Jump to content

Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Map
CineálAcht den Oireachtas Cuir in eagar ar Wikidata
FógairtAn tOireachtas Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta foilsithe2003 Cuir in eagar ar Wikidata
Aisghaireann séPlace-Names (Irish Forms) Act, 1973 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Uimhir eagrán32 Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhábhardlí riaracháin
teanga oifigiúil Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Obair iomlán ar fáil ag URLirishstatutebook.ie… Cuir in eagar ar Wikidata


Is acht de chuid Oireachtas na hÉireann é Acht na dTeangacha Oifigiúla (English: The Official Languages Act 2003).

Síníodh Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina dhlí ar 14 Iúil 2003. Is é príomhaidhm an Achta a chinntiú go gcuirtear feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Déantar foráil san Acht do sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge ar thrí bhealach:

  • trí fhorálacha an Achta atá infheidhme maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht;
  • trí rialacháin a dhéanann an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá infheidhme freisin maidir le gach comhlacht poiblí faoin Acht; agus
  • trí scéimeanna teanga, a aontaítear le gach comhlacht poiblí ar leith agus a fhorálann do mhéadú de réir a chéile ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí a chuireann an comhlacht poiblí sin ar fáil trí Ghaeilge.

Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoin Acht sa bhliain 2004. Is iad príomhfheidhmeanna na hOifige sin monatóireacht a dhéanamh ar an gcaoi a bhfuil forálacha an Achta á gcomhlíonadh ag comhlachtaí poiblí, agus bearta riachtanacha a dhéanamh chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh comhlachtaí poiblí a ndualgais faoin Acht.[1][2]

Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Treisiú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá i gceist leis an reachtaíocht sa bhliain 2021. Cuireann sé go mór le caighdeán na seirbhísí phoiblí i nGaeilge atá ar fáil don phobal.[3]

Leagann an bille síos sa dlí gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030, príomhsprioc an bhille nua.[4][5]

Chomh maith leis sin, beidh ar sheirbhísigh phoiblí taobh istigh nó taobh amuigh den Ghaeltacht seirbhís i nGaeilge a chur ar fáil

Beidh ar an Stát ainmneacha Gaeilge a chlárú agus a litriú i gceart leis an síneadh fada agus caithfidh an Státseirbhís seirbhísí i nGaeilge a chur ar fáil do Mhuintir na Gaeilge.[6]

Féach Freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 -An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta
  2. Ról an Choimisinéara Teanga -An Coimisinéir Teanga
  3. "Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 sínithe ag Uachtarán na hÉireann" (ga). www.gov.ie. Dáta rochtana: 2022-01-12.
  4. "‘Lá stairiúil’ – bille teanga nua rite i dTithe an Oireachtais" (ga-IE). Tuairisc.ie (2021). Dáta rochtana: 2022-01-12.
  5. "Cad atá sa bhille teanga a ritheadh an tseachtain seo agus cad a tharlóidh anois?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-01-12.
  6. "18 Nollaig 2021 (Ciarraí) - Nuacht Mhall (podcast)" (en). Listen Notes. Dáta rochtana: 2022-01-12.