Uisce beatha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DeochUisce beatha
Cineálbiotáille gráin
TionscnaimhÉire agus Albain

Deoch is ea uisce beathafuisce (whiskey as Béarla) a chumtar de bhraich. Déantar an bhraich as eorna a chur in uisce agus a shíolrú, agus ansin í a thriomú. Drioglann a thugtar ar an áras ina ndéantar an t-uisce beatha. Tá stair fhada ag an uisce beatha in Éirinn, agus cé gur mó aithne atá ar an deoch órga ó na drioglanna móra, déantar méid áirithe poitín fós, go háirithe i gceantair iargúlta agus shléibhe. Is in Éirinn agus in Albain a dhéantar cuid mhór den uisce beatha ar domhain. Cé gur mó an aithne atá ar whisky na hAlban, is in Éirinn a d'eascair déanamh an uisce beatha, nó whiskey mar a litrítear ann é.

Drioglann

Is iad príomhlipéid uisce beatha na hÉireann ná Paddy, Powers, Jameson agus Bushmills, agus tá siad seo in úinéireacht Chomhlacht Stiléirí na hÉireann (Irish Distillers). I measc lipéad eile tá Tullamore Dew.

Uiscí beatha Gaelacha éagsúla.
Buidéal uisce beatha na hAlban.

Is uisce beatha measctha atá i gcuid mhór den uisce beatha a dhíoltar go hidirnáisiúnta. Ciallaíonn sé seo gur meascán de uisce beatha braiche (malt whiskey) agus uisce beatha gráin atá ann. Uisce beatha braiche an déantús is daoire, agus is de dhéantús drioglainne amháin i mbliain áirithe a thagann sé. Tá an-chuid lipéad uisce beatha braiche Albanach, ach níl ach cúpla ceann as Éirinn go dtí seo. D'fhéadfadh sé go mbaineann sé seo leis an ndleacht ard a bhíodh ar uisce beatha agus gur i bhfolach faoin tír a dheintí uisce beatha nó poitín go hiondúil in Éirinn, nuair a bhí an iliomad drioglann in Albain.

Déantar uisce beatha i go leor tíortha eile freisin, mar shampla Ceanada agus Kentucky na Stát Aontaithe (uisce beatha Bourbon).

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]