Gemma Hussey
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 11 Samhain 1938 Bré, Éire |
Bás | 26 Samhain 2024 86 bliana d'aois Baile Átha Cliath, Éire |
Teachta Dála | |
10 Márta 1987 – 25 Bealtaine 1989 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 25ú Dáil Toghcheantar: Cill Mhantáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, 1987 | |
Aire Coimirce Sóisialaí | |
14 Feabhra 1986 – 10 Márta 1987 ← Barry Desmond (en) – Michael Woods (en) → | |
Teachta Dála | |
14 Nollaig 1982 – 20 Eanáir 1987 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 24ú Dáil Toghcheantar: Cill Mhantáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Samhain 1982 | |
An tAire Oideachais agus Scileanna | |
14 Nollaig 1982 – 14 Feabhra 1986 ← Gerard Brady – Pádraig Ó Cuanaigh → | |
Teachta Dála | |
9 Márta 1982 – 4 Samhain 1982 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 23ú Dáil Toghcheantar: Cill Mhantáin Toghadh i: Olltoghchán na hÉireann, Feabhra 1982 | |
Seanadóir na hÉireann | |
8 Deireadh Fómhair 1981 – 18 Feabhra 1982 Téarma parlaiminte: 15ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann | |
Seanadóir na hÉireann | |
27 Deireadh Fómhair 1977 – 16 Iúil 1981 Téarma parlaiminte: 14ú Seanad Éireann Toghcheantar: Ollscoil Náisiúnta na hÉireann | |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Fine Gael |
Aire Rialtas de chuid Fine Gael sna 1980idí ba ea Gemma Hussey (11 Samhain 1938 – 26 Samhain 2024).
Is í Hussey an chéad bhean ar toghadh go dtí an Seanad í ar rolla Ollscoil na hÉireann in 1982.[1]
Bhain sí suíochán Dála amach le Fine Gael i gCIll Mhantáin in olltoghchán mhí Feabhra 1982. Bhí sí ina hAire Oideachais idir 1982 agus 1986 - an chéad Aire Oideachais mná í ag an pháirtí sa chomhrialtas le Páirtí an Lucht Oibre. Ba le linn a réime mar Aire Oideachais (i rialtas faoin Taoiseach Garret Fitzgerald) a tugadh scrúduithe closéisteachta agus cainte isteach mar chuid de scrúduithe Stáit.[2] I 1986 a d’fhógair Hussey, gan choinne, go raibh Coláiste Oideachais Carysfort le dúnadh.[3] Cáineadh Hussey go forleathan as ucht na láimhseála a rinne sí ar an scéal. Go deimhin, bogadh í go dtí an Roinn Leasa Shóisialaigh san atheagar a déanadh ar an Chomhaireacht go gairid ina dhiaidh sin.[4]
Chaith sí seal gairid ina dhiaidh sin ina hAire Saothair.
Ba í an chéad urlabhraí Gnóthaí Ban í ag páirtí Fhine Gael. Thacaigh sí go láidir leis an reachtaíocht ar an cholscaradh agus throid sí san fheachtas reifrinn ar an ábhar i 1986, reifreann a chaill an rialtas.
D'éag Gemma Hussey in aois a 86 bliain ar an 26 Samhain 2024.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Alice-Mary Higgins tofa ina Seanadóir – an chéad bhean a toghadh ar rolla Ollscoil na hÉireann le 35 bliain anuas" (ga-IE). Tuairisc.ie (2016-04-27). Dáta rochtana: 2024-11-26.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-11-26). "An t-iar-Aire Rialtais Gemma Hussey tar éis bháis" (as ga-IE).
- ↑ Mairéad Ní Nuadháin (23 Samhain 2018). "Cén fáth ar dúnadh Coláiste Dhún Chéirí? Na ceisteanna nár freagraíodh riamh…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-26.
- ↑ Breandán Delap (31 Nollaig 2015). "Alan Dukes a chéadspreag an tuairim gur cheart Coláiste Oideachais a dhúnadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-26.
Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |