Jump to content

Paschal Donohoe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaPaschal Donohoe

(2025) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Meán Fómhair 1974
51 bliana d'aois
Baile Phib, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
An tAire Airgeadais
23 Eanáir 2025 
 Jack Chambers
Teachta Dála
29 Samhain 2024 
Téarma parlaiminte: An 34ú Dáil


An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
17 Nollaig 2022 – 23 Eanáir 2025
 Michael McGrathJack Chambers 
Uachtarán an Ghrúpa Euro
13 Iúil 2020 – 18 Samhain 2025
 Mário CentenoKyriakos Pierrakakis 
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 – 8 Samhain 2024 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil


An tAire Airgeadais
14 Meitheamh 2017 – 17 Nollaig 2022
 Micheál Ó NuanáinMichael McGrath 
An tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe
6 Bealtaine 2016 – 27 Meitheamh 2020
 Breandán Ó hAmhláinMichael McGrath 
Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil


An tAire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt
11 Iúil 2014 – 6 Bealtaine 2016
 Leo VaradkarShane Ross 
An tAire Stáit um Ghnóthaí Eorpacha
12 Iúil 2013 – 11 Iúil 2014
 Lucinda CreightonDara Murphy 
Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Seanadóir na hÉireann
24 Iúil 2007 – 25 Feabhra 2011
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Toghcheantar: An Rolla Riaracháin
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaFine Gael Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaBéarla
Ghlac sé/sí páirt i
22 Eanáir 2019Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2019
23 Eanáir 2018Cruinniú Bliantúil an Fhóraim Eacnamaíoch Dhomhanda, 2018
IMF 2021 Annual Meetings (en) Aistrigh
IMF 2019 Annual Meetings (en) Aistrigh
IMF 2022 Annual Meetings (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinpaschaldonohoe.ie Cuir in eagar ar Wikidata

X: Paschald Cuir in eagar ar Wikidata

Is iar-pholaiteoir as Baile Átha Cliath é Paschal Donohoe (a rugadh ar an 19 Meán Fómhair 1974). Bhí sé ina bhall den pháirtí Fine Gael.

2012[1]
2019
2025

Gairm pholaitiúil

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Toghadh Donohue mar Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Láir sa bhliain 2011. 

Bhí Donohoe ina aire rialtais ó ceapadh ina aire iompair, turasóireachta agus spóirt é in 2014. Bhí sé ina aire airgeadais nó ina aire caiteachais phoiblí ó 2016 i leith, agus an dá phost sin á mbabhtáil idir Fine Gael agus Fianna Fáil. Ar an 23 Eanáir 2025, ceapadh Donohoe ina Aire Airgeadais aon uair amháin eile i Rialtas an 34ú Dáil.[2]

Ar an 13 Iúil 2020 ceapadh Donohue mar Uachtarán ar an Ghrúpa Euro, gradam a bhfuil ardmheas air i measc bhunaíocht na hEorpa.[3] Toghadh é an 9 Iúil 2020. Athcheapadh é sa bhliain 2022.

An Banc Domhanda

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 18 Samhain 2025, d’éirigh Donohoe as a phost sa rialtas mar Aire Airgeadais chun dul ag obair sa Bhanc Domhanda. D'éirigh sé as a ról mar chathaoirleach ghrúpa airí airgeadais an AE chomh maith.[4]

Beidh Donohoe ina Stiúrthóir Bainistíochta agus Príomhoifigeach Eolais sa Bhanc Domhanda, an dara post is sinsearaí atá ann. Cuireann an Banc Domhanda iasachtaí ar fáil do thíortha atá ag forbairt.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. William Murphy (2012-03-30). "Paschal Donohoe TD - Fine Gael's Ard Fheis".
  2. Nuacht RTÉ (23 Eanáir 2025). "Comhaireacht nua fógartha ag Micheál Martin" (ga-IE).
  3. Nuacht RTÉ (2022-11-24). "Paschal Donohoe athcheaptha mar uachtarán ar an Eoraghrúpa" (as ga).
  4. Nuacht RTÉ (18 Samhain 2025). "Paschal Donohoe éirithe as an Rialtas, post nua aige" (ga-IE).
  5. "Simon Harris an t-aire airgeadais nua, Helen McEntee ina haire gnóthaí eachtracha" (ga-IE). Tuairisc.ie (2025-11-18). Dáta rochtana: 2025-11-18.