Jump to content

Noel Browne

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaNoel Browne
Beathaisnéis
Breith20 Nollaig 1915
Port Láirge, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás21 Bealtaine 1997
81 bliana d'aois
Baile na hAbhann, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
30 Meitheamh 1981 – 27 Eanáir 1982 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 22ú Dáil


Teachta Dála
5 Iúil 1977 – 21 Bealtaine 1981 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 21ú Dáil


Seanadóir na hÉireann
1 Meitheamh 1973 – 22 Meitheamh 1977
Téarma parlaiminte: 13ú Seanad Éireann

Toghcheantar: Ollscoil Átha Cliath
Teachta Dála
2 Iúil 1969 – 5 Feabhra 1973 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 19ú Dáil


Teachta Dála
27 Deireadh Fómhair 1963 – 11 Márta 1965 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil

Teachta Dála
11 Deireadh Fómhair 1961 – 27 Deireadh Fómhair 1963 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 17ú Dáil


Teachta Dála
16 Bealtaine 1958 – 1 Meán Fómhair 1961 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil

Teachta Dála
20 Márta 1957 – 16 Bealtaine 1958 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 16ú Dáil


Teachta Dála
13 Meitheamh 1951 – 23 Aibreán 1954 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 14ú Dáil


Teachta Dála
18 Feabhra 1948 – 2 Bealtaine 1951 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 13ú Dáil


An tAire Sláinte
18 Feabhra 1948 – 11 Aibreán 1951
← James RyanSeán A Mac Coisdealbha → Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath
Scoil Leighis, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaClann na Poblachta
Fianna Fáil Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Dochtúir agus polaiteoir Éireannach ab ea Noel BrowneNollaig Críostóir de Brún (20 Nollaig 1915 - 21 Bealtaine 1997). Ceapadh ina Aire Sláinte é ar a gcéad lá sa Dáil. Rinne a Scéim Mháthar agus Linbh a lán dochair don rialtas idirpháirtí 1948-1951.[1]

Ba ionadaí conspóideach é i gcónaí.[2] Ba Theachta Dála é do chúig pháirtí polaitiúil - Clann na Poblachta (caite amach), Fianna Fáil (caite amach), Páirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach (comh-bhunaitheoir), Páirtí an Lucht Oibre (caite amach) agus Páirtí Sóisialach an Lucht Oibre (comh-bhunaitheoir).

Tús a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Nollaig de Brún i bPort Láirge agus d'éirigh sé aníos i nDoire, in Áth Luain agus i mBaile an Róba. Ba chigire don NSPCC a athair agus, ceaptar mar thoradh dá chuid oibre, bhí an teaghlach buailte ag an ngalar eitinn.

Bciob an eitinn léi a athair agus a mháthair sna 1920í, sara raibh na ceithre bliana déag sáraithe aige. Cailleadh a dheirfiúr Eileen leis an ngalar blianta beaga ina dhiaidh sin. Ba iad na tragóidí seo a spreag é dul ar a oilithreacht cheanndána i gcoinne an bhochtanais.[3]

Ba í Eileen an té ba shine sa chlann agus ba í a chabhraigh leis an teaghlach bogadh go Sasana nuair a cailleadh an t-athair. Murach an cinneadh sin, ba i scoil saothair a bheadh na leanaí óir gur cailleadh an mháthair tamall beag ina dhiaidh sin. Ba iad teagmhálacha Eileen, an chinniúint agus sciorta den ádh a sheol Browne ar bhóthar an léinn agus an leighis.

Ligeadh Browne isteach saor in aisce dó go St. Anthonys, scoil in Eastbourne, Sasana. Bhuaigh sé scoláireacht do Beaumont College, scoil de chuid na nÍosánach gar do Old Windsor, Berkshire. Bhí cara aige sa scoil sin darbh ainm Neville Chance, buachaill ó Bhaile Átha Cliath. D'íoc athair Neville Chance, an máinlia Arthur Chance, as costas oiliúna de Brúin i gColáiste na Tríonóide ina dhiaidh sin, áit ina bhain sé céim dochtúireachta amach.

Bhí de Brún buailte ag an eitinn arís sa bhliain 1940 agus é fós ina mhacléinn. D'íoc an teaghlach Chance as cúrsa leighis a cuireadh air i sanatóir i Midhurst, Sussex. D'éirigh sé sna scrúdaithe dochtúireachta sa bhliain 1942, tar éis dó filleadh ar a sheanléim.

