Corcaigh Thiar Thuaidh (Dáilcheantar)
Corcaigh Thiar Thuaidh | |||||
---|---|---|---|---|---|
Suíomh | |||||
Stát ceannasach | Éire | ||||
Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
Contae in Éirinn | Contae Chorcaí | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Cruthú | 1981 | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is Dáilcheantar 3 suíochán é Corcaigh Thiar Thuaidh. Sa bhliain 2024, bhí Baile an Chollaigh ar imeall na cathrach, áit a bhfuil 13,000 vóta ann, aistrithe go Corcaigh Thuaidh-Lár.
Is idir Fianna Fáil agus Fine Gael a bhíonn roinnt na suíochán anseo go traidisiúnta. D’éirigh le Fine Gael péire a thógáil in 2011 ach Fianna Fáil a thóg an dá shuíochán in 2016 agus in 2020.[1]
Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Olltoghchán 2016
San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Michael Creed (Fine Gael), Aindrias Moynihan (Fianna Fáil) agus Michael Moynihan (Fianna Fáil)
Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Michael Creed (Fine Gael), Aindrias Moynihan (Fianna Fáil) agus Michael Moynihan (Fianna Fáil) aon uair amháin eile.
Olltoghchán 2024
Aonar déag a bhí san iomaíocht in Olltoghchán 2024. Sheas an t-iar-aire Michael Creed (FG) as. Ina áit, bhí a chol ceathar, an comhairleoir Michael Óg Creed (FG) as Maigh Chromtha. Sheas beirt den triúr a toghadh in 2020 in athuair, an fear Gaeltachta Aindrias Moynihan (FF) ó Chúil Aodha agus Michael Moynihan (FF) ó Choiscéim na Caillí.[1]
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 John Paul O'Shea (FG) agus atoghadh Aindrias Moynihan (Fianna Fáil) agus Michael Moynihan (Fianna Fáil) aon uair amháin eile.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (24 Samhain 2024). "Seans ag FG ar shuíochán breise in iarthar Chorcaí, ba chóir go dtiocfadh Holly Cairns slá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-25.