Liam Ó Leathlobhair
Ba iar-theachta Dála Fhianna Fáil conspóideach é Liam Ó Leathlobhair (Béarla: Liam Lawlor), (rugadh i mBaile Átha Cliath 1945 - Moscó 22 Deireadh Fómhair 2005). Toghadh ina Theachta Dála don chéad uair i 1977 don dáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Rugadh Liam Lawlor sa bhliain 1945, tógadh i gCromghlinn i mBaile Átha Cliath. Bhí sé ina mhac léinn ag Synge Street CBS agus ansin DIT (Ollscoil Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath). Nuair a bhí sé níos óige ba é iománaíocht an spórt is fearr leis. Bhí sé ar an foirne mionúr Bhaile Átha Cliath agus foireann Laighean. I ndiaidh na céime chuaigh sé leis an gcuisniú gnó, ba é an bainisteoir ann.
Cara le forbróirí maoine ba ea Ó Leathlobhair agus TD conspóideach dá bharr. Níor sheas Ó Leathlobhair don olltoghchán i 2002 mar gheall ar a chuid fadhbanna leis an mbinse fiosrúcháin Flood agus tréimhsí a chaith sé i bpríosún.
Lean Ó Leathlobhair lena ghnéithe pearsanta agus bhí sé ar thuras gnó sa Rúis nuair a maraíodh é i dtimpiste bóthair i Moscó i mí Deireadh Fómhair 2005, in éineacht lena aistritheoir, bean 29 bliain d'aois[1], [2].
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |