Tubaiste Stardust
| ||||
Cineál | tine struchtúr ![]() | |||
---|---|---|---|---|
Tír | Éire ![]() | |||
Is éard atá i dTubaiste Stardust ná dóiteán a tharla ag club oíche Stardust in Ard Aidhin, Contae Bhaile Átha Cliath, ar 14 Feabhra 1981 ; maraíodh ocht nduine agus dhá scór (agus gortaíodh 214 duine) de bharr dóiteáin sa chlub oíche. Bhí 841 duine i láthair ag an dioscó, a tharla ar Lá Fhéile Vailintín.
Bhí na doirse éalaithe faoi ghlas agus an tsábháilteacht dóiteáin i gceist, Ach fuair na húinéirí cúiteamh breá. Mar sin tharraing an tragóid conspóid agus fiosrúcháin go leor le linn na mblianta.

Fiosrúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]
1981
Bhí an Breitheamh Ronan Keane i gceannas ar fhiosrúchán poiblí Stardust ag an am. Ba leis an bainisteoir Éamon Butterly agus daoine eile óna theaghlach an Stardust nuair a tharla an dóiteán.
Measadh go raibh "dó mailíseach" i gceist. Mar sin saoradh ó gach cúis muintir Butterly.[1] agus fuair siad cúiteamh as an damáiste, IRL 581,000.[2]
1986
Reáchtáladh an Victims Compensation Tribunal agus an breitheamh Donal Barrington i mbun,
2008
Ar an 22 Meán Fómhair 2008, bhí tús curtha le fiosrúchán neamhspleách féachaint ar cheart an fiosrúchán poiblí maidir le dóiteán an Stardust a athoscailt.[3] Ach níor tharla faic.
2017
Dúirt an Taoiseach Enda Kenny sa Dáil gur cheart Coimisiún Fiosrúcháin a bhunú faoin dóiteán.[4]
2022
Sa bhliain 2022, d'iarr Éamon Butterly, ar an Ard-Chúirt ordú a thabhairt nach mbeadh cead ag giúiré an choiste cróinéara a rialú go raibh marú neamhdhleathach i gceist. Bhí sé á mhaíomh ag Butterly gur air féin a leagfaí an milleán dá rialófaí go raibh marú neamhdhleathach i gceist.[5]
Chuir gaolta na marbh agus an cróinéir in aghaidh iarratas Éamoin Butterly. Agus bhí an bua leo... rialaigh an breitheamh go raibh cead ag giúiré fíorasc mar é a dhearbhú ar acht nach leagfaí an marú ar aon duine ar leith. Is faoin gcróinéir féin atá sé treoir a thabhairt don ghiúiré maidir leis an bhfíorasc, a dúirt an breitheamh ag an am.[5]
2023
Cuireadh tús le hionchoisne nua faoi thubaiste an Stardust ar 25 Aibreán 2023, an t-ionchoisne is mó riamh sa Stát.[6][7] Tháinig an coiste cróinéara le chéile ceithre lá sa tseachtain agus chuir gaolta na marbh, saineolaithe agus finnéithe éagsúla eile fianaise os a gcomhair.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Páirc Chuimhneacháin Stardust, suite sa Sruthán Aoibhinn, An Chúlóg. Osclaíodh í ar 18 Meán Fómhair 1993.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]
- Finné - Scéal Lisa Lawlor ː ní raibh sí ach seacht mí dhéag nuair a fágadh ina dílleachta í tar éis dá máthair agus dá hathair bás a fháil i dtragóid an Stardust.[8][9]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Irish Times (2017). "Families unable to sue but Stardust owners took £3m claim - Finding of probable arson stopped relatives suing club owners and operators for alleged negligence." (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2023-02-14.
- ↑ Aoife Moore (2020-07-17). "The fighting life of Christine Keegan" (en). Irish Examiner. Dáta rochtana: 2023-02-14.
- ↑ Nuacht RTÉ (2008-09-22). "Cinnlínte Nuachta" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-01-25). "Coimsiún Fiosrúcháin faoi thubaiste Stardust á phlé" (as ga).
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2022-11-02). "Iarratas ó iarbhainisteoir an Stardust caite amach san Ard-Chúirt" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-11-23). "Stardust: 20 seachtain eile sula gcuirfear tús le hionchoisne nua" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-04-25). "Stardust: ní dhéanfaidh máthair dearmad "ar an bhfuarchúis"" (as ga-IE).
- ↑ "Finné: Sraith nua ag tosú ar TG4 anocht" (as ga) (2022-02-03).
- ↑ "Finné - Lisa Lawlor | Seinnteoir | TG4 | Irish Television Channel, Súil Eile" (as ga-IE) .