Declan Costello

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Declan Costello
Teachta Dála

Meitheamh 13, 1951 - Aibreán 23, 1954
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1951
Teachta Dála

Meitheamh 2, 1954 - Nollaig 13, 1956
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1954
ionadaí an Tionóil Pharlaiminte de Chomhairle na hEorpa

Meán Fómhair 13, 1954 - Eanáir 1, 1957
Teachta Dála

Márta 20, 1957 - Meán Fómhair 1, 1961
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1957
ionadaí do Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Aibreán 29, 1957 - Aibreán 1, 1961
Teachta Dála

Deireadh Fómhair 11, 1961 - Márta 11, 1965
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1961
Teachta Dála

Aibreán 21, 1965 - Bealtaine 21, 1969
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Thuaidh
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1965
Teachta Dála

Márta 14, 1973 - Bealtaine 25, 1977
Dúiche: Baile Átha Cliath Thiar Theas
Toghchán: Olltoghchán na hÉireann, 1973
16. Ard-Aighne na hÉireann

Márta 15, 1973 - Bealtaine 19, 1977
Colm Condon (en) Aistrigh - John Maurice Kelly
High Court Judge (en) Aistrigh

Meitheamh 1, 1977 - Meán Fómhair 3, 1998
President of the High Court (en) Aistrigh

Lúnasa 1, 1995 - Deireadh Fómhair 12, 1998
Harry Whelehan (en) Aistrigh - Frederick Morris (en) Aistrigh
Saol
Eolas breitheFionnradharc, 1ú Lúnasa 1926
NáisiúntachtÉire
Saorstát Éireann
BásOspidéal Beaumont, 6 Meitheamh 2011
Áit adhlacthaReilig Sheangánaí
Oideachas
Alma materAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Gairm
Gairmbreitheamh, polaiteoir agus abhcóide
Cleamhnú
Páirtithe polaitíochtaFine Gael

Dlí-eolaí agus iarpholaiteoir de chuid Fhine Gael ab ea Deaglún Mac Coisdealbha (Béarla: Declan Costello) 1 Lúnasa 1926 - 6 Meitheamh 2011) a bhí mar Theachta Dála ar feadh 20 bliain, mar Ard-Aighne ar feadh ceithre go leith bliain agus mar bhreitheamh san Ard-Chúirt ar feadh 20 bliain sular éirigh sé as.

Rugadh i mBaile Átha Cliath é, mac Sheán Mac Coisdealbha a bhí ina Thaoiseach dhá uaire. Toghadh é den chéad uair in olltoghchán na bliana 1951 i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh agus atoghadh é ag gach olltoghchán ina dhiaidh sin go dtí gur éirigh sé as sa bhliain 1969. Sheas sé arís i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar-Theas ag olltoghchán 1973 agus toghadh arís é.

Fine Gael logo.png

Ní raibh Fine Gael i gcumhacht i rith na 1960í agus ba cheannaire é Mac Coisdealbha de ghlúin nua polaiteoirí a bhí ag iarraidh Fine Gael a bhogadh ar chlé. Ba phríomh-údar é den cháipéis I dTreo Sochaí Cheart (Béarla: Towards a Just Society) a bhí mar chlár Fhine Gael in olltoghchán 1965. Bhí tionchar mór ar an gcáipéis ar an bpáirtí sna blianta ina dhiaidh sin.

Ceapadh mar Ard-Aighne é sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a bhuaigh olltoghchán 1973.

D'éirigh sé as an bpolaitíocht nuair a ceapadh é mar bhreitheamh san Ard-Chúirt sa bhliain 1977.

Bhí sé i gceannas ar an mbinse fiosrúcháin a scrúdaigh an tubaiste a tharla in Oileán Faoide sa bhliain 1979 nuair a phléasc long ola. Ceapadh é mar Uachtarán na hÁrd-Chúirte sa bhliain 1994 agus d'éirigh sé as sa bhliain 1997.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]