Jump to content

Moya Brennan

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaMoya Brennan

(2011) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(ga) Máire Philomena Ní Bhraonáin Cuir in eagar ar Wikidata
4 Lúnasa 1952
Gaoth Dobhair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás13 Aibreán 2026
73 bliana d'aois
Gaoth Dobhair, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Áit adhlacthaMagheragallon Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síCeol-Acadamh Ríoga na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmamhránaí, cumadóir, giotáraí, léiritheoir ceirníní, daonchara, cumadóir amhrán, cláirseoir, ceoltóir Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1970 –  2026
Ball de
SeánraCeol na hAoise Nua
TeangachaBéarla agus an Ghaeilge
Cineál guthaContralt

UirlisCláirseach, ceol gutha agus pianó
Lipéad ceoilBertelsmann Music Group
Atlantic Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéilePat Farrell (en) Aistrigh (1985–luach anaithnid), colscaradh
Tim Jarvis (1990–2026), bás an duine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteAisling Jarvis
 ( Tim Jarvis)
Paul Jarvis (en) Aistrigh
 ( Tim Jarvis) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairLeo Ó Braonáin
SiblínCiarán Brennan, Pól Ó Braonáin, Leon Brennan (en) Aistrigh, Enya agus Brídín Ní Bhraonáin
Gradam a fuarthas
Ainmnithe do

Suíomh gréasáinmoyabrennan.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm1198998 Rottentomatoes: celebrity/moya_brennan TMDB.org: 19042
Facebook: MoyaBrennanOfficial X: moyaclannad Instagram: moyabrennan Youtube: UCrCFjMlvTeX9lJU7tB65QFg Bandcamp: moyabrennan Spotify: 3ZvmmlF8EMEpnnK90jfuJv Apple Music: 78085 Last fm: Máire+Brennan Musicbrainz: 51823891-6035-4d6c-a007-b70a86747023 Songkick: 159491 Discogs: 10932 Allmusic: mn0000226154 Find a Grave: 296719003 Deezer: 64358 Cuir in eagar ar Wikidata

Sárcheoltóir agus amhránaí as Gaeltacht Dhún na nGall ba ea Máire Ní Bhraonáin nó Moya[1] Brennan, a bhain cáil dhomhanda amach mar chuid den bhanna ceoil Clannad í. Saolaíodh í ar an 4 Lúnasa 1952 i nGaoth Dobhair, Dún na nGall. Fuair sí bás ar 13 Aibreán 2026.[2] Bhí glór agus stíl ar leith ag Moya, chomh maith le bua na cumadóireachta agus máistreacht uirlisí, a bhain clú agus cáil amach di ar fud na cruinne. “The First Lady of Celtic Music" a thugtaí uirthi.[3][4][5][6][7]

An dara albam a d'eisigh Clannad, Clannad 2, 1974.[8] Maire i lár & Noel Duggan (ar chlé), Ciarán Ó Braonáin, Pól Ó Braonáin & Pádraig Ó Dúgáin (ar dheis)
Clannad ar stáitse, Leeds Folk Festival, 1982
Berklee Performance Center,14 Samhjain 1988.
Máire le Bono, Bob Geldof agus Chris de Burgh ag SelfAid. 1990
2005 ag Leo's Tavern
2006
2013
Bhronn Ollscoil Chathair BhÁC Dochtúireacht Oinigh uirthi in 2022[9]

Ba í Máire an duine ba shine de naonúr clainne. Ó bhí Mháire ina girseach bheag bhí sí ag gabháil cheoil sa bhaile lena máthair Máire Ní Dhúgáin, níos moille i hallaí damhsa agus i dteach tábhairne a hathar, Leo Brennan, agus i ngeamaireachtaí áitiúla I nGaoth Dobhair.

As an meascán ceoil a bhí sa bhaile a tháinig an nuáil go léir a bhain le ceol Chlannad ar dtús. Bhí showband Leo, An Sliabh Foy, i dteach amháin agus béal dorais, bhí Aodh Ó Dubhgáin a hathair mór, an máistir agus an múinteoir, a thug oiliúint do Mháire agus don chuid eile i bhfilíocht agus i gceol dúchais na Gaeilge. Bhí an nua agus an sean leo ón tús mar sin agus le himeacht aimsire dheamhan faitíos a bhí orthu iad a mheascadh le chéile ar bhealaí úra, tarraingteacha.[6]

Bhí sí meallta ag na glórthaí a leithéidí Joni Mitchell agus na Beach Boys, sular bheartaigh sí fhéin ar aistear diamhrach ag baint úsáid as stair saibhir agus ceol fonnmhar Ceilteach óna dúchas.

