Leo Varadkar
Polaiteoir Éireannach de chuid Fhine Gael is ea Leo Varadkar (Maraitis: लिओ वराडकर), (a rugadh ar 18 Eanáir 1979).[1] Is Teachta Dála é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar. Is ceannaire Fine Gael é ó Mheitheamh 2017.
Ceapadh é ina Thaoiseach don chéad uair ar 14 Meitheamh 2017,[2] agus arís ar 17 Nollaid 2022. 38 bliain d’aois a bhí Varadkar nuair a ceapadh ina Thaoiseach den chéad uair é in 2017. Ba é an Taoiseach is óige riamh agus bhí sé ar an gcéad duine aerach le bheith ina Thaoiseach.[3]
Teachta Dála[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí Varadkar ina bhall de Young Fine Gael, óg-ghluaiseacht an pháirtí, i gColáiste na Tríonóide.
Comhthoghadh é do Chomhairle Chontae Fhine Gall in áit Sheila Terry sa bhliain 2003 (24 bliain d'aois). Atoghadh é don chomhairle i gceantar Chaisleán Cnucha sa bhliain 2004 (fuair sé an vóta chéad rogha is airde sa stát).
Toghadh Varadkar don chéad uair sa bhliain 2007 (28 bliain d'aois) agus atoghadh é sa bhliain 2011.
Toghadh é do Dháil Éireann in olltoghchán na bliana 2007 agus ba urlabhraí Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta an pháirtí é ó 2007 go 2010.
Bhí Varadkar páirteach in iarracht ceannaireacht an pháirtí a bhaint ó Éanna Ó Coinnigh sa bhliain 2010. Theip ar an iarracht ach athcheapadh é don bhinse tosaigh mar urlabhraí Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha.
Aire[cuir in eagar | athraigh foinse]
2011[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar an 9 Márta 2011, ceapadh Varadkar mar Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt sa chomhrialtas idir Fine Gael agus Páirtí an Lucht Oibre a socraíodh tar éis olltoghchán 2011.
Threoraigh Varadkar roinnt áirithe tionscnamh mar Aire Iompair, Turasóireachta & Spóirt (2011-14):
- Ghlac Varadkar an cinneadh ó thaobh líonraí comaitéireachta an iarnróid éadroim agus an iarnróid throim a nascadh le chéile i mBaile Átha Cliath trí Thionscadal Traschathrach Luas;
- D’oscail Varadkar a thuilleadh busbhealaí i gcomhair na hiomaíochta;
- Rinne Varadkar forbairt a atosú ar an gCampas Náisiúnta Spóirt;
- Thug Varadkar neamhspleáchas d’Aerfort na Sionainne.
- D’fhorbair sé Straitéis nua um Shábháilteacht ar Bhóithre agus Beartas Náisiúnta um Chalafoirt.
2014[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mí Iúil na bliana 2014, nuair a rinne an taoiseach go leor athruithe pearsanra sa chomhaireacht, ceapadh ina Aire Sláinte é, mar chomharba ar James Reilly. Bhí géarchéim ann maidir le líon othar ar thralaithe le linn shaoire na Nollag 2014, agus cáineadh an tAire Sláinte mar gheall ar go raibh sé ar saoire le linn na héigeandála.
Mar Aire Sláinte
- Dhaingnigh Varadkar méadú €1bn sa bhuiséad sláinte;
- Thug sé isteach cúram Liachleachtóirí Ginearálta saor in aisce do gach leanbh faoi bhun sé bliana d’aois agus do gach seanóir atá 70 bliain d’aois;
- D’fhoilsigh Varadkar an chéad Straitéis Náisiúnta Máithreachais a rinneadh in Éirinn riamh;
- Dhaingnigh Varadkar maoiniú agus cead pleanála i dtaca le Nua-Ospidéal Náisiúnta na Leanaí in Éirinn;
- D’oibrigh Varadkar go tréan ar mhaithe le Plean “Éire Shláintiúil” an Rialtais chun sláinte mhuintir na hÉireann a fheabhsú, thug sé isteach an chéad reachtaíocht um shláinte phoiblí a achtaíodh in Éirinn chun praghsáil, infhaighteacht agus margaíocht na ndeochanna alcóil a rialáil.
2016[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceapadh Varadkar mar Aire Coimirce Sóisialaí ar an 6 Bealtaine 2016.
Taoiseach, 2017-2020[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 2 Meitheamh 2017, bhí Varadkar tofa mar ceannaire Fhine Gael. Ar 14 June 2017, bhí sé roghnaithe mar Taoiseach tar éis vóta 57–50 le 47 staonadh. rinneadh an céad Taoiseach aerach agus an Taoiseach is óige ríomh dó. Freisin, tá sé an chead Ceannaire Rialtais atá de leath-bhunadh na hIndia.
Tánaiste[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ar 27 Meitheamh 2020, bhí Varadkar ceaptha mar Thánaiste na hÉireann i gcomhrialtas le Fianna Fáil agus Comhaontas Glas.
