Baile Átha Cliath - Fine Gall Thiar (Dáilcheantar)
Baile Átha Cliath - Fine Gall Thiar | ||||
---|---|---|---|---|
Suíomh | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Is Dáilcheantar 3 suíochán suite i bhFine Gall, Contae Bhaile Átha Cliath é Fine Gall Thiar. De bharr an méadú ar an daonra ó 2020 i bhFine Gall, socraíodh dhá dháilcheantar 3 shuíochán a chruthú, Fine Gall Thiar (Baile Brigín, An Ros-Lusca, Mullach Íde, Na Sceirí srl) agus Fine Gall Thoir.
Toghcháin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Olltoghchán 2020
San Olltoghchán 2020 (5 suíochán ag an am), toghadh i bhFine Gall Thiar Louise O’Reilly (SF) agus Joe O’Brien (CG). Bhí O’Reilly ar bharr an chomhairimh i bhFine Gall in 2020 le 15,792 vóta agus toghadh í ar an gcéad chomhaireamh agus 5,218 vóta le spáráil aici.[1]
Sna toghcháin áitiúla 2024 sa gcuid seo den Dáilcheantar bhí thart ar 12% den vóta ag iarrthóirí ó Fhianna Fáil agus 12% ag iarrthóirí ó Fhine Gael agus bhí 28% ag iarrthóirí ón Lucht Oibre. Bhíodh an Comhaontas Glas láidir sa gceantar seo ach sna toghcháin áitiúla ní raibh ag iarrthóirí ón Chomhaontas Glas ach 6%. Bhí thart ar 11% ag iarrthóirí Shinn Féin.[1]
Olltoghchán 2024
San Olltoghchán 2024, bhí dháréag iarrthóirí ag seasamh, ina measc beirt de na Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Louise O’Reilly (SF) agus Joe O’Brien (CG).[1] Toghadh Louise O’Reilly (SF), Robert O'Donoghue (LO) agus Grace Boland (FG).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Donncha Ó hÉallaithe (26 Samhain 2024). "Aire stáit faoi bhrú i nDún Laoghaire agus deis ag Gaeilgeoirí Fhianna Fáil i bhFine Gall ar shuíocháin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.