Bhain Máire Ní Bhraonáin cáil amach ar an chéad dul síos mar phríomhamhránaí agus mar chláirseoir leis an ghrúpa Clannad. Bunaíodh Clannad in 1970 agus thosaigh siad amach ag seinm i dTábhairne Leo, an teach tábhairne cáiliúil a bhí ag athair mhuintir Uí Bhraonáin, Leo Ó Braonáin.

Chuir sí féin, a deirfiúr Eithne (Enya) agus a deartháireacha na milliúin faoi gheasa lena leaganacha nua-aimseartha ar cheoltaí Gaeilge sular thug siad faoin stáitse idirnáisiúnta agus faoi amhráin Bhéarla. Aithnítear Clannad ar an gcéad mhórghrúpa ceoil a chuir an Ghaeilge i lár an aonaigh.[7]

D’éirigh go maith ó thús leis an mbanna agus a gceol sainiúil, ar mheascán é den cheol traidisiúnta agus stíleanna eile ceoil. Ba é a n-amhrán Gaeilge féin a thaifead siad faoi choinne na sraithe teilifíse Harry's Game i 1982 a chuir in aithne iad don saol mór taobh amuigh d'Éirinn.

Bhí os cionn 15 milliún albam díolta ag Clannad agus an t-iliomad duaiseanna buaite acu, ina measc duais Grammy (1999), duais BAFTA (1984) agus duais Ivor Novello (1982).

Níos déanaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sna 1980idí agus níos déanaí, thaifead Máire ceol i gcuideachta roinnt de mhóroirfidigh a linne, leithéidí Bono agus Shane MacGowan.[10]

25 albam san iomlán a thaifead sí – le Clannad agus ina haonar – agus díoladh 20 milliún acu.[5]

I mBliain na Mílaoise, cheol sí a hamhrán Perfect Time ar Lá Domhanda na hÓige sa Róimh os comhair an Phápa Eoin Pól II agus dhá mhilliún oilithreach.

Tá a guth le cluinstin fosta ar scannáin mhóra mar Titanic, King Arthur agus To End All Wars.

Ó 2007, sheinn Moya sa ghrúpa ban T with the Maggies le Mairéad Ní Mhaonaigh agus Maighréad agus Tríona NÍ Dhomhnaill. Ó 2013 d'fhill sí ar cheol na cláirsí le buíon úr traidisiúnta.

Ba mhinic a bhronn Moya a bua féin ceoil in aisce ar lucht cúise agus ar chumainn charthanachta a bhí gar dá croí, teaghlaigh thubaiste an Chraoslaigh ina contae féin ina measc.[11][12][5]

Thosaigh sí Clubeo i dTábhairne Leo in 2013, le hardán a thabhairt do cheoltóirí óga a bhí ag teacht chun tosaigh agus a raibh gealladh fúthu.[6]

Tar éis leathchéad bliain, chas Máire agus Clannad an phoirt deiridh in Éirinn ar an 17 Feabhra 2023.[13]

Bás agus oidhreacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí tinneas scamhóige ag dul di le tamall de bhlianta. Cé go raibh Máire tinn le fada agus go raibh súil lena bás luath nó mall, cheol sí amhrán ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair i mí na Nollag 2024, d’ainneoin an tinnis.[6]

Bhásaigh Máire ar 13 Aibreán 2026 ina teach cónaithe. Bhí sí 73 bliain d’aois. Fágann sí a céile Tim Jarvis, mac Paul agus iníon Aisling chomh maith lena máthair, a deartháireacha, a deirfiúracha, daoine muinteartha agus cairde.[7]

Thuill sé gradaim agus duaiseanna go leor di féin agus dá comhcheoltóirí i gClannad. Bhí péire a sheas amach di as measc an iomláin, dar léi féin, An Chéad Duais ag Féile Cheoil Tíre Leitir Ceanainn i 1973 i dtús a ré, agus Gradam Phearsa Dhún na nGall in 2023. Bhain an dá dhuais sin lena contae agus lena dúchas féin agus ba mhór a meas orthu dá réir sin.[6]

