Jump to content

Cuan Bhaile Átha Cliath Theas (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCuan Bhaile Átha Cliath Theas

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú2016

Is Dáilcheantar 4 suíochán é Cuan Bhaile Átha Cliath Theas. Is ceantar láidir Fine Gael é seo. Ní ceantar é seo ina bhfuil Fianna Fáil láidir.

Kate O'Connell, FG, 2016
Ivana Bacik, 2020

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Eoghan Murphy (Fine Gael), Kate O'Connell (Fine Gael), Éamon Ryan (Comhaontas Glas), agus Jim O'Callaghan (Fianna Fáil). Theip ar Lucinda Creighton.

Olltoghchán 2020

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Eoghan Murphy (Fine Gael), Chris Andrews (SF) Éamon Ryan (Comhaontas Glas), agus Jim O'Callaghan (Fianna Fáil). Theip ar Kate O'Connell (Fine Gael).

Fuair iarrthóirí Fine Gael 28% den vóta in 2020 ach chaill an páirtí an suíochán a bhí ag Kate O’Connell; fuair sí 4,624 agus chaill sí amach ar shuíochán le thart ar 900 vóta.

Toghadh Ivana Bacik (LO), ceannaire an Lucht Oibre , sa bhfothoghchán chun suíochán Eoghan Murphy (FG) a líonadh, sa bhliain 2021. Thóg sí an suíochán a bhí ag Fine Gael.[1]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí ochtar déag iarrthóirí ar thóir ceithre shuíochán, ina measc tá Ceannaire an Lucht Oibre, Ivana Bacik (LO), Chris Andrews (SF) agus Jim O’Callaghan (FF), triúr a bhí ina dTeachtaí Dála sa 33ú Dáil. Ní raibh Eamon Ryan (CG agus an tAire Fuinnimh ag an am) ag seasamh.

Sheas Kate O’Connell. mar iarrthóir neamhspleách, mar nár roghnaíodh í le seasamh d’Fhine Gael. Bhí feachtas láidir ar bun aici agus fuair sí neart poiblíochta ó na meáin náisiúnta. Bhí próifíl ard ag Ivana Bacik (LO) sa toghchán seo chomh maith.[1]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 James Geoghegan (FG), Eoin Hayes (SD), Jim O’Callaghan (FF) agus Ivana Bacik (LO).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Donncha Ó hÉallaithe (27 Samhain 2024). "Cathanna suimiúla romhainn i gcathair Bhaile Átha Cliath agus polaiteoirí mór le rá i gcontúirt" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-27.