Caisleán Cnucha

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilCaisleán Cnucha

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°22′31″N 6°21′21″W / 53.3752°N 6.3557°W / 53.3752; -6.3557
Stát ceannasachÉire
Contae riaracháin áitiúilFine Gall Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde63 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Logainm.ie1411657 agus 835

Is bruachbhaile Éireannach é Caisleán Cnucha.[1] Castleknock a thugtar air i mBéarla.

Comhartha dátheangach ar Bhóthar Chaisleán Cnucha
Stáisiún traenach Chaisleán Cnucha
Sráidbhaile Chaisleán Cnucha

Tá Caisleán Cnucha suite ocht gciliméadar ó Chathair Átha Cliath, idir an M50 agus Páirc an Fhionnuisce, agus cónaíonn timpeall 30,000 duine ann. In aice léi tá Baile Bhlainséir, baile mór a bhfuil Lárionad Siopadóireachta Bhaile Bhlainséir ann. Tá Teach agus Eastáit Farmleigh lonnaithe idir í agus Páirc an Fhionnuisce.

Áiseanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá neart áiseanna i gCaisléan Cnucha- mar shampla siopaí, oifig an phoist, dhá séipéil Caitliceach agus teampall Protastúnach agus stáisiún traenach san áireamh. Tá roinnt mhaith scoileanna ann- Scoil Náisiúnta Chaisleán Cnucha, scoil Castleknock Educate Together National School, Scoil Naomh Bhríde, Scoil Thomáis agus Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig ag an mbunleibhéal agus Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha agus Coláiste Chaisleán Cnucha ag an dara leibhéal. Tá scoil dara leibhéal do chailíní Mount Sackville lonnaithe gar de Chaisleán Cnucha agus téann líon mhór cailíní ó Chaisleán Cnucha chuig an scoil freisin.

Ionad Pobail Chaisleán Cnucha- Lóiste an Labhrais
Coláiste Pobail Chaisleán Cnucha
Coláiste Chaisleán Cnucha
Oifig an Phoist, Sráidhbhaile Chaisleán Cnucha

Is í Naomh Bríd éarlamh cheantair Sráidbhaile Chaisleán Cnucha. Baineann club CLG áitiúil Naomh Bríd CLG úsáid as an ainm céanna. Tá club CLG mhór eile CLG Chaisleán Cnucha lonnaithe i gCaisleán Cnucha agus tá club sacair Castleknock Celtic lonnaithe ann freisin. Tá Óstán agus Galfchúrsa Chaisleán Cnucha lonnaithe ann freisin. Tá Grúpa Gasóga Chaisleán Cnucha lonnaithe i gceantar Lóiste an Labhrais/Baile an Chairpintéaraigh.

Freastalaíonn busanna Bus Átha Cliath an 37 agus 38 ar an gceantar.

Rialú agus ionadaíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Caisleán Cnucha mar chuid de "Toghlimistéar Áitiúil Chaisleán Cnucha" i gComhairle Contae Fhine Gall. Is iad na comhairleoirí don gceantar idir 2019-2024 ná: Siobhán Shovlin (Fine Gael), Pamela Conroy (Comhaontas Glas), Ted Leddy (Fine Gael), John Walsh (Páirtí an Lucht Oibre), Howard Mahony (Fianna Fáil) agus Natalie Treacy (Sinn Féin).

Tá Caisleán Cnucha suite i ndáilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar le haghaidh toghcháin do Dháil Éireann agus i toghcheantar Bhaile Átha Cliath le haghaidh toghcháin do Pharlaimint na hEorpa san AE.

Daoine aitheanta[cuir in eagar | athraigh foinse]

Féach Freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

=