Jump to content

Toghcháin áitiúla na hÉireann, 2024

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtToghcháin áitiúla na hÉireann, 2024
Cineáltoghchán Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na blianaMeitheamh 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
2019 Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Reáchtáladh Toghcháin áitiúla na hÉireann, 2019 ar an 7 Meitheamh 2024. Thart ar 23% de vótaí céadrogha a bhí ag dhá mhórpháirtí an rialtais. Bhí timpeall 12% de na vótaí céadrogha ag Sinn Féin agus drochlá acu sna toghcháin, cé go raibh siad go maith chun tosaigh sna pobalbhreitheanna náisiúnta i dtús na bliana.[1]

Torthaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Fianna Fáil agus Fine Gael[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí os cionn leath de na suíocháin ar chomhairlí áitiúla buaite sna toghcháin áitiúla seo ag Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile. Bhí dhá cheann de na páirtithe comhrialtais ag an am, Fianna Fáil agus Fine Gael, gob ar ghob beagnach; 248 suíochán ag Fianna Fáil i gcomhairlí áitiúla agus 245 ag Fine Gael, agus 949 suíochán le fáil in iomlán.

Maígh Fine Gael gur éirigh leosan níos mó vótaí céadrogha a fháil ná aon pháirtí eile i dtoghcháin áitiúla (agus Eorpacha ar an lá céanna).[2] Cé gur laghdú ar líon na suíochán a bhí i gceist don dá pháirtí – 279 a fuair Fianna Fáil in 2019 agus 255 a bhí ag Fine Gael – bhí siad sásta go raibh siad i bhfad chun cinn ar Shinn Féin, páirtí a raibh drochlá ceart aige.[3]

Sinn Féin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí ardú 2% tagtha ar an sciar den vóta a fuair Sinn Féin sna toghcháin áitiúla 2024 i gcomparáid leis an sciar a fuair siad sna toghcháin áitiúla i 2019. Sin ráite, tháinig ardú as cuimse ar an tacaíocht do Shinn Féin san Olltoghcháin i 2020 . I gcomparáid leis an sciar den vóta a fuair siad san olltoghchán sin, bhí titim 13% tagtha ar an tacaíocht dóibh sna toghcháin áitiúla i 2024 (figiúr gur mór idir é agus an 30% a bhí á léiriú don pháirtí sna pobalbhreitheanna a rinneadh le tamall).[4] Mar sin ní raibh cúis cheiliúrtha ag Sinn Féin i ndiaidh na dtoghchán seo; níor bhain siad ach 102 suíochán, ach dúbailt an méid sin an sprioc a bhí acu.

D'éirigh le neamhspleáigh agus daoine eile a bhí an-cháinteach faoin inimirce chun na tíre seo baint de stádas Mhary Lou McDonald agus á páirtí mar phríómhfhreasúra an rialtais. Bhí go leor ceisteanna tarraingthe i ndiaidh na dtoghchán seo maidir le ceannasaíocht Mary Lou McDonald ar an bpáirtí agus maidir leis na cinntí stráitéiseacha a rinne siad ag druidim leis na toghcháin.[5]

Eite chlé[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí 56 suíochán buaite ag Páirtí an Lucht Oibre (i gcomparáid le 57 suíochán in 2019) agus tá 35 buaite ag na Daonlathaigh Shóisialta (i gcomparáid le 19 in 2019). Bhí aird ar na Daonlathaigh Shóisialta sa bpríomhchathair ach go háirithe. Seachas Fine Gael, b'iad an páirtí is mó go bhfuil suíocháin acu ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bhí Páirtí an Lucht Oibre agus na Daonlathaigh Shóisialta in ann teacht le chéile agus dúshlán suntasach a thabhairt do Shinn Féin mar rogha "eile" ag an am.[5]

Bhí 13 suíochán ag Pobal seachas Bhrabús agus ocht gcinn ag Aontú.

Na Glasaigh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Níor éirigh ró-mhaith le Comhaontas Glas. Agus ní haon ionadh ba ea é sin, is maith le pobal na hÉireann pionós a ghearradh de gnáth ar an bpáirtnéir is lú i gcomhrialtas. 25 suíochán a ghnóthaigh an Comhaontas Glas, laghdú mór ar an 49 suíochán a fuair siad i dtoghchán 2019, toghchán inar éirigh leo 37 suíochán breise a fháil. Ní raibh Glasach ar bith tofa ar Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Ba chomhairle láidir é sin i gcónaí do na Glasaigh, idir Chomhaontas Glas agus Rabartha Glas - páirtí glas níos radacaí ar cheisteanna athrú aeráide.

