Ard Aidhin
Cuma
| Suíomh | ||||
|---|---|---|---|---|
| ||||
| Stát ceannasach | Éire | |||
| Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
| Administrative city in the Republic of Ireland (en) | Cathair Átha Cliath | |||
| Cathair mhór | Baile Átha Cliath | |||
| Tíreolaíocht | ||||
| Achar dromchla | 3.86 km² | |||
| Aitheantóir tuairisciúil | ||||
| Lonnaithe i gcrios ama | ||||
| Logainm.ie | 1411655 | |||
Is bruachbhaile seachtrach de Bhaile Átha Cliath, Éire é Ard Aidhin[1] (Artane nó Artaine as Béarla).
Bhí caisleán ann ag muintir Hollywood, tráth. I 1534 chuir leantóirí Silken Thomas ardeaspag Bhaile Átha Cliath, John Allen, chun báis taobh amuigh den chaisleán. Leagadh é seo chun scoil thionsclaíoch a thógáil i 1870, faoi stiúradh na mBráithre Críostaí; Scoil Naomh Dáithí atá ann anois. Bunaíodh Banna Ceoil Bhuachaillí Ard Aidhin i 1872 agus tá an-aithne orthu mar gheall ar a dtaispeántais i bPáirc an Chrócaigh le linn cluichí tábhachtacha.
Tharla tubaiste ollmhór ann i bhFeabhra 1981, nuair a dódh club oíche Stardust agus fuair 48 duine bás.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ “Ard Aidhin/Artaine | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Scoil Dháithí in Ard Aidhin Curtha i gcartlann 2009-01-24 ar an Wayback Machine
| Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
