Baile Munna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBaile Munna

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°23′51″N 6°16′03″W / 53.3975°N 6.2675°W / 53.3975; -6.2675
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Iar-eintiteas críochach riaracháinContae Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde65 m Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí stairiúla
Bunaitheoir(í)Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1165461

Is bruachbhaile i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath in Éirinn é Baile Munna.[1] Thosaigh an forbairt de Baile Munna i 1960 nuair a bhí géarchéim tithíochta i lár na cathrach. Tar éis é seo, bhí eolas maith ar Baile Munna mar gheall ar ná árasáin a bhí curtha suas. Tá Baile Munna suite in aice leis an aerfort chomh maith.

Bhí plean athghiniúna déanta suas i 1997, de réir é sin scartáladh na hárasáin go léir agus cuireadh tithe agus taitneamhachtaí nua ina n-áit. Áfach, cailleadh an chuid is mó de na siopaí áitiúla mar gheall air an plean seo. Bhí costas thart ar 1 billiún don plean athghiiúna seo ó 2016.

Tá Baile Munna suite in aice le Glas Naíon, Seantrabh agus Fionnghlas.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

In sna 1960 bhí go leor fadhbanna leis na tithe a bhí suas. Bhí a lán brú ar stoc tithíochta Baile Átha Cliath chun tithe a thógáil ar feadh an daonra a bhí ag ardú. I 1963, thit tithe I Sraid Bolton agus Sraid Fenian agus mharaigh ceithre daoine. Bhí ar corparáid Baile Átha Cliath bearta éigeandála a dhéanamh ar feadh an géarchéim. I 1966 thosaigh tógála ar na tithe éigeandála agus bhí siad críochnaithe I 1967[2].

Fuair Baile Munna drochainm cúpla bliain ina dhiaidh na tithe a bheith suas. Fuair an áit ainm uafásach le fadhbanna sóisialta cosúil le mí-úsáid drugaí agus dífhostaíocht, agus bhí na meáin ag tabhairt drochchlúdaigh don cheantar.

Spórt[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá cúpla foireann spóirt suite i Baile Munna. Tá dhá fhoireann sacair – St Pats Pheonix FC agus Ballymun United FC. Chomh maith leis sin tá dhá fhoireann GAA – Setanta Hurling Club agus Ballymun Kickhams GAA[3].

Imríonn club Setanta iománaíocht amháin agus imríonn Ballymun Kickhams peil amháin. Bunaíodh club Ballymun Kickhams I 1969 nuair a tháinig dhá clubanna le chéile, Ballymun Gaels agus C.J. Kickhams. Bhuaigh siad an chéad Craobh Peile Sinsear Bhaile Átha Cliath I 1982, an dara ceann i 1985, an tríú ceann i 2012 roimh an ceathrú ceann a bhuachan I 2020. I mí na Nollag 2012, bhuaigh siad an chead Cluiche Ceannais Peile Sinsir Laighean I gcoinne Portlaoise. Tar éis é sin fuair siad tríd go dtí an cluiche ceannais club All-Ireland nuair a chaill siad i gcoinne St. Bridids ó Ros Comáin. Ní raibh aon comórtas Peile Sinsir Laighean nó All-Ireland de réir an Corona Virus.

Tá go leor imreoirí suntasach a d'imir le Baile Munna agus le foireann chontae Bhaile Átha Cliath cosúil le Dermot Deasy, Paddy Christie, John McCarthy, Gerry McCaul agus Barney Rock. Chomh maith le ná daoine sin tá go leor imreoirí suntasach a bhfuil fós ag imirt le Baile Átha Cliath a bhfuil ó Baile Munna cosúil le Evan Comerford, Philly McMahon, John Small, Paddy Small, James McCarthy agus Dean Rock.

Taitneamhachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor ar fáil i mBaile Munna. Bhí an ionad siopadoireachta an príomhfhoinse le haghaidh siopadóireachta ar feadh an chéad 40 bliain I mBaile Munna. Áfach, mar gheall ar athginiúint thosaigh an ionad siopadóireachta ag fholmhú – thosaigh cúpla siopa ag dúnadh agus ní raibh aon siopaí eile cuireadh ina n-áit. Tá an ionad siopadóireachta fós ann innú ach ní ach cúpla siopa fós oscailte. Tá Lidl tar éis oscailt ar an príomhbhóthar den straidbhaile i 2020.

In áit sean-timpealláin íosbhealaigh tá coimpléasc cathartha nua tógtha. Tá An Axis, an ionad sláinte áitiúil, stáisiún garda agus go leor rudaí eile. Tá oifigí comhairle cathrach suite ann ach níl gach uile rud a bhí ann ar dtús báire fós le fáil ann.

Tá dhá óstán ann, Travelodge agus Metro. Chomh maith leis sin tá ionad sport faoi úinéireacht na cathrach agus ionad fóillíochta. Bhí linn snamha ann ach I 2016 leagadh é toisc go raibh sé as feidhm ar feadh cúpla bliain. Leagadh siopa Bank of Ireland I 2017 agus bhí AIB cuireadh in aice leis an ionad sláinte.

Tá go leor páirceanna agus clós súgartha tar éis a bheith cuireadh suas. Tá an t-aon IKEA in Éirinn suite díreach taobh amuigh den sráidbhaile. Agus tá cúple scoileanna suite ann chomh maith. Tá Gaelscoil bunscoile ann[4] agus tá Trinity Comprehensive an t-aon meánscoil (Ballymun Comprehensive roimhe)[5].

Leabhair[cuir in eagar | athraigh foinse]

I mí Meán Fómhair 2006, foilsigh Gill & Macmillan an leabhair ‘The Mun’ ó Lynn Connolly. Is é leabhair faoi stair Baile Munna ó bunaíodh é go stí athghiniúint an bhaile. Bhain an leabhar le taobh eile de Baile Munna, a bhfuil cuimhní cinn grámhara ag Lynn Connolly air. Bhain an leabhar le taobh de Baile Munna nach raibh le feiceáil san meáin. Dúirt Lynn go raibh an leabhair slí chun an scéal a chur díreach do dhaoine Baile Munna.

Leabhair eile a foilsigh Gill & Macmillan na ‘Dying to Survive’. Seo leabhair faoi scéal Rachael Keogh, cónaitheoir I mBaile Munna a bhí andúileach hearóin. Thosaigh Rachael ag úsáid drugaí nuair a bhí sí 12 agus ar feadh na 15 bliana tar éis bhí sí ag úsáid gach cineál drugaí. I 2006, tar éis iarrachtaí cabhair a fháil, chuaigh sí go dtí an meáin chun an scéal a roinnt. I 2019, rinne Rachael leagan nuashonraithe den leabhair 10 bliain tar éis an chéad ceann a fhoilsiú[6]

Iompar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá go leor bealaí Dublin Bus ann go dtí lár na cathrach mar shampla uimhir 4,[7] 13 [8] agus 155 [9]. Leis sin tá an 17a agus an 220 a théann go dtí Baile Bhlainséir.

Bhí an Metro North chun dul tríd an straidbhaile le stad faoi thalamh le dul isteach. Áfach, bhí athbheochan cuireadh ar pleananna don MetroLink trí thionscadal rialtais na hÉireann[10]

Tógann sé thart ar 10 nóiméad i gcarr go dtí an t-aerfort ó Baile Munna agus thart ar 25 nóiméad go dtí lár na cathrach ó Baile Munna.

Grianghraif eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]