Domhnaill Ó Bearáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaDomhnaill Ó Bearáin
Beathaisnéis
Breith28 Feabhra 1928
Contae Átha Cliath Theas, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás3 Eanáir 2018
89 bliana d'aois
Uachtarán Irish Human Rights Commission (en) Aistrigh
Breitheamh An Chúirt Uachtarach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste Belvedere
An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath
Óstaí an Rí Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmbreitheamh, abhcóide Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Na Ceithre Cúirteanna, BÁC

Breitheamh Éireannach ab ea Donal BarringtonDomhnaill Ó Bearáin (28 Feabhra 19283 Eanáir 2018), Bhí sé ina bhreitheamh den Ard-Chúirt (1979-89), de Chúirt Chéadchéime na gComhphobal Eorpach (An Chúirt Ghinearálta (Aontas Eorpach) inniu)[1] (1989-96) agus den Chúirt Uachtarach (1996-2000).[2][3]

Saol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Agus é ina neach léinn i gCOBÁC, bhí sé ina Reachtaire ar an gCumann Dlí sa bhliain acadúil 1949-50. Glaodh chun an Bharra air an bhliain dár gcionn.

Sa bhliain 1967 rinneadh abhcóide sinsearach de. I rith a shaoil gairme fhada mar dhlíodóir, phléideáil sé roinnt cásanna ríthábhachta, cosúil le

  • Byrne v Ireland (deireadh le díolúine an stáit),
  • McGee v Attorney General (ceart na lánúineacha pósta chun frithghiniúna) agus
  • an cás a thug An tAthair PX Ó Máirtín i gcoinne Bhardas Bhaile Átha Cliath maidir le tógáil Oifigí na Cathrach ag Cé an Adhmaid.

Chomh maith le bheith ina dhlíodóir agus ina bhreitheamh, ba intleachtóir tábhachtach é in Éirinn sa tríú ceathrú den fhichiú haois, go mór mór mar gheall ar an bpáirt a ghlac sé sa ghrúpa Tuairim. Rinne sé cuid mhaith den réiteach i gcomhair athrú dearcaidh náisiúnaithe na hÉireann maidir le Tuaisceart Éireann agus le hAontachtaithe Uladh.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "General Court (European Union)" (as en) (2021-01-02). Wikipedia. 
  2. Scoil Dlí, COBÁC. "Donal Barrington" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2021-01-04.
  3. ihrec.ie. "AN COIMISIÚN UM CHEARTA DAONNA NA hÉIREANN, 2003". Dáta rochtana: 2021.