Baile Átha Cliath Thiar Theas (Dáilcheantar)
Baile Átha Cliath Thiar Theas | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | ||||
Iaraonán críochach riaracháin | Contae Bhaile Átha Cliath | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1981 |
Is Dáilcheantar 5 suíochán é Baile Átha Cliath Thiar Theas.[1]
Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Olltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála John Lahart (Fianna Fáil), Paul Murphy (Dlúthphartíocht–Pobal seachas Bhrabús), Colm Brophy (Fine Gael), Seán Crowe (Sinn Féin) agus Katherine Zappone (Neamhspleách). Theip ar Eamonn Maloney (Nspl).
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála John Lahart (Fianna Fáil), Paul Murphy (Dlúthphartíocht–Pobal seachas Bhrabús), Colm Brophy (Fine Gael), Seán Crowe (Sinn Féin) agus Francis Noel Duffy (CG). Theip ar Katherine Zappone (Neamhspleách). Bhí Seán Crowe (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 20,077 vóta, dóthain vótaí le beirt a thoghadh ach ní raibh ach iarrthóir amháin ar an bpáipéar ballóide ag Sinn Féin. Fuair Paul Murphy (PsB) 3,444 vóta aistrithe ó fharasbarr Sheán Crowe agus thóg sé an dara suíochán. Toghadh Lahart (FF) le 5,503 vóta céadrogha.
Fuair Duffy (CG) drochphoiblíocht in 2024 mar gur chuir sé in aghaidh forbairt tithíochta a bhí beartaithe a thógáil gar dá theach féin.[2]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí thart ar 7,500 vóta i dTamhlacht caillte ag an dáilcheantar ach bhí an líon suíochán mar a chéile. Sheas seisear déag iarrthóirí, ina measc an cúigear Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Seán Crowe ó Shinn Féin; Paul Murphy ón ngrúpa Pobal seachas Brabús; Noel Francis Duffy ón gComhaontas Glas; John Lahart ó Fhianna Fáil agus Colm Brophy ó Fhine Gael.[2]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Dublin South-West (Dáil constituency)
- ↑ 2.0 2.1 Donncha Ó hÉallaithe (28 Samhain 2024). "Beirt chainteoirí Gaeilge le suíochán a fháil I ndeisceart Bhaile Átha Cliath, tabharfaidh aire na Gaeltachta na cosa léi" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.