Cháiligh sé mar dhochtúir i gColáiste na Tríonóide. Thosaigh de Brún ag obair mar imtheorannach leighis in Ospidéal Dr Steevens i mBaile Átha Cliath. D'oibrigh sé i roinnt mhaith sanatóirí in Éirinn agus i Sasana ina dhiaidh sin agus chonaic sé léirscrios na heitinne. Thuig sé nach féidir leis dul i ngleic leis an ngalar gan páirt a ghlacadh i gcúrsaí polaitíochta.

Clann na Poblachta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh de Brún isteach i bpáirtí nua poblachtánach, Clann na Poblachta. Toghadh é don Dáil in olltoghchán 1948. Chuir ceannaire an pháirtí, Seán Mac Giolla Bhríde, ionadh ar dhaoine nuair a roghnaigh sé de Brún mar cheann den dá airí a bhí ag an bpáirtí sa chomhrialtas idir pháirtí a tháinig isteach. Ceapadh é mar Aire Sláinte. Tá sé ar dhuine den fhíorbheagán Teachtaí a roghnaíodh mar aire rialtais ar a gcéad lá sa Dáil.

Ar 14 Iúil 1949, ba é de Brún an t-aon aire rialtais a bhí i láthair ag sochraid Phrotastúnach (Eaglais na hÉireann) Dhubhghlas de hÍde.[4][5][6]

Aire Sláinte[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lucht taistil in Éirinn, 1946, Máthair agus Leanbh

Rinne de Brún gaisce mar Aire Sláinte sa chomhrac i gcoinne na heitinne, galar a dhein slad ar an bpobal an uair úd. D'éirigh sé ina aire ag am céanna a bhí drugaí nua ar fáil (vacsaín BCG agus an phenicillin, mar shampla). Bhí na drugaí nua ábalta galair éagsúla a leigheas, rud a bhí dodhéanta roimhe sin.

Chuir de Brún scéim scagthastála don eitinn ar bun a bhí saor in aisce don phobal. Dhíol sé acmhainní na roinne chun íoc as a fheachtas, a d'ísligh go mór ráta na heitinne in Éirinn.

An Scéim Mháthar agus Linbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinne de Brún iarracht an Scéim Mháthar agus Linbh a chur i bhfeidhm. Chuirfeadh an scéim cúram sláinte saor in aisce ar fáil, coincheap radacach ag an am. Chuir an Eaglais agus na dochtúirí in aghaidh na scéime. Níor thacaigh na hairí rialtais eile le de Brún agjus bhí port na scéime agus Browne seinnte. .

D'éirigh de Brún as mar Aire Sláinte ar an 11 Aibreán 1951.

Cé gur theip ar de Brún leis an Scéim Mháthar agus Linbh, chuir an chéad rialtas eile (rialtas Fhianna Fáil) roinnt de na polasaithe céanna i bhfeidhm.

Bhí iarmhairtí fadtréimhseacha ag baint leis an scannal seo do Browne féin agus dá chlann; dúirt sé go raibh sé an-deacair dóibh scoil a fháil don bheirt chailíní. An t-amhras agus doras an doichill a bhí rompu i measc na bunaíochta agus cuid den phobal.[3]

Níos déanaí sa pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cé gur toghadh de Brún go rialta ina dhiaidh sin, bhí sé i gcónaí ar imeall na polaitíochta. Díbríodh de Brún ó Chlann na Poblachta sa bhliain 1951 ach toghadh é mar Theachta Dála neamhspleách ag an chéad olltoghchán eile (30 Bealtaine 1951).

Chuaigh de Brún isteach i bhFianna Fáil sa bhliain 1953 ach chaill sé a shuíochán Dála in olltoghchán 1954. Caitheadh amach ó Fhianna Fáil é níos déanaí.

Toghadh é mar iarrthóir neamhspleách in olltoghchán 1957. Bhunaigh sé an Páirtí Náisiúnta Daonlathach Forásach le Jack McQuillan sa bhliain 1958. Toghadh arís é in olltoghchán 1961.

