Independent Ireland
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | páirtí polaitíochta |
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | coimeádachas |
| Ailíniú polaitíochta | eite dheis |
| Stair | |
| Dáta a bunaíodh | 8 Samhain 2023 |
| Gníomhaíocht | |
| Ball de | Páirtí Daonlathach na hEorpa |
| Rialachas corparáideach | |
| Ardrúnaí | Richard O'Donoghue (2023–) |
| Dáil Éireann (2025) | 4 / 174 |
| Seanad Éireann (2025) | |
| Eile | |
| Dath | |
| Suíomh gréasáin | independentireland.ie |


Is páirtí polaitiúil é "Independent Ireland" (nó "Éire Neamhspleách") i bPoblacht na hÉireann,[1] i bhfad amach ar an eite dheis. Tá Richard O’Donoghue ina bhunaitheoir ar an bpáirtí, páirtí a chuireann i leith Fhianna Fáil agus Fine Gael gur géilleadh an iomarca don Chomhaontas Glas sa rialtas reatha.
Baill
[cuir in eagar | athraigh foinse]Cláraíodh an páirtí i mí na Samhna 2023 tar éis dó a bheith saolaithe ag beirt Theachtaí a bhíodh sa nGrúpa Neamhspleách Tuaithe sa Dáil - Richard O'Donoghue as toghcheantar Chontae Luimnigh (bhíodh sé le Fianna Fáil sular sheas sé mar iarrthóir neamhspleách).[2] agus Michael Collins as Corcaigh Thiar Theas. Bunaíodh 'Independent Ireland’ a deir siad ar mhaithe leis an "lear mór daoine a bhfuil a ndóthain faighte acu de pholasaithe Fhianna Fáil agus Fhine Gael, ach a bhfuil amhras fós orthu faoi Shinn Féin".
I mí Feabhra 2024, d'fhógair an Teachta Dála Neamhspleách as toghcheantar Ros Comáin-Gaillimh Michael Fitzmaurice go bhfuil sé anois leis an bpáirtí.[3]
Polasaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Srian a chur le caiteachas poiblí[1]
- Polasaí frith-inimirce
Feachtasaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]In 2025, d'iarr Tóibín ar Éire Neamhspleách dul i bpáirt le hAontú chun vótáil ar son iarrthóra a sheasfaidh sa toghchán uachtaránachta. Ach dúirt Éire Neamhspleách nach vótálfaidh siad ar son Maria Steen (an gníomhaire coimeádach agus abhcóide) mura bhfaigheann sí tacaíocht ó 16 ionadaí eile i dTithe an Oireachtais.[4]
Torthaí Toghchán
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dáil Éireann
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Toghchán | Ceannaire | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | ± |
|---|---|---|---|---|---|
| 2024 | Michael Collins | 78,276 | 3.55% | 4 / 174 |
Toghcháin Áitiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Toghchán | Ceannaire | Vótaí céadrogha | % | Suíocháin | ± |
|---|---|---|---|---|---|
| 2024 | Michael Collins | 51,562 | 2.8% | 23 / 949 |
Parlaimint na hEorpa
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Toghchán | Ceannaire | Vótaí céadrogha | % | Suíochain | +/− | Grúpa PE |
|---|---|---|---|---|---|---|
| 2024 | Michael Collins | 108,685 | 6.23% (#4) | 1 / 14 |
Nua | RE |
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 "Independent Ireland" (en-IE). Independent Ireland. Dáta rochtana: 2024-02-12.
- ↑ Donncha Ó hÉallaithe (22 Samhain 2024). "Fianna Fáil sa tóir ar an dara suíochán i gcontae an Chláir, na Glasaigh faoi bhrú i gcathair Luimnigh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-02-12). "Triúr Teachtaí Dála meallta anois ag páirtí nua" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-12). "Tóibín ag iarraidh go mbeidh iarrthóir eile sa rás uachtaránachta" (as ga-iE).