Jump to content

M50 (Baile Átha Cliath)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó M50)
WD Bosca Sonraí BótharM50

Cuir in eagar ar Wikidata
AitheantóirM50
Cuid de (Bealach Eorpach E01 in Éirinn) Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbóthar
Insealbhú1990
Fad45 km
Bealach
Stáit
Áiteanna trasnaithe

Tús / Deireadh
SuímhSeanchill Cuir in eagar ar Wikidata
Nasc le M11 (deisceart) Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil bhóithre

Is cuar-mhótarbhealach 40km é an M50 timpeall Bhaile Átha Cliath, ag síneadh ón M1 ag Aerfort Bhaile Átha Cliath go dtí an N11 ag Bré, an mótarbhealach ar chiumhais na hardchathrach a bhíonn tachtaithe go rialta ag tranglam tráchta.[1]

buaicthráth tráchta na maidine ar an M50
Tollán M50 / M1
comharthaí bóthair
Uasbhealaí, acomhal 7

Osclaíodh an chéad droichead i Márta 1990 agus osclaíodh an dara droichead i Meán Fómhair 2003. Faoi chomhaontuithe leis an Stát, bhí cearta eisiacha ag NTR, maidir leis an gcuid de mhótharbhealach an M50 ar a bhfuil an droichead, a fheidhmiú agus dolaí a ghearradh air go dtí 2020. [2]

De bharr na leibhéal tráchta méadaithe sna 2000idí, bhí an M50 thíos go mór de bharr easpa acmhainn lánaí bóthair agus caolais tráchta ag acomhail agus ag an dola-phlás. Chun aghaidh a thabhairt ar sin, forbraíodh scéim uasghrádaithe a rinne soláthar do thrí lána a leathnú i ngach treo I Meán Fómhair 2007 chomhaontaigh Údarás um Bóithre Náisiúnta (UBN) conradh PPP le Cuibhreannas ICON (M50 Concessions Ltd) chun bealach an M50 a uasghrádú, a leathnú ó charrbhealach dhá lána go dtí carrbhealach trí lána i ngach treo, lena n-áirítear uasghrádú acomhal. Faoi théarmaí an chonartha, íocann an UBN íocaíochtaí aonadacha míosúla chuig an gcuideachta PPP suas go dtí 2042.[2] Críochnaíodh na oibreacha uasghrádaithe in iomlán sa bhliain 2011.

Chun an fhorbairt sin a éascú in 2007, rinneadh cinneadh comórtas tairisceana a reáchtáil chun córas dola nua gan bhacainní a leagan amach, a thógáil agus a fheidhmiú. Tar éis an chomórtais, cheap UBN, i mí Márta 2007, BetEire Flow (comheagras de dhá ghnólacht ón bhFrainc) chun an córas dola a leagan amach, a thógáil agus a fheidhmiú.

Cuid den mhótharbhealach atá 3.2 ciliméadar ar fad, ón N3 (Bóthar na hUaimhe) go dtí an N4 (Bóthar Shligigh), dhá droichead taobh le taobh trasna An Life (Droichead an Naisc Thiar). Is bóthar dola atá sa chuid seo den M50 a thóg an National Toll Roads (NTR)84, a rinne cothabháil agus feidhmiú ar an mbóthar ó 1987[2].

Shaothraigh an cuarbhóthar a bhíonn calctha go laethúil €216 milliún in 2025.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1 2 Nuacht RTÉ (2026-03-09). "€300,000 fágtha ag tiománaithe ag bothanna dola anuraidh" (as ga-IE).
  2. 1 2 3 audit.gov.ie (2008). "Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste: Tuarascáil Bhliantúil 2008". Dáta rochtana: 2026.