Chuaigh de Brún agus McQuillan isteach i bPáirtí an Lucht Oibre sa bhliain 1963. Dhíscoir siad na Daonlathaithe Forchéimnitheacha Náisiúnta. Chaill de Brún a shuíochán in olltoghchán 1965 ach toghadh é arís in olltoghchán 1969

Ní bhfuair sé ainmniúchán ón bpáirtí d'olltoghchán 1973 ach toghadh é do Sheanad Éireann. Caitheadh amach ó Pháirtí an Lucht Oibre é go luath ina dhiaidh sin.

Bhain sé suíochán Dála amach arís in olltoghchán 1977 mar iarrthóir neamhspleách. Bhunaigh sé páirtí nua, Páirtí Soisialach an Lucht Oibre, ach ba é de Brún an t-aon TD a bhí ag an bpáirtí.

D'éirigh sé as an pholaitíocht ag olltoghchán Mhí Feabhra 1982.

Uachtaránacht 1990[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh roinnt ball ar eite chlé Pháirtí an Lucht Oibre iarracht ainmniúchán a fháil do de Brún do thoghchán uachtaránachta 1990. Cé nach raibh sláinte de Brúin rómhaith, bhí sé sásta a ainm a chur san áireamh. Ní raibh ceannaireacht Pháirtí an Lucht Oibre sásta áfach - bhí sé beartaithe acu cheana féin go mbeadh Máire Mhic Róibín iarrthóir an pháirtí. Cheap siad nach raibh meas ag de Brún don pháirtí agus go mbeadh sé uafásach mar iarrthóir. Nuair a d'inis Risteard Mac An Earraigh do de Brún nach mbeadh sé roghnaithe mar iarrthóir an pháirtí chuir de Brún an fón síos. Thacaigh de Brún le iarrthóir Fhine Gael, Austin Currie. Bhí sé i gcónaí ag gearán faoi Mhic Róibín go dtí deireadh a shaol seacht mbliana ina dhiaidh sin.

Pearsantacht de Brúin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Lean conspóid i gcónaí de Brún. Ba liobrálaí dinimiciúil é a sheas an fód in éadan an Chaitliceachais choimeádaigh de réir a lucht leanúna. Ba dhuine neamhfhorasta conróideach é agus bhí sé féin freagrach don chuid is mó de na deacrachtaí a bhí aige de réir a chuid naimhde.

Foilsíodh a fhéinbheathaisnéis Against the Tide sa bhliain 1986, rud a tharraing níos mó conspóide air. Cheistigh roinnt staraithe, Dr Ruth Barrington ina measc, iontaofacht an leabhair.[7]

Tar éis dó éirí as, bhog de Brún go dtí Baile na hAbhann, Contae na Gaillimhe lena bhean Phyllis. Fuair sé bás ann ar 21 Bealtaine 1997 agus é 81 bhliain d'aois.

Saol i gConamara[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fuair Browne agus a chlann tearmann i gConamara sna 1960idí-luath[8] agus ba léir go raibh an-nasc acu leis an gceantar.[3] Níos déanaí labhair Browne féin faoin bhfonn a bhí air an Ghaeilge a fhoghlaim agus bhí sé ábalta comhrá as Gaeilge a choinneáil ar siúl.[9]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "The Mother and Child Scheme – The role of Church and State." (en-US). The Irish Story (2013-06-19). Dáta rochtana: 2019-05-21.
  2. Bowman: Sunday (8.30 Sunday 17 July 2022). "Noel Browne" (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2022-07-17.
  3. 3.0 3.1 3.2 Breandán M Mac Gearailt (6 Lúnasa 2023). "Fear ann féin a bhí chun tosaigh ar lucht a linne – léargas nua ar Noël Browne" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2023-08-06.
  4. "FUNERAL OF DR. DOUGLAS HYDE - FORMER PRESIDENT OF IRELAND" (en-GB). British Pathé. Dáta rochtana: 2023-08-06.
  5. "Douglas Hyde: A Maker of Modern Ireland". publishing.cdlib.org. Dáta rochtana: 2023-08-06.
  6. Mon, 09 Apr, 2018 - 01:00 (2018-04-09). "When ministers and the State bowed to the Church" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-08-06.
  7. Ruth Barrington, Health, Medicine and Politics in Ireland 1900-1970, Institute of Public Administration, 1987, ISBN 0-906980-72-0.
  8. Galway Advertiser, Thu, Sep 01, 2011. "Retirement home of the late Dr Noel Browne on the market". Galway Advertiser. Dáta rochtana: 2023-08-07.
  9. "Connemara community remembers Dr Noël Browne" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-08-07.