Jump to content

Bus Átha Cliath

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBus Átha Cliath

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Cineálcomhlacht bus Cuir in eagar ar Wikidata
Foirm dlíTeoranta Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh2 Feabhra 1987
Gníomhaíocht
Limistéar oibriúcháinBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Ball deInternational Bus Benchmarking Group (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
MáthaireagraíochtCóras Iompair Éireann Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáindublinbus.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Facebook: DublinBusNews X: dublinbusnews Cuir in eagar ar Wikidata

Is oibritheoir busanna é Bus Átha Cliath a chuireann seirbhísí ar fáil i mBaile Átha Cliath. Is fochomhlacht de Chóras Iompair Éireann é. D'iompair an comhlacht 169 milliún paisinéir i 2025.[1]

Bunaíodh Bus Átha Cliath ar an 2ú Feabhra 1987, nuair a scoilteadh é ó Chóras Iompair Éireann.

Sna 1990idí, chruthaigh an chomhlacht fo-bhrandaí chun idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla seirbhísí. Baineadh úsáid as an mbranda CitySwift le haghaidh bealaí go minic agus go díreach feadh na bpríomhchonairí idir an chathair agus na bruachbhailte. Baineadh úsáid as an mbranda City Imp le haghaidh bealaí go minic á oibriú ag mionbhusanna ag freastal ar cheantar cónaithe. Baineadh úsáid as an mbranda CitySpeed (no Xpresso níos déanaí) le haghaidh luasbhusanna sna buaicuairenata idir an chathair agus na bruachbhailte. D'imigh formhór na bhfo-bhrandaí seo sna 2000idí de réir mar a dhírigh an chomhlacht a chuid oibríochtaí ar bhranda Bus Átha Cliath.

Chonaic an ré seo tús le seirbhísí Nitelink freisin, ag soláthar seirbhísí aontreo thar oíche ó lár na cathrach go dtí na bruachbhailte. Thosaigh na chéad seirbhísí i 1991, agus leathnaigh an gréasán go mór sa bhliain 2000.

Ó dheireadh na 90idí go lár na 2000idí, lathneaíodh seirbhísí go suntasach. Ceannaíodh líon mór busanna le maoiniú ó rialtas na hÉireann agus ón Aontas Eorpach. Baineadh úsáíd as go leor de na busanna seo chun seirbhísí breise a sholáthar ar Morlánaí Bus, chonairí a dearadh chun amanna taistil níos tapúla a sholáthar ar phríomhbhealaí go lár na cathrach.

Mar thoradh ar an gcúlú eacnamaíochta ag deireadh na 2000idí agus tús na 2010idí, laghdaíodh bealaí, flít na mbusanna agus líon na dtiománaithe. Faoin bplean Network Direct, díríodh seirbhísí ar na bpríomhchonaírí, agus cuireadh bealaí nach raibh chomh minic agus athruithe ar an mbealach ar ceal nó cuireadh le chéile iad i mbealaí eile.

Sa bhliain 2017, d'fhógair an Údarás Náisiúnta Iompair (ÚNI) an plean BusConnects. I measc rudaí eile, áiríodh leis seo athuimhriú agus atheagrú iomlán ar bhealaí na comhlachta. Bhí roinnt babhtaí comhairliúcháin phoiblí ar siúl idir 2018 agus 2020, agus seoladh an chéad chéim den gréasán nua sa bhliain 2021. Ó 2026 i leith, rinneadh seacht gcéim athruithe, agus leanfaidh athriuthe ar aghaidh ar feadh roinnt blianta eile.

Sna cheantair inar rinneadh athruithe BusConnects, tá cúig chineál seirbhísí ann. Is bealaí rialta iad bealaí droma atá comhdhéanta de sheirbhísí bus aonair a chuirtear sa chlár ama chun oibriú le chéile thar a stráicí coiteanna. Seirbhísí eile is ea bealaí gnathacha a oibrítear isteach i lár na cathrach. Níl siad ina gcuid de bhealach droma agus feidhmítear iad de réir a gcláir ama féin. Soláithraítear naisc le curabhealaí idir bruachbhailte, gan gá dul isteach i lárna cathrach. Soláithraítear naisc le bealaí aitiúila le hionad aitiúla agus le modhanna iopmair eile, mar shampla bealaí droma, an Luas nó traenacha. Ar deireadh, oibrítear bealaí buaicuairenta nó méarbhusanna le linn tréimhsí taistil buaice, agus soláthraíonn siad acmhainn bhreise feadh phríomhchonairí bus.[2]

