Tiobraid Árann Theas (Dáilcheantar)
| Suíomh | |||||
|---|---|---|---|---|---|
| Stát ceannasach | Éire | ||||
| Cúige Éireannach | Cúige Mumhan | ||||
| Iaraonán críochach riaracháin | Contae Thiobraid Árann | ||||
| Sonraí stairiúla | |||||
| Leanann sé/sí | Tiobraid Árann | ||||
| Cruthú | 2024 | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Is Dáilcheantar 3 shuíochán é Tiobraid Árann Theas.
Sa bhliain 2024, bhí Tiobraid Árann roinnte ina dhá dháilcheantar trí shuíochán. Dáilcheantar cúig shuíochán a bhí ann sa bhliain 2020.


Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Tiobraid Árann Theas ina dháilcheantar as féin in 2011. Ba é Séamas Healy (WUA), Workers and Unemployed Action), a fuair an chéad suíochán i dTiobraid Árann Theas in 2011, suíochán a bhuaigh sé in 2016 ach theip air é a fháil in 2020. D'éirigh le Fine Gael suíochán a fháil in 2011 i dTiobraid Árann Theas nuair a toghadh Tom Hayes. [1] Ach níor éirigh le Fine Gael suíochán a fháil i dTiobraid Árann le linn 2016-2020.
In 2007 a toghadh Mattie McGrath den chéad uair dó Fianna Fáil. D'fhág sé an páirtí mar nach nglacfadh Ardoifig an pháirtí leis mar iarrthóir agus toghadh é mar Neamhspleách in 2011. Dá mhéad magadh a dhéantar faoi Mhattie McGrath (Nspl) sna meáin náisiúnta is ea is mó a thacaíocht i measc a mhuintire i ndeisceart Thiobraid Árann.As an gCaisleán Nua atá Mattie McGrath, ceantar a bhí aitheanta mar Bhreac-Ghaeltacht suas go dtí 1956. Tá smeadar Gaeilge ag Mattie McGrath.[1]
2020
Fuair Martin Brown (SF) suíochán do Shinn Féin. Bhí vóta ard céadrogha aige – 10,004 – agus fuair sé 2,082 vótaí aistrithe ó Shéamas Healy (WUA) agus bhí an an tríú suíochán as na cúig shuíochán aige dá bharr.[1]
2024
Bhí dháréag iarrthóirí san iomaíocht in 2024, agus bhí triúr le toghadh.
Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Michael Murphy (FG),[2] Séamus Healy (Nspl), agus Mattie McGrath (Nspl).[3] Theip ar Martin Brown (SF).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Donncha Ó hÉallaithe (21 Samhain 2024). "Seans ag Sinn Féin ar shuíochán breise agus Alan Kelly Pháirtí an Lucht Oibre i mbaol" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-23.
- ↑ Fuair Michael Murphy tromlach na vótaí i gCluain Meala, an baile is mó sa dáilcheantar. Sna toghcháin áitiúla 2024 fuair sé 2,746 vóta.
- ↑ "Tipperary South - your updates" (as en) (2024-12-02).