É sin ráite, ní raibh torthaí Chomhaontas Glas chomh holc agus a d'fhéadfaidís a bheith. Agus d’éirigh go maith le Comhaontas Glas, áfach, ar Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath.[5] D’ainneoin a líon suíochán a bheith laghdaithe, d’éirigh leis an gComhaontas Glas a gcéatadán den vóta a choinneáil cuid mhaith, fuair siad 4% an iarraidh seo beagán beag faoi chéatadán 2019 agus níor scriosadh iad mar a bhí á thuar ag roinnt.[3]

Neamhspleáiche[cuir in eagar | athraigh foinse]

B'iad na hiarrthóirí neamhspleácha is mó a dtarraing aird orthu féin sna toghcháin áitiúla seo. Bhí lá an-mhaith ag neamhspleáigh ar éirigh leo 21% den vóta céadrogha a fháil. Bhí 183 suíochán buaite acu ar fud na tíre, go leor acu ar an eite chlé.

D’éirigh le roinnt bheag iarrthóirí atá ar an eite fhíordheis suíocháin a fháil ar údaráis áitiúla. Léirigh tráchtairí áirithe imní roimh na toghcháin seo go dtiocfadh ardú mór ar an tacaíocht don eite dheis - mar atá tarlaithe ar fud na hEorpa - go háirithe i bhfianaise na bpuball in aice leis an gCanáil Mhór i mBaile Átha Cliath agus na n-agóidí frith-iarrthóirí cosanta idirnáisiúnta i mbailte ar fud na tíre. Níor tharla sé, sa deireadh, gur toghadh lear mór iarrthóirí ón eite dheis, ach bhí ardú suntasach tagtha ar an tacaíocht dóibh.

21 suíochán a bhuaigh an páirtí nua Independent Ireland, trí cinn acu sin i gConamara. Chuir Páirtí Saoirse na hÉireann 23 iarrthóir chun tosaigh agus sheas naoinúr ar son an Pháirtí Náisiúnta. Toghadh iarrthóir amháin de chuid an dá pháirtí sin.[5]

Sa bpríomhchathair, mar shampla, toghadh Glen Moore, Páirtí Saoirse na hÉireann, i mBaile Phámar, mar chuid de Chomhairle Contae Átha Cliath Theas. Agus toghadh Patrick Quinlan, atá mar bhall den Pháirtí Náisiúnta go Chomhairle Contae Fhine Gall. Toghadh Malachy Steenson agus Gavin Pepper go Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath. Bhí an bheirt acu siúd ag seasamh mar iarrthóirí neamhspleácha, ach bhí siad ag seasamh ar ardán frith-inimirce ar aon.

Chuir Páirtí Mhuintir na hÉireann 55 iarrthóir chun tosaigh agus bhí ochtar ag Éire chun Tosaigh. Níor toghadh aon iarrthóir de chuid ceachtar den dá pháirtí sin, áfach. Ach is léiriú é go raibh na hiarrthóirí acu agus go mbeidh siad ag déanamh réidh don olltoghchán ag an am.[5]

Toghchán an mhéara in Luimneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí John Moran, iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais, tofa ina Mhéara ar Luimneach. Ba ea é seo an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine cláraithe i gcontae agus i gcathair Luimnigh Méara a thoghadh.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Beagnach gach ceann den 949 suíochán sna húdaráis áitiúla líonta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-11). Dáta rochtana: 2024-06-11.
  2. Bhí Fine Gael chun cinn ó thaobh céatadán na vótaí céadrogha agus 23% acu agus Fianna Fála sna sála orthu le 22.9%.
  3. 3.0 3.1 Seán Tadhg Ó Gairbhí (12 Meitheamh 2024). "Na suíocháin go léir líonta, Fianna Fáil fós ar an bpáirtí is mó sna húdaráis áitiúla" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-12.
  4. Cinnte is mór an difear idir toghcháin áitiúla agus olltoghcháin.
  5. 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 Nuacht RTÉ (2024-06-11). "Céard a insíonn torthaí na dtoghchán áitiúil dúinn?" (as ga-IE). 
  6. "John Moran tofa ina mhéara ar Luimneach i dtoghchán stairiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-11). Dáta rochtana: 2024-06-11.