Jump to content

Dún na nGall (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilDún na nGall

Suíomh
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Uladh
Contae in ÉirinnContae Dhún na nGall Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú2016
Aitheantóir tuairisciúil

Is Dáilcheantar 5 suíochán é Dún na nGall, é ag clúdach an chuid is mó de Chontae Dhún na nGall. Tháinig an toghcheantar ar an bhfód don chéad uair in Olltoghchán 2016.

Olltoghchán 2016

[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Pearse Doherty (Sinn Féin), Charlie McConalogue (Fianna Fáil), Joe McHugh (Fine Gael), Thomas Pringle (Neamhspleách) agus Pat the Cope Gallagher.

Olltoghchán 2020

[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Pearse Doherty (Sinn Féin), Pádraig Mac Lochlainn (Sinn Féin), Charlie McConalogue (Fianna Fáil), Joe McHugh (Fine Gael), agus Thomas Pringle (Neamhspleách). Bhuaigh Sinn Féin dhá shuíochán ach bhí dóthain vótaí ag an bpáirtí – 45% – le triúr a thoghadh in 2020 dá mbeadh an tríú hiarrthóir san iomaíocht acu.

Olltoghchán 2024

[cuir in eagar | athraigh foinse]

San Olltoghchán 2024, fágadh dáilcheantar Dhún na nGall mar a bhí sé, cé go raibh plé ann go gcuirfí an ceantar thart ar Bhun Dobhráin i ndeisceart an chontae atá i Sligeach-Liatroim ar ais leis an gcuid eile de Dhún na nGall agus go mbrisfí an contae ina dhá dháilcheantar trí shuíochán. Níor tharla sin. Bhí díomá ar Shinn Féin nár briseadh Dún na nGall idir dhá thoghcheantar trí shuíochán mar dá mbrisfí bheadh seans acu ar thrí shuíochán ar a laghad a bhuachan sa gcontae.

Cúig shuíochán a bhí le líonadh agus scór is a haon iarrthóir a bhí ar an bpáipéar ballóide, ina measc ceathrar den chúigear a toghadh in 2020: Pearse Doherty (SF) agus Pádraig Mac Lochlainn (SF) ó Shinn Féin chomh maith leis an Aire Charlie McConalogue (FF) agus an Teachta neamhspleách ar chlé Thomas Pringle. D’éirigh Joe McHugh as Fine Gael le linn a thréimhse sa Dáil, i mí Iúil 2022, de bharr útamáil an rialtais faoi réiteach a fháil ar chruachás na ndaoine i nDún na nGall, a raibh brící lochtacha ina gcuid tithe.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Charles Ward (Cúiteamh 100%) agus Pat the Cope Gallagher agus atoghadh Pearse Doherty (Sinn Féin), Pádraig Mac Lochlainn (Sinn Féin) agus Charlie McConalogue (Fianna Fáil). Theip ar Thomas Pringle (Neamhspleách).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Olltoghchán 2020

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Olltoghchán 2020: Dún na nGall
Páirtí Iarrthóir Scair Comhair 1 Comhair 2 Comhair 3 Comhair 4 Comhair 5 Comhair 6 Comhair 7 Comhair 8 Comhair 9
Sinn Féin Pearse Doherty 27.2% 21,044
Sinn Féin Pádraig Mac Lochlainn 17.9% 13,891
Fianna Fáil Charlie McConalogue 10.8% 8,347 8,871 9,022 9,078 9,425 9,633 10,954 10,270 11,432
Fine Gael Joe McHugh 9.8% 7,621 8,093 8,129 8,170 8,309 8,740 8,988 10,920 12,104
Fianna Fáil Pat The Cope Gallagher 9.6% 7,469 8,661 8,688 8,729 8,905 9,035 9,518 10,146 11,074
Neamhspleách Thomas Pringle 7.1% 5,472 8,270 8,521 8,621 8,947 9,637 10,241 10,755 12,245
Neamhspleách John O'Donnell 6.1% 4,735 5,620 5,780 5,891 6,168 6,294 6,956 7,106
Fine Gael Martin Harley 3.9% 3,056 3,491 3,502 3,526 3,650 3,771 3,896
Aontú Mary T. Sweeney 3.1% 2,382 2,827 2,907 3,128 3,349 3,600
Comhaontas Glas Michael White 2.1% 1,656 2,113 2,194 2,220 2,339
Neamhspleách Peter Casey 1.5% 1,143 1,804 1,950 2,132
Neamhspleách Niall McConnell 0.7% 580 803 832
Neamhspleách Arthur McGuinness 0.1% 56 99 109


Olltoghchán 2016

[cuir in eagar | athraigh foinse]
Olltoghchán 2016: Dún na nGall
PáirtíIarrthóirScairComhair 1Comhair 2Comhair 3Comhair 4Comhair 5Comhair 6Comhair 7Comhair 8Comhair 9Comhair 10Comhair 11Comhair 12Comhair 13
Fianna FáilCharlie McConalogue17.1%12,533
Sinn FéinPearse Doherty14.1%10,30010,30510,33010,52410,87011,05311,19014,600
Fianna FáilPat The Cope Gallagher13.9%10,19810,20310,36210,50410,69410,94111,16011,26711,39811,83213,138
Fine GaelJoe McHugh11.5%8,4128,4148,4438,7048,7958,96511,01611,04011,06111,78412, 469
NeamhspleáchThomas Pringle8.5%6,2206,2396,2476,4986,6897,3897,5227,6177,7228,4919,4689,88810,082
Sinn FéinPádraig Mac Lochlainn7.8%5,7425,7435,7735,8935,9616,0086,0326,5678,5099,1439,7169,8529,898
NeamhspleáchTim Jackson4.9%3,5803,5853,5803,5853,6013,7524,0344,3194,5244,6504,7905,864
NeamhspleáchDessie Shiels5.1%3,7243,7243,7393,9864,1664,2884,4634,4974,540
Sinn FéinGary Doherty5.6%4,1364,1384,1424,1834,3774,4204,456
Fine GaelPaddy Harte, Jnr3.9%2,8312,8322,8382,9343,1333,244
Comhghuaillíocht NeamhspleáchNiamh Kennedy2.5%1,8361,8421,8481,9832,057
NeamhspleáchFrank McBrearty, Jnr2.6%1,9141,9171,9211,981
NeamhspleáchIan McGarvey1.3%982982989
Comhaontas GlasPaula Flanagan0.6%428442443
NeamhspleáchMichael Mooney0.5%397402407
Fís NuaCordelia Nic Fhearraigh0.1%70