Gaoth Dobhair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Gaoth Dobhair
Léarscáil
RedDot.png
Ireland map County Donegal Magnified.png
Daonra (2002)
- Baile:
- Tuath:
 
1,065 
3,000
Airde: 52 m
Contae: Contae Dhún na nGall
Cúige: Ulaidh

Gaoth Dobhair (Gweedore i mBéarla): ceantar Gaeltachta i gContae Dhún na nGall, Éire. Anseo atá oifig réigiúnach sheirbhís Raidió na Gaeltachta, agus is é Gaoth Dobhair an paróiste Gaeltachta is mó in Éirinn (daonra 4,065). Is iad na príomhbhailte fearainn ná Croithlí, Dún Lúiche, An Bun Beag, Doirí Beaga agus Cnoc Fola. Tá Gaoth Dobhair faoi scáth na hEaragaile, an cnoc is airde i gContae Dhún na nGall.

Tá clú ar Ghaoth Dobhair mar go bhfuil an traidisiún Gaelach beo go fóill i measc na ndaoine aitiúla, idir sean-nósanna, ceol traidisiúnta, drámaíocht, cluichí Gaelacha agus an Ghaeilge. Meallann seo agus radharcra an cheantair cuid mhór turasóirí ó achan chearn den tír, go háirithe ó Thuaisceart Éireann.[1] Tá Gaoth Dobhair suite idir Na Rosann ó dheas agus Cloch Cheann Fhaola ó thuaidh, cuirtear na trí paróistí orthu agus cruthaíonn siad réigiún cultúrtha agus sóisialta ar leith, áit ina bhfuil Gaoth Dobhair mar phríomhcheantar do tionscal agus saol oíche.

Ainm[athraigh | edit source]

Radharc do Ghaoth Dobhair ón spéir.

An Gaoth an t-ainm atá ar ghóilín atá ag bun Abhainn Chroithlí atá ina theorainn idir Gaoth Dobhair agus na Rosa. Is seanfhocal é Dobhar fá choinne uisce. Inbhear uisciúil an chiall bhunúsach atá leis an ainm Gaoth Dobhair.[2]

Teanga[athraigh | edit source]

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na ndaoine sa pharóiste, ach tuigtear an Béarla freisin. Meallann an Ghaeilge na mílte turasóirí agus scoláirí gach bliain chuig na coláistí samhraidh, le tuigbheáil níos fearr a fháil ar an teanga. Faigheann páistí agus déagóirí na háite oideachas s'acu fríd mheán na Gaeilge, agus bíonn na seirbhísí reiligiúnacha agus an chuid is mé de na fógraí poiblí i nGaeilge. Ach, is cosúil go bhfuil meath ag teacht ar an Ghaeilge sa cheantar le cúpla bliain anuas.

Siocair go bhfuil an dá theanga ag muintir na háite, is minic a chuireann siad focail Bhéarla isteach sa Ghaeilge agus a mhalairt fosta. Dá bhrí sin tá stór focal neamhghnách forbartha ag muintir Ghaoth Dobhair. Tá siad ag tarraingt aird foclóirithe dá dheasca seo. Seo a leanas roinnt samplaí de na frásaí agus focail seo:

  • Bammy - 1. éalárnach; amaideach. 2. Ag léiriú feirge. [Athrú ar an fhocal Bhéarla - Barmy]
  • Shy (ball) - Úsáidtear seo in áit an téarma 'throw-in' i sacar [Foinse anaithnid.]
  • Big wow - Ag léiriú nach bhfuil rud éigin mórthaibhseach.(Is téarma searbhasach é.)

(Úsáidtear na téarmaí seo i nGlaschú. Chuaigh léar daoine as an cheantar seo go hAlbain blianta ó shin, agus tá cuid mhór nascanna idir an dá thír fós.)

  • áilte nó eáilte - Gaelú ar bhriathra Bhéarla: wreckáilte - tuirseach.

Stair an cheantair[athraigh | edit source]

Chuir Plandáil Uladh casadh ar stair an pharóiste sa bhliain 1609. B'éigean do dhaoine Ghaelacha talamh torthúil s'acu a fhágáil sa Lagáin agus imeacht go dtí iarthar Dhún na nGall, agus shroich cuid mhaith acu Gaoth Dobhair. Ag an am chéanna thosaigh lonnaitheoirí Sasanacha agus Albanacha a theacht, agus d'athraigh siad an talamh go barúntachtaí. De réir chosúlachta ní raibh mórán de dhaonra sa pharóiste suas go dtí an 17ú haois. Chónaigh na daoine ar na hoileáin agus ar imeall na farraige i ngráigeanna, thóg siad na tithe in aice a chéile i bpócaí beaga.