Is bealaí Oibleagáíde Seirbhíse Poiblí (OSP) iad formhór sheirbhísí Baile Átha Cliath, atá fóirdheonaithe ag an rialtas. Cineann an ÚNI bealaí, minicíochtaí agus rudaí mar sin, agus íoctar Bus Átha Cliath as na bealaí a oibriú de réir threoarcha. Oibrítear seirbhísí faoi chonradh Dámhactana Dírí idir an ÚNI agus Bus Átha Cliath, áit a ndéantar conarthaí a dhámhachtain gan phróiseas tairisceanna.[3]

Go dtí 2018, ba é Bus Átha Cliath an t-aon chomhlacht a bhí ag oibriú bealaí PSO i mBaile Átha Cliath. In 2015, d'eisigh an ÚNI tairiscint le haghaidh 10% de na bealaí a oibríonn ansin ag Bus Átha Cliath. In 2017, bhuaigh Go Ahead Ireland an tairiscint, agus thosaigh siad ag oibriú na mbealaí in 2018. Ní raibh gá le tiománaithe aistriú ó Bus Átha Cliath go Go Ahead ag an am, de réir mar a leathnaíodh bealaí eile de chuid Bhus Átha Cliath chun na bealaí caillte a athsholáthar.

Chomh maith le seirbhísí OSP, oibríonn Bus Átha Cliath seirbhísí ar bhonn tráchtála ag úsáid an branda DoDublin. Áirítear leis seo turais bus oscailte i gcathair Baile Átha Cliath agus turas an Ghostbus chuig laithreacha taibhsí timpeall cathair Baile Átha Cliath.[4]

Go dtí 2020, bhí Bus Átha Cliath ag obair and seirbhís Airlink idir Aerfort Átha Cliath agus lár na cathrach. Cuireadh seo ar fionraí go sealadach ag tús an paindéim Covid-19, agus cuireadh ar ceal go buan é in 2021.[5]

Táillí agus Íocaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is féidir le táillí a íoc le hairgead tirim nó le Cárta Leap. Ó 2021, cosnaíonn formhór na dturas €2 le Cárta Leap mar chuid den Táille 90 Nóiméad TFI. Ligeann sé seo do phaisinéirí aistriú idir seirbhísí bus, traenach agus Luas i mBaile Átha Cliath chomh uairenta agus is gá laistigh de 90 nóiméad.[6]

Tugann Cártaí Leap rochtain ar uasteorainn táillí freisin. Nuair a shroichfidh paisnéirí an uasteorainn laethúil nó sheachtainiúil, ní asbhainfear aon chreidmheas taistil breise le haghaidh seirbhísí incháilithe i gceantar Bhaile Átha Cliath. Ó 2026 i leith, is é €6 an uasteorainn laethúil agus is é €24 an uasteorainn sheachtainiúil ar sheirbhísí Bus Átha Cliath.[6]

Tá sé beartaithe ag an NTA an cumas a thabhairt isteach chun táillí bus a íoc le fóin agus cártaí gan tadhall. Táthar ag súil go mbedih seo ar fáil in 2028.[7]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "Dublin Bus - Dublin Bus smashes records in 2025 (despite Dublin traffic doing its best to stop us)" (en). Dublin Bus. Dáta rochtana: 2026-06-29.
  2. "Athdhearadh Líonra" (en-US). Busconnects. Dáta rochtana: 2026-06-29.
  3. "Bus Átha Cliath" (ga-IE). National Transport. Dáta rochtana: 2026-06-29.
  4. "Hop-on Hop-off | Tarraingt, Turais Lae + Ticéid Bus Aerfoirt". dodublin.ie. Dáta rochtana: 2026-06-29.
  5. Thomas Telford, Emma Nevin (2021-08-25). "Dublin Airport bus service permanently suspended due to 'impact of Covid-19'" (en). Dublin Live. Dáta rochtana: 2026-06-29.
  6. 1 2 "Táille 90 Nóiméad TFI" (ga-IE). Transport for Ireland (2026-06). Dáta rochtana: 2026-06-29.
  7. "Córas ticéadaithe úrscothach agus córas íocaíochta gan airgead tirim" (en-US). Busconnects. Dáta rochtana: 2026-06-29.