Éamann Iognáid Rís
Bhunaigh Éamann Iognáid Rís (Béarla: Edmund Ignatius Rice; 1 Meitheamh 1762 – 29 Lúnasa 1844) Ord na mBráithre Críostaí.
Cúlra agus óige[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh an Ríseach ar an 1 Meitheamh 1762 i gCallainn, Contae Chill Chainnigh. Feirmeoirí ab ea a thuismitheoiri, Roibéard Rís agus Margaret Tierney.
Ord na mBráithre Críostaí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair a bhean bás óg agus ansin dhíol an Ríseach a raibh aige agus rinne a shaol a thíolacadh d’oideachas na mbocht. Chun a aidhm a chur chun cinn bhailigh an Ríseach gasra fear a bhí ar aon aigne leis le chéile agus thóg siad móideanna creidimh go saothróidís le chéile ag cur oideachais ar bhuachaillí Caitliceacha. Ansin scaip an gluaiseacht ar fud na hEireann, agus ar fud an domhain, go h-áirithe na daoine ba bhoichte.[1]
Is eiseamlár é de dhuine a ghlacann go gealgháireach foighneach le cibé cros a thugann Dia dó le hiompar, ba aspal tuata é go firinneach, agus duine a bhí tíolachta go daingean don bheatha rialta.[2]
Deireadh a shaoil[cuir in eagar | athraigh foinse]
Fuair sé bás i gCnoc Sióin, Port Láirge agus in aois 76 bliana dó.
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ "Launch of Catholic Schools Week 2011". Irish Catholic Bishops' Conference. Dáta rochtana: 2019-08-30.
- ↑ "Éamann Beannaithe de Rís, duine rialta: Bealtaine 5 | Cumann na Sagart". www.cumannnasagart.ie. Dáta rochtana: 2019-08-29.
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |