Jump to content

Jack McQuillan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJack McQuillan
Beathaisnéis
Breith30 Lúnasa 1920
Béal Átha Feorainne, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás8 Márta 1998
77 bliana d'aois
Seanadóir na hÉireann
23 Meitheamh 1965 – 24 Iúil 1969
Téarma parlaiminte: 11ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Teachta Dála
27 Deireadh Fómhair 1963 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin
Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1961 – 27 Deireadh Fómhair 1963 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin

Teachta Dála
16 Bealtaine 1958 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin
Teachta Dála
20 Márta 1957 – 16 Bealtaine 1958 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin

Teachta Dála
2 Meitheamh 1954 – 13 Nollaig 1956 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 15ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin

Teachta Dála
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 14ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin

Teachta Dála
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 13ú Dáil

Toghcheantar: Ros Comáin

Gníomhaíocht
Gairmimreoir peile Gaelaí, polaiteoir, ceardchumannaí Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaClann na Poblachta Cuir in eagar ar Wikidata
Spórtpeil Ghaelach Cuir in eagar ar Wikidata
Conair
  Foireann Comórtas
- Foireann Sinsir Peile Ros Comáin Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir as Béal Átha Feorainne ab ea Jack McQuillan (30 Lúnasa 1920 – 8 Márta 1998).[1] Polaiteoir radacach agus peileadóir cumasach a bhí i McQuillan, a raibh a chur amach féin aige ar chúrsaí sóisialta agus cúrsaí forbartha sa tír seo, ach nach raibh compordach ar deireadh in aon pháirtí polaitíochta.[2] Bhí sé ina bhall de Chlann na Poblachta, Páirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach, Páirtí an Lucht Oibre agus Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre.

Bhuaigh Ros Comáin an Chraobh Peile faoi dhó sna 1940idí, agus Jack McQuillan ar an bhfoireann. Ghnóthaigh Ros Comáin an Chraobh Uile-Éireann faoi dhó – uair amháin in aghaidh an Chabháin i 1943 agus uair eile in aghaidh Chiarraí i 1944. Ba é McQuillan a scóráil an cúl cinniúnach a bhuaigh an cluiche do Ros Comáin in aghaidh an Chabháin i 1943.

Duine an-aclaí ar fad a bhí ann – dhéanadh sé traenáil corpfhorbartha nuair nach mbíodh mórán cainte faoina leithéid.[2] Oifigeach airm a bhí in Jack McQuillan ar feadh Ré na Práinne.

Sheas cáil McQuillan mar pheileadóir dhó nuair a chuaigh sé leis an bpolaitíocht le Clann na Poblachta. D’éirigh McQuillan as an bPáirtí i 1951, i ngeall ar an gcaoi ar chaith siad leis an Dr Noel Browne, tar éis dó an Scéim Máithreacha agus Leanaí a chur chun cinn.[2]

Deirtear gur cuireadh i leith McQuillan go raibh sé i gcoinne na hEaglaise, ach ina ainneoin sin d’éirigh leis mar Neamhspleách sa gcéad Olltoghchán eile i 1951..

Ba iad McQuillan agus Browne an t-aon bheirt Teachta Dála a bhí ag an bPáirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach, (NPD) i 1958, ach bhí scileanna agus taithí na mblianta acu ar bhain siad an-úsáid astu i dTeach Laighean. Chuireadar an-bhrú ar rialtas Fhianna Fáil ag cur ceisteanna agus ag iarraidh díospóireachtaí go dtí gur athraíodh na rialacha d’aon turas chun a leithéid a chosc ar aon pháirtí nach raibh seachtar teachtaí acu.[2]

I 1963 chuaigh McQuillan isteach i bPáirtí an Lucht Oibre. Ba mhinic an masla ‘Ask Khrushchev’ a chaitheamh leis sa Dáil – tagairt do cheannaire an Aontais Shóivéadaigh. Chuir McQuillan an dlí ar an Roscommon Herald nuair a thuairisc siad gur dhúirt polaiteoir áitiúil gur Cumannach a bhí ann. Bhuaigh sé an cás clúmhillte ach níor cheadaigh an breitheamh ach cúiteamh leathphingine dó.

Ach de réir a chéile, chuaigh an droch-cháil a bhain le bheith ina radacach agus an phoiblíocht ón gcás cúirte i bhfeidhm ar na vótálaithe agus chaill McQuillan a shuíochán i 1965.

Bhuaigh McQuillan ansin suíochán sa Seanad (1965–9) agus choinnigh sé air ag brú polasaithe maidir le dul chun cinn na tuaithe agus cúrsaí tionsclaíochta.

Thit sé amach le Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1968/69. Chaill sé a mhuinín sa bpolaitíocht agus d’éirigh sé as Páirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1969. Bhog sé féin agus a chlann go Alicante na Spáinne mar ar chaith siad seacht mbliana le linn 1969-1976 (agus an deachtóir Franco fós bhfeidhm ar dtús).[3] Chaitheadar bliain i bPáras ina dhiaidh sin (1976-1977).

I 1977 bhí sé ar dhuine den dream a bhunaigh Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre ach d’éirigh sé as i 1979 toisc go raibh siad ag tacú leis an bpoblachtánachas míleata ina gcuid polasaithe maidir le Tuaisceart Éireann.[2]

I 1998, bhásaigh sé i mBaile Átha Cliath.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "McQuillan, John (‘Jack’) | Dictionary of Irish Biography" (en). www.dib.ie. Dáta rochtana: 2023-08-05.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Mairéad Ní Nuadháin (4 Lúnasa 2023). "Polaiteoir radacach agus peileadóir cumasach, ach ar éigean a chloisimid focal faoi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-05.
  3. Sin rud nach ndearna mórán daoine as an tír seo sna seascaidí. Ní raibh an t-uafás cainte ar chor ar bith ar an Spáinn, mar ionad saoire ná mar ionad cónaithe.