Jump to content

Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh (Dáilcheantar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Átha Cliath Thiar-Thuaidh

Suíomh
Map
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iaraonán críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Cruthú1981

Is Dáilcheantar 3 suíochán é Baile Átha Cliath Thiar-Thuaidh[1] - Baile Munna agus Cabrach an dá mhórcheantar sa Dáilcheantar.

Róisín Shortall ()DS, 2022

Olltoghchán 2011

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Dessie Ellis (Sinn Féin), Róisín Shortall (LO) agus John Lyons (Páirtí an Lucht Oibre).

Olltoghchán 2016

San Olltoghchán 2016, toghadh mar Theachtaí Dála Dessie Ellis (Sinn Féin), Róisín Shortall (LO) agus Noel Rock (FG).

Fuair iarrthóirí ó Fhianna Fáil 14% den vóta sna toghcháin áitiúla 2024 i gcomparáid le 4% d’iarrthóirí Fhine Gael, 4% do Pháirtí an Lucht Oibre, 20% d’iarrthóirí Sinn Féin agus 18% d’iarrthóirí ón eite chlé.

Olltoghchán 2020.

San Olltoghchán 2020, toghadh mar Theachtaí Dála Dessie Ellis (Sinn Féin), Róisín Shortall (Na Daonlathaigh Shóisialta) agus Paul McAuliffe (FF). Bhí Dessie Ellis (SF) ar bharr an chomhairimh in 2020 le 14,375 vóta agus breis is 6,000 vóta le spáráil aige: fuair Conor Reddy (PsB) beagnach 40% agus Róisín Shortall (DS) 28% den fharasbarr sin.

Seo an dáilcheantar ina mbíodh Pat Carey[2] (FF) ina Theachta Dála nó gur chaill sé a shuíochán in 2011 ach bhí aiséirí déanta ag Fianna Fáil nuair a thoghadh McAuliffe in 2020. D’éirigh le McAuliffe (FF) a shuíochán a bhaint de Noel Rock (FG). Ba iad na vótaí aistrithe a fuair McAuliffe ó Rock sa gcomhaireamh deireanach a chroch fear Fhianna Fáil thar an gComhairleoir Conor Reddy (PsB).[3]

Olltoghchán 2024

San Olltoghchán 2024, bhí na teorainneacha athraithe go mór ó 2020, agus thart ar 10,000 vóta aistrithe go Fine Gall Thiar ar lámh amháin agus thart ar 8,000 vóta tugtha isteach sa dáilcheantar ó Cuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh. Bhí an líon suíochán mar a chéile.[3]

Sheas 13 iarrthóir, ina measc an bheirt Teachtaí Dála a toghadh in 2020: Dessie Ellis (SF) agus Paul McAuliffe (FF). D'éirigh Róisín Shortall (Na Daonlathaigh Shóisialta) as.[3]

Sa deireadh thiar thall, toghadh in 2024 Dessie Ellis (SF) agus Paul McAuliffe (FF) agus Rory Hearne (SD).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Dublin North-West (Dáil constituency)
  2. "Pat Carey" (as en) (2024-09-24). Wikipedia. 
  3. 3.0 3.1 3.2 Donncha Ó hÉallaithe (28 Samhain 2024). "Idir mhaith agus olc d’Fhianna Fáil in iarthar na hardchathrach, an-seans ag Coppinger filleadh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-11-28.