Pearse Doherty

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Piaras Ó Dochartaigh)
Infotaula de personaPearse Doherty

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith6 Iúil 1977
46 bliana d'aois
Glaschú, Scotland Cuir in eagar ar Wikidata
Teachta Dála
8 Feabhra 2020 –
Téarma parlaiminte: 33ú Dáil

Toghcheantar: Dún na nGall

Teachta Dála
10 Márta 2016 – 14 Eanáir 2020 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 32ú Dáil

Toghcheantar: Dún na nGall

Teachta Dála
9 Márta 2011 – 3 Feabhra 2016 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 31ú Dáil


Teachta Dála
26 Samhain 2010 – 1 Feabhra 2011 (díscaoileadh na parlaiminte)
Téarma parlaiminte: 30ú Dáil


Seanadóir na hÉireann
23 Iúil 2007 – 26 Samhain 2010
Téarma parlaiminte: 23ú Seanad Éireann

Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síInstitiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Pobalscoil Ghaoth Dobhair Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmpolaiteoir Cuir in eagar ar Wikidata
Ball de pháirtí polaitíochtaSinn Féin Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsinnfein.ie… Cuir in eagar ar Wikidata
Twitter: PearseDoherty Cuir in eagar ar Wikidata

Polaiteoir Éireannach de chuid an pháirtí polaitíochta Éireannaigh Sinn Féin é Pearse Doherty (Gaeilge: Piaras Ó Dochartaigh, *6 Iúil 1977). Toghadh é chuig Seanad Éireann ar an Rolla Talmhaíochta i 2007. Ar 26 Samhain 2010 toghadh é chuig Dáil Éireann i bhfoth-thoghchán Dhún na nGall Thiar-Theas.[1] Rugadh Doherty i nGlaschú, in Albain agus tá sé ina chónaí i nGaoth Dobhair ó bhí sé 3 bliana d'aois. Is teicneoir innealtóireachta sibhialta [2] é agus tá sé ina bhall de Shinn Féin ó 1994. Bhí sé mar dhuine de bhunaitheoirí Ógra Shinn Féin. Is cainteoir líofa Gaeilge é.

Toghadh chun Dáil Éireann[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar an 12 Iúil 2010, mar gheall ar iarratais Uí Dochartaigh, chuir an Ard-Chúirt tús le hathbhreithniú breithiúnach ar chén fáth nach raibh fothoghchán á reáchtáil ag an rialtas. Chuir an tUasal Dohert an tAthbhreithniú Breithiúnach chun siúil i mBéarla, agus dá réir sin bhí na himeachtaí ina dhiaidh sin ar siúl i mBéarla amháin, agus an breithiúnas a sheachadadh i mBéarla amháin[3] . Deir alt 8 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 go bhfuil ".. sé de cheart ag an bpobal an Ghaeilge a úsáid in aon chúirt nó i ngnóthaí cúirteanna . " Is féidir gur chuir rogha teanga (Béarla) Uí Dhochartaigh sa chóras cúirte iontas agus nó fiú díomá ar dhaoine, ós rud é go bhfógraíonn sé (i mBéarla) go bhfuil sé ina ".. strong supporter of the Irish Language..".[4] Ar an 2 Samhain, 2010, rialaigh an Ard-Chúirt go raibh moill mhíréasúnta i reáchtáil an fhothoghcháin. In a rialú rinne Uachtarán na hArd-Chúirte, An Breitheamh Nicholas Kearns, cur síos ar an moill nach bhfacthas riamh roimhe, agus dúirt sé go raibh an mhoill ag déanamh sárú ar chearta bunreachtúla Uí Dochartaigh. Dhearbhaigh sé gur ceart Alt 30 (2) den Acht Toghcháin 1992 a fhorléiriú go bhfuil ar eascaire le haghaidh toghchán a rith laistigh d'am réasúnta ar an fholúntas a tharlóidh. Dúirt sé chomh maith.:

"... is é an teip leanúnach chun eascaire a bhogadh don fhothoghchán ó mhí an Mheithimh 2009, sárú ar théarmaí agus spiorad an Bhunreachta agus an ceart le haghaidh ionadaíochta daonlathaí."

Mar sin féin, ní raibh an Breithiúnach Kearns ag déanamh ordú ar an Rialtas dáta a shocrú le haghaidh na ballóide. D'fhógair an Rialtas ar an 4 Samhain 2010 go mbeadh an fothoghchán ar siúl ar an 25 Samhain. Dúirt an Rialtas chomh maith go mbeadh siad ag déanamh achomharc chuig An Chúirt Uachtarach. Ar an 26 Samhain, 2010 bhuaigh Uí Dochartaigh an fothoghchán agus d'éirigh leis a shuíochán Dála a choinneáil in Olltoghchán 2011.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2012-06-02. Dáta rochtana: 2010-11-26.
  2. http://saoloibre.ie/careers/detail.php?userid=none&token=%3F&sector_id=4&job_id=93
  3. "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2016-03-05. Dáta rochtana: 2011-02-25.
  4. http://www.sinnfein.ie/contents/14981 Leathanach Uí Dhochartaigh ar shuíomh gréasáin Shinn Féin