Bráithre Críostaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBráithre Críostaí

ManaFacere et docere Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálord crábhaidh Cuir in eagar ar Wikidata
ReiligiúnCaitliceachas Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlí
Dáta a bunaíodh1802
Bunaitheoir(í)Éamann Iognáid Rís Cuir in eagar ar Wikidata
Ócáid shuntasach
Aibreán 2011 clisiúnas Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Ballraíocht803 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
UachtaránachtHugh James O’Neill (2014–) Cuir in eagar ar Wikidata
Úinéir de

Suíomh gréasáinercbna.org Cuir in eagar ar Wikidata
1916 sna Stáit Aontaithe

Bhunaigh Éamann Iognáid Rís Ord na mBráithre Críostaí (go hoifigiúil sa Laidin Congregatio Fratrum Christianorum) sa bhliain 1802 i bPort Láirge. Bhí sé mar phríomhaidhm ag na horduithe Caitliceacha seo san oideachas agus laistigh de roinnt blianta bhí scoileanna acu i gCarraig na Siúire, Dún Garbhán, Corcaigh, agus Baile Átha Cliath.

Sa lá inniu tá scoileanna acu ar fud na tíre in Éirinn, agus san Astráil, sa Ríocht Aontaithe, san Nua-Shéalainn (agus roinnt tíortha eile) freisin.

Le déanaí in Éirinn d'fhógair na Bráithre Críostaí go bhfuil siad ag éirí as an ról bainistíochta scoile a bhíodh acu. Tá an ról sin acu ó bunaíodh an t-Ord, ach níl go leor Bráithre inniu chun bainistíocht a dhéanamh ar na scoileanna.[1] Tá "Iontaobhas Scoile Éamonn de Rís" (nó The Edmund Rice Schools Trust) á bhunú acu agus is é an t-Iontaobhas seo a eagróidh bainistíocht na scoileanna as seo amach.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. 1.0 1.1 "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2007-11-18. Dáta rochtana: 2008-01-12.