Vivion de Valera
Vivion de Valera | |||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Nollaig 4, 1945 - Nollaig 11, 1947 District: Baile Átha Cliath Iar-Thuaisceart Election: fothoghchán
Feabhra 18, 1948 - Bealtaine 2, 1951 District: Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart Election: Olltoghchán na hÉireann, 1948
Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954 District: Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart Election: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956 District: Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart Election: Olltoghchán na hÉireann, 1954
Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961 District: Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart Election: Olltoghchán na hÉireann, 1957
Meán Fómhair 14, 1959 - Aibreán 1, 1961
Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965 District: Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart Election: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969 District: Baile Átha Cliath Lár-Thuaisceart Election: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Iúil 2, 1969 - Feabhra 5, 1973 District: Baile Átha Cliath Lár Election: Olltoghchán na hÉireann, 1969
Márta 14, 1973 - Bealtaine 25, 1977 District: Baile Átha Cliath Lár Election: Olltoghchán na hÉireann, 1973
Iúil 5, 1977 - Bealtaine 21, 1981 District: Dublin Cabra (en) ![]() Election: Olltoghchán na hÉireann, 1977 | |||||||||||||||||||||||
Saol | |||||||||||||||||||||||
Eolas breithe | Baile Átha Cliath, Nollaig 13, 1910 | ||||||||||||||||||||||
Náisiúntacht | Éire | ||||||||||||||||||||||
Bás | Bré, Feabhra 16, 1982 | ||||||||||||||||||||||
Áit adhlactha | Reilig Ghlas Naíon | ||||||||||||||||||||||
Muintir | |||||||||||||||||||||||
Athair | Éamon de Valera | ||||||||||||||||||||||
Máthair | Sinéad de Valera | ||||||||||||||||||||||
Céile/Céilí |
Bride Hearne (en) ![]() Vera Rock (en) ![]() | ||||||||||||||||||||||
Páistí |
liosta iomláin
| ||||||||||||||||||||||
Oideachas | |||||||||||||||||||||||
Alma mater | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath | ||||||||||||||||||||||
Gairm | |||||||||||||||||||||||
Gairm | polaiteoir | ||||||||||||||||||||||
Ballraíocht | Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa | ||||||||||||||||||||||
Creideamh | |||||||||||||||||||||||
Páirtithe polaitíochta | Fianna Fáil |
Eolaí, fear gnó agus polaiteoir Éireannach ba ea Vivion de Valera (13 Nollaig 1910 – 16 Feabhra 1982), an páiste is sine a rugadh d'Éamon de Valera, iar-Thaoiseach agus iar-Uachtarán na hÉireann, agus do Shinéad de Valera, a bhean chéile. Baisteadh Vivion as a shean-athair Juan Vivion de Valera é, fear de bhunadh na Spáinne a bhí pósta le máthair a athar agus iad ina gcónaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá sna 1880í. Is Aire Stáit é a nia Éamon Ó Cuív, agus iar-Aire í a neacht Síle de Valera.
Rugadh i mBaile Átha Cliath é, agus d'fhreastail sé ar Choláiste na Carraige Duibhe, ar Choláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath agus ar Óstaí an Rí. Agus é ina mhac léinn in UCD, bhí sé ina reachtaire ar An gCumann Liteartha agus Stairiúil[1] an choláiste.
Glaodh chun an bharra é sa bhliain 1937. Chaith sé tréimhse san arm le linn Ré na Práinne, agus chuaigh sé leis an bpolaitíocht sa bhliain 1945. Toghadh mar Theachta Dála de chuid Fhianna Fáil é, agus choimeád sé a shuíochán i nDáil Éireann go dtí na bliana 1981. Bhí sé ina stiúrthóir bainistíochta ar an nuachtán Irish Press idir 1959 agus 1981.
Cailleadh Vivion de Valera i mBaile Átha Cliath sa bhliain 1982, seacht mbliana tar éis bhás a thuismitheoirí.