Jump to content

Méara Luimnigh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cathaoir an Mhéara, Lumneach

Bhí John Moran, iar-ardrúnaí na Roinne Airgeadais, tofa ina Mhéara ar Luimneach i mí an Mheithimh 2024.[1][2] Ba ea é seo an chéad uair riamh a raibh deis ag daoine atá cláraithe i gcontae agus i gcathair Luimnigh Méara a thoghadh.[3]

Ní raibh ann ach ról deasghnách ag Méara Luimnigh roimh 2024. Is ag an méara anois cumhachtaí áirithe a bhí ag príomhfheidhmeannach na Cathrach roimh 2024.[4]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceapadh an chéad Mhéara Luimnigh sa bhliain 1195.

Sa bhliain 2019, dhiúltaigh móramh beag i bPort Láirge agus i gCorcaigh do mholadh rialtais go dtoghfadh vótálaithe Méaraí go díreach, ach i Luimneach vótáil móramh beag (52 faoin gcéad) ina fhabhar. Gheall an Taoiseach Leo Varadkar lántacaíocht rialtais don chinneadh a rinne vótálaithe Luimnigh. I mí an Mheithimh 2020, gheall clár an chomhrialtais go rithfí reachtaíocht a cheadódh dírthoghadh mhéara Luimnigh. Foilsíodh bille faoin méara nua i mí an Mheithimh 2023.[5]

Riaracháin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is ag an méara anois cumhachtaí áirithe a bhí ag príomhfheidhmeannach na Cathrach roimh 2024.[4] Tá smacht i gcónaí ag príomhfheidhmeannach na Comhairle, ar a dtabharfar Ardstiúrthóir feasta, ar an riar airgeadais. Ní mór don Méara áfach buiséad na Comhairle (breis agus €1bn sa bhliain 2024) a dhréachtú agus a chur faoi bhráid na gcomhairleoirí.[6]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Bhí Maurice Quinlivan san iomaíocht ar son Shinn Féin, Daniel Butler ar son Fhine Gael agus Dee Ryan ar son Fhianna Fáil ar an 7 Meitheamh 2024.
  2. "List of mayors of Limerick" (as en) (2024-06-12). Wikipedia. 
  3. "John Moran tofa ina mhéara ar Luimneach i dtoghchán stairiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-06-11). Dáta rochtana: 2024-06-11.
  4. 4.0 4.1 Eoin Ó Murchú (13 Bealtaine 2024). "Beidh leid faoin olltoghchán sna toghcháin áitiúla is Eorpacha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-12.
  5. Cathal Mac Coille (10 Meitheamh 2023). "Tá sé thar am deis a thabhairt do mhuintir Luimnigh méara a thoghadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-12.
  6. Cathal Mac Coille (22 Meitheamh 2024). "Cúig chúis dóchais agus John Moran i mbun oibre mar mhéara i Luimneach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-06-23.