Jump to content

John Moran

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaJohn Moran
Beathaisnéis
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síAn Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Ollscoil Pennsylvania Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla

Is polaiteoir, fear gnó agus státseirbhíseach é John Moran. Toghadh é ina mhéara ar Luimneach in 2024, ar feadh thréimhse cúig bliana. Cuireadh tús foirmeálta lena réim mar mhéara ar an 21 Meitheamh 2024.[1] Ba ea é seo an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine atá cláraithe i gcontae agus i gcathair Luimnigh Méara a thoghadh.[2]

Cathaoir an Mhéara, Lumneach

Pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh Moran i Mungairit, Co. Luimnigh.[3] D’fhreastail sé ar scoil náisiúnta Naomh Pól i dTuar an Daill, agus ar Mheánscoil na mBráithre Críostaí, Sráid Uí Sheasnáin, i Luimneach.

Bhain sé céim sa dlí amach sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus máistreacht sna Stáit Aontaithe ina dhiaidh sin.[1]

Is fear aerach é.[4]

Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí Moran ina Ard-Rúnaí ar an Roinn Airgeadais ó 2012 go 2014.[5][6] ina ardrúnaí sa roinn airgeadais idir 2011 agus 2014. Bhí sé ina chomhalta de bhord Bhanc Infheistíochta na hEorpa ar feadh cúig bliana, agus ina chathaoirleach ar an nGníomhaireacht Forbartha Talún. Chaith sé tréimhsí eile ag obair mar dhlíodóir sna Stáit Aontaithe agus mar fhear gnó sa Fhrainc.[7]

Méara Luimneach[cuir in eagar | athraigh foinse]

D’fhógair Moran go mbeadh sé ina hiarrthóir do thoghchán méara Luimnigh 2024 ar 27 Feabhra 2024. Rith sé mar neamhspleách.

Bhí an toghchán ar siúl ar 7 Meitheamh; fuair Moran 23% de vótaí céad rogha agus toghadh é ar an 12ú comhaireamh.[8]

Riaracháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ní raibh ann ach ról deasghnách ag Méara Luimnigh roimh 2024. Is ag an méara anois cumhachtaí áirithe a bhí ag príomhfheidhmeannach na Cathrach roimh 2024.[9] Tá smacht i gcónaí ag príomhfheidhmeannach na Comhairle, ar a dtabharfar Ardstiúrthóir feasta, ar an riar airgeadais. Ní mór do John Moran áfach buiséad na Comhairle (breis agus €1bn sa bhliain 2024) a dhréachtú agus a chur faoi bhráid na gcomhairleoirí.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "John Moran is the first directly elected Mayor of Limerick".
  2. "John Moran tofa ina mhéara ar Luimneach i dtoghchán stairiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-11). Dáta rochtana: 2024-06-11.
  3. "Moran's route to Limerick Mayor via French juice bar". RTÉ News.
  4. "Mayoral Candidate John Moran Says Splitting Dept Of Finance Was Wrong". Business Plus.
  5. "Who is John Moran, Limerick’s first directly-elected mayor?". Irish Examiner.
  6. gov.ie (2019-01-11). "Former Secretaries General" (en). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2024-06-23.
  7. 7.0 7.1 Cathal Mac Coille (22 Meitheamh 2024). "Cúig chúis dóchais agus John Moran i mbun oibre mar mhéara i Luimneach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-23.
  8. "Mayor of Limerick Election Results".
  9. Eoin Ó Murchú (13 Bealtaine 2024). "Beidh leid faoin olltoghchán sna toghcháin áitiúla is Eorpacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-12.