Is ospidéal oiliúna é Ospidéal Beaumont (Beaumont Hospital) atá lonnaithe ar an taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath. Osclaíodh an t-ospidéal i 1987. Tá 820 seomraí leaba san ospidéal.
Achtaíodh Acht Ospidéil Lorcáin Naomhtha, ar an 9 Márta1943 (Saint Laurence's Hospital Act, 1943).[1] Bhí sé mar aidhm ag an Acht ospidéal poiblí nua, a thógfaí faoina chuid forálacha a chur in áit na dtrí ospidéal stairiúla: Ospidéal Richmond, Ospidéal Whitworth agus Ospidéal Whitworth Hardwicke (ar a dtugtaí na hOspidéil Tí Thionscail i dteannta a chéile).
Mar a tharla, áfach, níor tógadh an t-ospidéal nua riamh. Lean na trí hospidéal ar aghaidh den chuid is mó mar a bhí roimhe sin, go dtí gur cuireadh Ospidéal Beaumont, eintiteas ar leith, ina n-áit sa bhliain 1987 (tháinig Sráid Jervis agus an Richmond le chéile).[2]
Tá an tAonad seo suite ar an gcéad urlár agus sainfheidhmíonn sé i dianchúram othair a dteastaíonn tréimhse athshlánúcháin uathu. Tá an Rannóg Fisiteiripe d’Othair Amach, Obrádlann, X-ghathach, Ultrafhuaim, agus Leitreacardgram mar chuid dár n-áiseanna chomh maith
Is ospidéal géarmhíochaine é Ospidéal Naomh Iósaef agus soláthraítear cúram Míochaine agus Máinliachta d’othair cónaithe, Seirbhísí Cúram Lae agus Fisiteiripe Othair Amach agus seirbhísí Raideolaíochta. Tá Aonad Athshlánúcháin ag an Ospidéal chomh maith.
Foirgneamh Smurfitː R.C.S.I Disease Research Centre
Is carthanas cláraithe Fondúireacht Ospidéal Beaumont agus is fiontar tiomsaithe airgid oifigiúil é d’Ospidéal Beaumont.[5] Tá sé d’aidhm ag an bhFondúireacht maoiniú airgid a aimsiú agus a spreagadh ón bpobal ar mhaithe le barr foirfeachta a bhaint amach i gcúram othair in Ospidéal Beaumont.
↑Office of the Houses of the Oireachtas House Services Directorate Bills Office. "ACHT OSPIDÉIL LORCÁIN NAOMHTHA, 1943" (ga). www.achtanna.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-09. Dáta rochtana: 2021-03-09.