Ní raibh daonra mór ann suas go dtí an 19ú haois agus tuigtear go raibh caidreamh measartha maith idir na tionóntaí agus na tiarnaí talún. Tháinig laghdú mór ar chaighdeán an tsaoil le linn theacht na dtiarnaí talún úra san 19ú haois, go háirithe an Tiarna George Hill (1801-1879) agus a mhac Arthur. Threoraigh an sagart Seán Mac Pháidín muintir na háite agus iad ag troid leis na tiarnaí talún seo nuair a bunaíodh Conradh na Talún agus an Plean Feachtais. Ba é eachtra Marú an Mháirtínigh (An Cigire Dúiche William Martin) taobh amuigh de theach pobail Dhoirí Beaga buaicphointe Chogadh na Talún i nGaoth Dobhair.

Tá léar leabhar staire foilsithe faoi stair Ghaoth Dobhair. Ba í Cáit Nic Giolla Bhríde (nach maireann) duine de na staraithe ba chlúití sa cheantar.

Eacnamaíocht[athraigh | edit source]

Íomhá lánléargais do Ghaoth Dobhair ó Chnoc Fola.

Bunaíodh cuid mhór monarchana i nGaoth Dobhair sna 1970idí, 1980idí agus sna 1990idí, nuair a chuir coiste áitiúil brú ar na húdaráis gníomh dearfach a dhéanamh mar chomóradh ar Éirí Amach na Cásca. Ach dhruid an chuid is mó acu seo sa bhliain 2001 mar gheall ar tháirgíocht níos saoire in Oirthear na hEorpa, agus bhuail seo buille an-olc ar gheilleagar na háite agus na gceantar máguaird. Táthar ag táirgeadh bábóga phoircealláin i nGaoth Dobhair ó 1939 faoin ainm Bábógaí ChroichshlíCrolly Dolls. Cé nach bhfuil ionad uirbeach ar bith ann tá dlús daonra an-ard i nGaoth Dobhair le blianta fada, agus chuaigh daoine ar imirce shéasúrach go hAlbain ar feadh na mblianta. Le fás na tionsclaíochta agus na turasóireachta tógadh na céadta teach úr ar fud an cheantair, iad uilig spréite amach ar fud an pharóiste.

Athainmníodh an t-eastát tionsclaíoch go dtí Pháirc Ghnó Ghaoth Dobhair in 2003, agus chuir Údarás na Gaeltachta feachtas ar bun chun níos mó comhlachtaí a mhealladh go dtí an ceantar. D'éirigh go measartha leis an fheachtas seo. Sa cheantar anois tá roinnt ollmhargaí, siopaí áise, sciamheolaithe, gruagairí, conraitheoirí, garáistí, poitigéirí, tithe leanna, caiféanna, agus sé theach ósta.

Oideachas[athraigh | edit source]

An bóthar R257 a théann fríd Ghaoth Dobhair, le feiceáil anseo i nDoirí Beaga.

Tá cúig bhunscoil i nGaoth Dobhair, sna bailte fearainn seo a leanas: Doirí Beaga, An Bun Beag, Mín an Chladaigh, Dobhar agus An Luinneach. Is í Pobalscoil Ghaoth Dobhair an t-aon mheánscoil sa pharóiste. Bunaíodh í sa bhliain 1977 ar an Luinnigh, agus is é Noel Ó Gallchóir atá ina phríomhoide inti. Cuirtear an t-oideachas seo uilig ar fáil fríd mheán na Gaeilge agus déanann na mic léinn na scrúduithe stáit i nGaeilge. Sa bhliain 2004 d'oscail Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ionad Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge le hoideachas tríú leibhéal a chur ar fáil fríd mheán na Gaeilge do mhuintir na háite.[3]

Gnéithe fisiceacha[athraigh | edit source]

Tá Gaoth Dobhair cáiliúil mar gheall ar a áilleacht mara agus tíre. Is dócha gurb í an Earagail os cionn Loch Dhún Lúiche an ghné is so-aitheanta sa cheantar. Is é an sliabh is airde é i gContae Dhún na nGall. Thart ar Ghaoth Dobhair tá gleanntáin fhairsinge, ina measc tá Gleann Nimhe, Caisleán Ghleann Bheatha agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha, an pháirc náisiúnta is mó sa tír. Radharc suntasach eile i nGaoth Dobhair ná 'Bád Eddie', bád iascaigh a chuaigh ar ancaire i mbá Mhachaire Chlochair sna 1970idí agus atá ann go fóill.

Ar chósta Ghaoth Dobhair tá cuid mhór tráigheanna agus aillte le fáil, chomh maith le hoileáin cosúil le Toraigh agus Gabhla agus na caoráin atá forleathan timpeall na háite. Taobh le Gabhla tá na hoileáin Iomphainn, Inis Meán agus Inis Oirthear.

Iompar[athraigh | edit source]

D'oscail stáisiún traenach i nGaoth Dobhair ar 9 Márta 1903, dúnadh é mar sheirbhís do phaisinéirí ar 3 Meitheamh 1940, agus dúnadh é go hiomlán ar 6 Eanáir 1947. Tá roinnt cóistí a théann ó Ghaoth Dobhair go háiteanna ar nós Gaillimh, Béal Feirste agus Baile Átha Cliath ann freisin. Chuir Comhlacht Iarnród Loch tSúillí (Lough Swilly Railway Company) seirbhísí bhusanna ar fáil don cheantar ar feadh na blianta fada.