Sceitheadh cáipéisí[cuir in eagar | athraigh foinse]
Sceith Varadkar eolas lena chara Maitiú Ó Tuathail[4][5] agus bhí Paddy Cosgrave ag magadh faoi.[6]
Taoiseach, 2022-[cuir in eagar | athraigh foinse]
Ceapadh Varadkar ina Thaoiseach don dara huair ar 17 Nollaig 2022, Tháinig sé i gcomharbacht ar Mhicheál Martin mar chuid den socrú rialtais, 2020, idir Fine Gael agus Fianna Fáil.[7][3]
Saol pearsanta[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Varadkar i mBaile Átha Cliath.
Ciallaíonn Varadkar ‘as Varad’, baile beag san India arbh as muintir athair an Taoisigh, Ashok Varadkar, ó thús.[8] Bhog Ashok go hÉirinn sna 1960idí.[9] Dochtúir is ea a athair, a d'oibrigh mar dhochtúir teaghlaigh i mBaile Bhlainséir.
Is Éireannach í a mháthair.[10]
D'fhreastail Varadkar ar Scoil Náisiúnta Naomh Proinsias Xavier agus ar Scoil Ospidéal an Rí, i mBaile Phámar. Rinne sé staidéar ar an leigheas i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, áit ar cháiligh sé mar dhochtúir leighis.
Is maith le Varadkar bheith ag faire ar rugbaí agus ar an bpeil ghaelach, is leantóir Bhaile Átha Cliath agus leantóir Laighean é.
Gaeilge[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhronn an Coimisinéir Teanga Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil ar Varadkar i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar 7 Meán Fómhair 2017.[12]
Roimh an bhliain 2017, chloígh Varadkar le ‘Leo Varadkar’ nuair a bhí gnó oifigiúil aige i nGaeilge. Ach ba é an sloinne "Leo de Varad" a roghnaigh sé le cur ar an teastas Gaeilge sa bhliain 2017.[11]
Gnéasacht[cuir in eagar | athraigh foinse]
I mí Eanáir 2015 d'fhógair Varadkar ar an gclár raidió Miriam on Sunday go bhfuil sé aerach. Theastaigh uaidh an méid sin a dhéanamh poiblí ionas nach gceapfaí go raibh clár folaithe oibre aige maidir leis an reifreann ar chomhionannas pósta ná ar cheisteanna eile. Dúirt sé gur duine an-phríobháideach é agus go leanfadh cúrsaí mar a bhí ón taobh sin de.
I mí na Nollag 2022, glacadh físeán de Varadkar i gclub oíche i mBaile Átha Cliath, ag pógadh fear.[13] Ar 11 Nollaig 2022, foilsíodh físeán den eachtra seo ar na meáin shóisialta. Cíoradh an scéal i gcuid de na meáin ina dhiaidh sin.[14][15]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ Chum Varadkar leagan nua dá shloinne, 'Leo de Varad', sa bhliain 2017 (2017). "Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Facebook (2017). "An lá a toghadh Leo Varadkar ina Thaoiseach" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 "Leo Varadkar ceaptha ina Thaoiseach den dara huair" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Lili Lonergan. "Varadkar controversy highlighted at global Web Summit" (en). www.leitrimobserver.ie. Dáta rochtana: 2023-10-22.
- ↑ "Paddy Cosgrave ‘ran toxic campaigns’ against Varadkar and the IDA" (en). Independent.ie (2021-11-07). Dáta rochtana: 2023-10-22.
- ↑ "Varadkar leak mentioned at opening of Web Summit" (en). BreakingNews.ie (2021-11-02). Dáta rochtana: 2023-10-23.
- ↑ Anita McSorley, Ferghal Blaney, Sophie Collins, Louise Burne (2022-12-17). "Live updates as Leo Varadkar becomes Taoiseach with largely unchanged Cabinet" (en). Irish Mirror. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ "Varad · Gujarat 394355, India" (en). Varad · Gujarat 394355, India. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ ELeathanach 266, 6 Meitheamh 2017
- ↑ "Ashok Varadkar" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ 11.0 11.1 Maitiú Ó Coimín (8 Meán Fómhair 2017). "Cén Ghaeilge atá ar Varadkar? Tá a leagan féin cumtha ag an Taoiseach…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2017-09-08). "Teastas sa Ghaeilge Ghairmiúil bronnta ar an Taoiseach" (as ga-IE).
- ↑ Zack NatioN (2022-12-15). "Watch Video Of Leo Varadkar Nightclub Footage Leaked Online" (en-GB). Zacknation - Ghanaian No. 1 Music Download Website. Dáta rochtana: 2022-12-17.
- ↑ Nuacht RTÉ (2022-12-12). ""Sárú príobháideachais atá san fhíseán den Tánaiste" - Taoiseach" (as ga-IE).
- ↑ Reddit (2022). "Varadkar kiss debate". Dáta rochtana: 2022.