An bhliain dar gcionn, in 2024, bhronn Comhairle Contae Dhún na nGall saoirse an chontae uirthi féin agus ar Chlannad as a raibh déanta acu ar son an cheoil agus na Gaeilge.[5][14] Ainmníodh do dhá ghradam Grammy í agus bhuaigh sí Gradam Emmy mar chuid den fhoireann a raibh baint acu leis an gclár faisnéise Music in Ireland faoi cheol na hÉireann.[9]

Bhí Moya i gcónaí dírithe go dian ar a cuid oibre a rith a haistear éagsúil trí hallaí scoile, clubanna ceoil traidisiúnta, féilte, dioscóanna, tithe pobail agus na hallaí ceolchoirmeacha is cáiliúla sa domhain. Ba í lasair shí leanúnach, líofa Mháire lena cláirseach, lena glór binn agus go deimhin lena teacht i láthair, a mheall tír agus talamh ina dtreo. Guth fódúil ach guth aerga a bhí ag Máire agus chuir sí an chluain chaoin ar chách leis.[6]


Téann áilleacht a ceol agus cumhacht a fuaimeanna go smior san éisteoir.

"Imeoidh soir is siar, a dtáinig ariamh, an ghealach is an ghrian ... ",

cuid suntais na liricí sin agus guth draíochtúil Mháire in éineacht.

  • Máire, (1992)
  • Misty Eyed Adventures, (1994)
  • Perfect Time, (1998)
  • Whisper To The Wild Water, (1999)
  • New Irish Hymns, (2002) (le Joanne Hogg agus Margaret Becker)
  • Two Horizons, (2003)
  • Óró - A Live Session, (2005)
  • An Irish Christmas, (2005)
  • Signature, (2006)
  • Heartstrings, (2008)
  • Canvas, (2017)

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ↑ moyabrennan.com (2002). "[web.archive.org/web/20080516110341/http://www.moyabrennan.com/gaeilge/ Fiafraíonn go leor agaibh cad chuige ar athraíodh m'ainm ó Mháire go Moya. Freagair simplí: Tar éis blianta ag ceartá an fhuaim agus an litriú arís agus arís eile, shocraigh mé go mbeadh sé níos simplí dá nglacfar le litriú coitianta amháin.]". Dáta rochtana: 2026.
  2. ↑ "Death Notice of Moya Brennan (Jarvis) (Gweedore, Donegal) | rip.ie" (en). rip.ie. Dáta rochtana: 2026-04-16.
  3. ↑ Raidió na Gaeltachta (2026-04-14). "Barrscéalta, clár iomlán," (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-04-14.
  4. ↑ RnaG / Adhmhaidin (2026-04-14). "Maighréad Ní Dhomhnaill, amhránaí." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-04-14.
  5. 1 2 3 4 Ailbhe Ó Monacháin / Nuacht RTÉ (2026-04-14). "An t-amhránaí mór le rá Moya Brennan tar éis bháis" (as ga).
  6. 1 2 3 4 5 6 Lillis Ó Laoire (16 Aibreán 2026). "MÁIRE NÍ BHRAONÁIN 1952-2026: Chuaigh a síodúlacht mhaorga uasal i gcion ar na mílte…" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-16.
  7. 1 2 3 Maitiú Ó Coimín (14 Aibreán 2026). "‘Bhí glór aingil aici’ – aos ceoil na hÉireann croíbhriste i ndiaidh bhás Mháire Ní Bhraonáin" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-14.
  8. ↑ "Clannad 2" (as en) (2026-04-15). Wikipedia.
  9. 1 2 "Dochtúireacht Oinigh bronnta ar amhránaí agus ceoltóir Gaeltachta" (ga-IE). Tuairisc.ie (2022-05-27). Dáta rochtana: 2026-04-14.
  10. ↑ RTÉ Archives (1990). "Máire Ní Bhraonáin ar an Late Late" (en-IE). Dáta rochtana: 2026-04-14.
  11. ↑ "Sparánacht ‘Clannad’ bronnta ar scannánóir as Gaeltacht Dhún na nGall" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-08-14). Dáta rochtana: 2026-04-14.
  12. ↑ RnaG (2013-06-21). "Máire Ní Bhraonáin, a mac Paul agus Cormac de Barra" (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2026-04-14.
  13. ↑ "GAILEARAÍ: Céad slán le Clannad a thug an ceol Gaelach ar fud an domhain mhóir" (ga-IE). Tuairisc.ie (2023-02-24). Dáta rochtana: 2026-04-14.
  14. ↑ Dionne Meehan (2024-05-16). "Clannad to receive Freedom of Donegal at council reception" (en-US). Donegal News. Dáta rochtana: 2026-04-16.