34ú leasú ar Bhunreacht na hÉireann, 2015
Cineál | reifrinn in Éirinn leasuithe ar Bhunreacht na hÉireann |
---|---|
Cuid de | Irish constitutional referendums, 2015 (en) |
Dáta na bliana | 22 Bealtaine 2015 |
Príomhábhar | pósadh comhghnéis |
Suíomh | Éire |
Tír | Éire |
Leis an 34ú leasú ar Bhunreacht na hÉireann, cuireadh isteach AIRTEAGAL 41.4 "Féadfaidh beirt, gan beann ar a ngnéas, conradh pósta a dhéanamh de réir dlí".[1][2]
Reáchtáladh an reifreann ar chomhionannas pósta (nó ar phósadh aon-inscne) ar 22 Bealtaine 2015. Bhí an lámh an lá dár gcionn ag an taobh TÁ sa reifreann – 62.07% i gcoinne 37.93%, agus 60.5% an ráta vótála. Cuireadh an toradh i láthair mar ollbhua don chomhionannas.[3]
Ba í Éire an chéad tír ar domhan inar vótáil an pobal féin ar son pósadh aon inscne.[4] Chuir an móramh mór sa reifreann ar phósadh, an ráta ard vótála, agus rannpháirtíocht an aos óig 'tús le ré nua i bpolaitíocht na hÉireann".[5][6] “Tá an chuma air gur bua é seo d’Éirinn Liobrálach thar Éire Choimeádach,” a scríobh Fintan O’Toole san Irish Times,[7] "ach níl aon Éire Liobrálach agus Éire Choimeádach ann a thuilleadh".
An feachtas
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an taobh TÁ iarracht é a thiontú ina reifreann ar ‘ghrá’ agus ar a bhfiúntas mar dhaoine.[8][9][10] Rinne an taobh NÍL iarracht an feachtas a thiontú ina reifreann ar an teaghlach agus ar chearta páistí – tá an chuma ar an scéal gur theip orthu.[11][3][12]
Labhair an t-aisteoir Stephen Fry i nGaeilge chun a chuid tacaíochta a léiriú do Vóta TÁ sa reifreann.[13]
Dúshlan
[cuir in eagar | athraigh foinse]I mí an Mheithimh 2015, bhí dhá iarratas déanta ar dhúshlan ar thoradh an reifrinn comhionannais pósta a cheadú déanta san Ard-Chúirt. Dúirt gearánaí gur easpa cothromaíochta ón dtaobh i bhfabhar an reifrinn ba chúis dúshláin aige agus níor bhain a ghearán le haon ní frith-homoghnéasach. [14]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- An tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Kevin Hickey (10 Márta 2015). "‘Féadfaidh beirt gan beann ar a ngnéas conradh pósta a dhéanamh de réir dlí’ – foclaíocht nua reifrinn fógartha" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ electronic Irish Statute Book (eISB). "Téacs, Bunreacht na hÉireann" (en). www.irishstatutebook.ie. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ 3.0 3.1 Ciarán Dunbar. "An ann don chomhionannas? Tá 'Éire Choimeádach' fós ann..." (en-US). NÓS. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (2015). "An tAcht Pósta le teacht i bhfeidhm inniu ach ní féidir cóip den phíosa reachtaíochta a cheannach" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-04-02.
- ↑ Cathal Mac Coille (23-5-2015). "TÁ tús curtha le ré nua i bpolaitíocht na hÉireann" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ "Tá Comhionannas – Ar son an chomhionannais phósta". web.archive.org (2015-05-25). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2015-05-25. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ Fintan O'Toole / irishtimes.com (23-5-2015). "Ireland has left ‘tolerance’ far behind" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ "“Vótáil TÁ Comhionannas” bileog" (en). Irish Election Literature (2015-04-29). Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ "Gaeil ar son an comhionnnannais phósta" (en). The Irish News. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ Pól Ó Muirí. "Cainteoirí Gaeilge le feachtas “TÁ Comhionannas” a sheoladh inniu" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ Pól Ó Meadhra (2015). "Tá an Rialtas agus lucht ‘TÁ’ ag iarraidh an dubh a chur ina gheal orainn…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ adfam.ie (2015). "Cúiseanna le Vótáil NÍL leis an Leasú atá Molta sa Reifreann ar an bPósadh". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ "FÍSEÁN: Stephen Fry fillte ar an nGaeilge chun tacú le lucht ‘TÁ’ sa reifreann pósta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-22.
- ↑ Nuacht RTÉ (2015-06-05). "2 dhúshlán don reifreann comhionannais pósta san Ard-Chúirt" (as ga).