thulach Mhór ón mbliain 1829 go dtí na 50idí, nuair a dúnadh an drioglann. Déantar Tullamore Dew i gContae Chorcaí ó shin, agus é ina uisce beatha móréilimh na laethanta seo.

Tá trí nuachtán ann: Tullamore Tribune, Offaly Independent agus an Offaly Express.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1785, tharla timpiste balúin the san áit. Scrios sé 100 teach sa bhaile agus thosaigh sé dóiteán mór. Ba é seo an chéad tubaiste eitlíochta i stair an domhain.

Bronnadh stádas mar phríomhbhaile an chontae ar Thulach Mhór sa bhliain 1835. Is é an Daingean a bhí ina phríomhbhaile roimhe sin.

Cultúr[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn Féile an Fhéinics (Phoenix Festival) ar siúl gach bliain ar an Tulach Mhór. Bíonn go leor imeachtaí ag an bhféile mar aon le balún te, ceolchoirmeacha, siamsa sa tsráid, tinte ealaíne agus tuilleadh nach iad.

Bíonn Seó Talmhaíochta Thulach Mhór ar siúl i mí Lúnasa gach bliain lasmuigh den bhaile. D'fhás an seó seo i rith na mblianta agus is é an seó aon lae is mó sa tír anois é.

Bhí Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl sa bhaile ar feadh trí bliana. Eagraíodh é sa bhliain 2007 agus arís sna blianta 2008 agus 2009.

Áiteanna Suimiúil sa Cheantar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Caisleán Charleville caisleán gotach suite san Estáit Charleville, lasmuigh den bhaile. Tá an King's Oak, ceann amháin de na crainne is shine agus mó in Éirinn, suite ann freisin. Gach bhliain bíonn an Seo Talmhaíochta an Tulach Mhór ar siúl sa cheantar. Ón cúpla bhliana ó shin, bíonn an seo ar siúl san Estáit Butterfield cúpla míle lasmuigh den bhaile, sa cheantar Blueball. Is ionad iontach í an Tulach Mhór don cuairteanna chun na Sliabh Bladhma, an Portach na Buaraí, agus an mhainistir Cluain Mhic Nóis a dhéanamh.

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

D'oscail an stáisiún traenach sa Tulach Mhór i mí Dheireadh Fómhair 1854. Tá sé suite ar na línte Baile Átha CliathGaillimh agus Baile Átha Cliath–Cathair na Mart/Béal an Átha.

Tá Tulach Mhór nasctha le Baile Átha Luain agus leis An Muileann gCearr i gContae na hIarmhí. Is é an "Midlands Gateway" an t-ainm atá air.

Tá seachród nua timpeall an bhaile. Is carrbhealach singil é agus tá sé 14 km ar fhad. D'oscail an iar-Thaoiseach Brian Cowen é sa bhliain 2009. Tá an baile 10 gciliméadar ón mótarbhealach M6 idir Baile Átha Cliath agus Gaillimh.

Daoine Cáiliúla ón Tulach Mhór[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Gerald Gardner (1922-2009), fisiceoir agus gníomhaí sóisialta
  • Brian Ó Comhain, Iar-Thaoiseach

Íomhánna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Tulach Mhór/Tullamore | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.