Lá Fhéile Vailintín
| Cineál | lá saoire | ||
|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | Naomh Vailintín | ||
| Lá | 14 Feabhra | ||
Féile bhliantúil is ea Lá Fhéile Vailintín (Lá 'le Vailintín a thugtar air mar ghiorrúchán uaireanta) a cheiliúrtar ar an 14 Feabhra. Féile í a bhaineann le cúrsaí grá agus ceana idir compánaigh atá dlúth lena chéile.[1][2][3]

Nósanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Lá é ar a dtaispeánann lánúin a ngrá dá chéile trí bhláthanna agus milseogra a thabhairt dá chéile, agus 'cártaí vailintín' a sheoladh dá chéile.

I measc na siombail atá ann sa lá atá inniu ann a bhaineann leis an lá seo, áirítear; imlíne an chroí, atá dearg nó bándearg go mion-minic, coilm, agus fíor Chúipid na sciathán.
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá bunús na féile faoi fholach diamhair. Ainmnítear an fhéile, b'fhéidir, i gcuimhne ar dhuine de mhairtírigh na Críostaíochta is luaithe, a raibh Vailintín mar ainm air. naomh Vailintín níos déanaí.[1] De réir an tseanchais, bhunaigh an Pápa Gelasius I an fhéile sa bhliain AD 496, agus chun Lupercalia, Féile Rómhánach an íonghlanta, a chur faoi chois.[4]

Thosaigh baint a bheith ag an bhféile le cúrsaí an ghrá rómánsúil i measc chairde Geoffrey Chaucer, an file mór le rá, i rith na hard-mheánaoise, í.e, nuair a bhláthaigh an grá cúirtéiseach.[5] Sa bhliain 1383, chríochnaigh Chaucer dán grá agus is cosúil gurb é sin an chéad dán faoi Lá Fhéile Vailintín riamh.[6]
Ón 19ú céad i leith tá an lámh in uachtar faighte ag cártaí beannachta olltáirgthe ar na cártaí vailintín lámhdhéanta is lámhscríofa.[7]
Thug an Pápa Gregóir XVI (1831-1846) coirp Vailintín don Ath. John Spratt, a thóg Séipéil na gCarmailíteach ar Sráid na mBrathar Bán i mBaile Átha Cliath. Tá altóir ina onóir anois ann, le dealbh den naomh agus a thaise faoi.[8]
Gnó
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caitheann daoine a lán airgid ar Lá Fhéile Vailintín gach bliain. Mar shampla, sa bhliain 2017, chaith daoine €18 billiúin sna Stáit Aontaithe ar bhronntanais, ar bhláthanna agus ar chártaí.[9]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 Glór na nGael (2017). "Stair na Féile". Dáta rochtana: 2022.
- ↑ The History of Valentine's Day – History.com, A&E Television Networks. Faighte ar an 2 Feabhra, 2010
- ↑ HowStuffWorks "How Valentine's Day works" – HowStuffWorks. Faighte ar an 2 Feabhra, 2010
- ↑ William M. Green (1931). "The Lupercalia in the Fifth Century — CP 26:60‑69 (1931)". penelope.uchicago.edu. Dáta rochtana: 2022-02-14.
- ↑ Scríobh Chaucer, i 'Parlement of Foules'1382: "For this was on seynt Volantynys day Whan euery bryd comyth there to chese his make." Cf. michelinewalker.com Curtha i gcartlann 2015-01-25 ar an Wayback Machine agus ORUCH, Jack B. "St. Valentine, Chaucer, and Spring in February." Speculum 56 (1981):534-65.
- ↑ maynoothuniversity.ie (7 Feabhra 2023). "ELeathanach 430". Dáta rochtana: Feabhra 2023.
- ↑ Léigh Eric Schmidt, "The Fashioning of a Modern Holiday: St. Valentine's Day, 1840-1870" Winterthur Portfolio 28.4 (Geimhreadh 1993), pp. 209-245
- ↑ "The Shrine of St Valentine in the Church of Our Lady of Mount Carmel, Whitefriar Street". www.carmelites.ie. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2021-03-12. Dáta rochtana: 2020-02-14.
- ↑ "5 facts about Valentine's Day that will surprise you" (en). www.vevox.com. Dáta rochtana: 2023-02-04.