Spórt[athraigh | edit source]

Clubtheach CLG Ghaoth Dobhair, suite i Machaire Gathlán.

Tá tábhacht mhór ag spórt i saol an pharóiste, mar shampla peil Ghaelach, sacar, galf agus a leithéidí. Tá CLG Ghaoth Dobhair ann a thugann áiseanna peile Gaelaí ar fáil do dhaoine sa cheantar, agus tá na clubanna sacair Ceiltigh Ghaoth Dobhair, Gaoth Dobhair Aontaithe agus Ceiltigh Dhún Lúiche. Tá neart peileadóirí iomráiteacha sa cheantar ar nós Hugh Rua Gallagher, Niall Ó Gallchóir, Jack Phaddy Óig, Jim Mc Fadden, Kevin Cassidy, Antoin Carroll, Hiúdaí Beag Ó Gallchóir agus Hughie Tim Boyle. Is as Gaoth Dobhair máthair agus seanmháthair na peileadóirí Albanacha Pat Crerand agus Aiden McGeady.

Na healaíona[athraigh | edit source]

Teach tábhairne Hiúdaí Beag, An Bun Beag.

Tá aird an domhain tarraingthe ag ceoltóirí Ghaoth Dobhair ar an pharóiste. Cruthaíodh an grúpa ceoil Clannad sa bhliain 1970, agus ó shin tá breis agus 20 milliún ceirnín díolta acu. Thosaigh an grúpa Altan i nGaoth Dobhair fosta, agus tagann an príomhamhránaí Mairéad Ní Mhaonaigh ó Chois Claidí. Is dócha gurb í Eithne Ní Bhraonáin, nó Enya ab fhearr aithne uirthi, an ceoltóir is clúití ó Ghaoth Dobhair, thosaigh sí ar stáitse Amharclann Ghaoth Dobhair le linn a hóige agus anois tá níos mó ná 75 milliún ceirnín díolta aici. Tá clú agus cáil ar cheoltóirí eile on pharóiste, is iad Aoife Ní Fhearraigh, Brídín Brennan, Maria McCool, Gearóidín Breathnach, Na Casaidigh, Proinsias Ó Maonaigh, agus Seamus McGee. Bhí nasc mór ag Gaoth Dobhair leis an ghrúpa Skara Brae fosta. Tá dhá chór ghníomhacha sa pharóiste, Cór Mhuire Dhoirí Beaga (faoi stiúr Mháire 'Baba' Bn. Uí Bhroanáin agus Eibhlín Nic Suibhne) agus Cór Thaobh a' Leithid (faoi stiúr Doimnic Mac Giolla Bhríde). Tá albaim eisithe ag an dá dhream.

Bíonn Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy ar siúl gach bliain úr i nGaoth Dobhair in ómós don cheoltóir aithnidiúil Frankie Kennedy ó Bhéal Feirste ó dhúchas, a bhí pósta ar Mhairéad Ní Mhaonaigh go dtí go bhfuair sé bás le hailse in 1994.

Scríobh Phroinsias Ó Maonaigh an t-amhrán "Gleanntáin Ghlas' Ghaoth Dobhair", atá anois ina aintiún do mhuintir na háite sa bhaile agus i gcéin.

Tá traidisiún fada aisteoireachta sa phobal agus bhí an-cháil ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair agus ar Amharclann Ghaoth Dobhair ar feadh na mblianta.

Grianghraif[athraigh | edit source]

Daoine clúiteacha as Gaoth Dobhair[athraigh | edit source]

Logainmneacha i nGaoth Dobhair[athraigh | edit source]

  • Ard na gCeapairí
  • Baile an Droichid
  • Baile Láir
  • An Bun Beag
  • Bun an Leaca
  • Cnoc Fola
  • Cnoc an Stolaire
  • An Charraic
  • Carraig an tSeascain
'Bád Eddie' (Cara Na Mara) agus Gaoth Dobhair agus an Earagail sa chúlra.
  • Coitín An Choiteann
  • Croithshlí Croithlí
  • Doirí Beaga
  • Dobhar
  • Dún Lúiche
  • Glaiseach An Ghlaisigh
  • Glaise Chú Glais Dhobhar Chú
  • Gleann Tornáin
  • An Luinneach
  • Machaire Chlochair
  • Machaire Gathlán
  • Mín an Chladaigh
  • Mín na Cuinge
  • Mín an Iolair
  • Mín Doire Dhamh
  • An tArd Donn Na hAirde Donna
  • Srath na Corcra
  • Srath Máirtín

Oileáin[athraigh | edit source]

  • Inis Sionnaigh
  • Gabhla
  • Inis Meáin
  • Inis Oirthir

Féach freisin[athraigh | edit source]

Tagairtí[athraigh | edit source]

Léitheoireacht[athraigh | edit source]

Scéal Ghaoth Dobhair, Seán 'ac Fhionnlaoich (FNT, 1983)

Naisc[athraigh | edit source]